Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::29 April, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Aibreán, 1970.

Wednesday, 29th April, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí De Búrca agus Mac Giolla Dhuinn.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 14 agus an 28 Eanáir, 1970, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nadh gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhiriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (An Róidéis Theas) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 106 de 1969].


An tOrdú um Pinsin an Gharda Siochána [I.R. Uimh. 136 de 1969].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1969 [I.R. Uimh. 214 de 1969].


Na Rialacháin um Blianachtaí Saoil (Talamh a Dhíol le Coimisiún na Talún) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 67 de 1969].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofaraird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhorais (i) agus (ii) den Rún Tagartha:—


An tOrdú um Thumadh Caorach (Dipeanna a Thástáil) (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 245 de 1969].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (ii) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Lacáistí agus Íocaíochtaí Seachtainiúla) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 134 de 1969].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na ceithre ionstraim reachtúil is daichead a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Arm-Phinsean (Méadú), 1969 [I.R. Uimh. 191 de 1969].


Na Rialacháin Arm-Phinsean (Méadú) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 236 de 1969].


An tOrdú Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1969 [I.R. Uimh. 241 de 1969].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Dumpáil agus Fóirdheontais) (Dleacht Shealadach ar Phinn Luaidhe), 1970 [I.R. Uimh. 48 de 1970].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1970 [I.R. Uimh. 56 de 1970].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 140 de 1969].


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1970 [I.R. Uimh. 15 de 1970].


An tOrdú um Fhruiliú, 1970. [I.R. Uimh. 16 de 1970].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Corrthoghcháin chun Dáil Éireann), 1970 [I.R. Uimh. 270 de 1970].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar Saor ó Ghalar) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 29 de 1970].


An tOrdú um Chúnamh Phoiblí (Rialacháin Choisbhirt) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 9 de 1970].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1970 [I.R. Uimh. 58 de 1970].


Na Rialacháin um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Tobhach) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 20 de 1970].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1970 [I.R. Uimh. 18 de 1970].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1970 [I.R. Uimh. 17 de 1970].


Na Rialacháin um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Tobhach) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 19 de 1970].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1970 [I.R. Uimh. 32 de 1970].


Na Rialacháin um an Acht Talún, 1965 (Earnáil Bhreise de Dhaoine Cáilithe), 1970 [I.R. Uimh. 40 de 1970].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte) (Tíortha Coinbhinsiúin), 1970.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1969.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1970.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta) 1970.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


—Pá agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh). R.Ó.É.S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 4.


—Araíonacht, R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 37.


An tOrdú um Lárionad Chuan Iascaigh (Baile Chaisleáin Bhéarra), 1970. [I.R. Uimh. 57 de 1970].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 34 de 1969].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 63 de 1969].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 3), 1969 [I.R. Uimh. 144 de 1969].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 4), 1969 [I.R. Uimh. 215 de 1969].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 5), 1969 [I.R. Uimh. 247 de 1969].


Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Rátal) (Tráthchodanna), 1970 [I.R. Uimh. 34 de 1970].


Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Rátaí) (Tarscaoileadh), 1970 [I.R. Uimh. 41 de 1970].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Údaráis Tithíochta (Ranniocaí agus Bainistí Muirear Iasachtaí), 1967 (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 42 de 1970].


Ordú Bhord na Móna (Tarscaoileadh Úis), 1970 [I.R. Uimh. 53 de 1970].


Rialacháin an Gharda Síochána (Ardú Céime) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 43 de 1970].


Na Rialacháin Sláinte (Cioclamáit i mBia), 1970 [I.R. Uimh. 49 de 1970].


Na Rialacháin Sláinte (Samplóireacht Bhia), 1970 [I.R. Uimh. 50 de 1970].


Na Rialacháin um na Post Office Savings Bank Regulations, 1921 (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 57 de 1969].


An tOrdú fán Ordú um Banc Taisce an Phoist (Teorainn le Taiscí), 1961 (Cúlghairm), 1969 [I.R. Uimh. 62 de 1969].


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Cuid II) (Uimh. 6), 1970.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Mianaigh (Bainisteoirí agus Oifigigh), 1970 [I.R. Uimh. 74 de 1970].


Na Rialacháin um Mianaigh agus Cairéil (Fógra i dtaobh Tionóiscí), 1970 [I.R. Uimh. 77 de 1970].


An tOrdú fán Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 (Tosach Feidhme), 1970, [I.R. Uimh. 24 de 1970].


An tOrdú fán Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 63 de 1970].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.