Committee Reports::Interim Report - Statutory Instruments::21 July, 1971::Report

TUARASCÁIL

1. Is é dearcadh an Choiste go bhfuil sé de dhualgas air a chur in iúl don Seanad, toisc gur cuireadh obair eile mar chúram ar an bhfoireann a bhí ag fónamh don Choiste:


(1) nár críochnaíodh an Tuarascáil a bheadh á thabhairt ar ionstraimí reachtúla a tíolacadh anuas go mí na Nollag, 1970; agus (2) nach ndearnadh mionscrúdú Parlaiminteach ar aon ionstraim reachtúil a tíolacadh ó bhí an cruinniú deiridh den Choiste ann an 10 Feabhra, 1971.


2. Toisc go bhfacthas don Choiste nach raibh sna deacrachtaí foirne ach deacrachtaí sealadacha agus ó ba léir leo go raibh dálaí speisialta ag baint le cúrsaí níor mhian leis an gCoiste cur leis na deacrachtaí sin. Mar gheall, áfach, ar an tsaoire fhada a bheith ag teacht agus gan aon chosúlacht ann go n-athchromfaí ar obair an Choiste, cuireadh uiríolla láidre isteach.


3. Is féidir leis an gCoiste a chur in iúl anois don Seanad go bhfuil foireann faighte ar ais acu agus go bhfuil geallúint chinnte acu go mbeidh foireann acu go buan agus go dtabharfar Tuarascáil go luath.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


21 Iúil, 1971.