Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::14 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 14 Eanáir, 1970.

Wednesday, 14th January, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste at 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí De Búrca, Ó Ceallaigh, Mac Giolla Gunna, Ó Maoil Eoin, Nic Eoghain, agus Mac Síthigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 5 Márta, 16 Aibreán agus 11 Meitheamh, 1969, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Fhruiliú, 1968 [I.R. Uimh. 224 de 1968].


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1968 [I.R. Uimh. 225 de 1968].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Shligigh) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 52 de 1969].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Cheanannus Mór (Teorainn a Athrú), 1969 [I.R. Uimh. 51 de 1969].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Mhuineacháin (Teorainn a Athrú), 1969 [I.R. Uimh. 50 de 1969].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird spéisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (ii) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin Iomarcaíochta (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 26 de 1969].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na rialacháin um Bainc Thaisce Iontaobhais (Ús ar Thaiscí i gCuntas Speisialta), 1969 [I.R. Uimh. 15 de 1969].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iv) den Rún Tagartha:—


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Teicstíleacha), 1968 [I.R. Uimh. 278 de 1968].


(v) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn Dlí agus Cirt meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Chinsireacht Scannán (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 72 de 1969].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.