Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::22 July, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22 Iúil, 1970.

Wednesday, 22nd July, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí De Búrca, Mac Giolla Dhuinn agus Nic Eoghain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 28 Eanáir agus an 29 Aibreán, 1970, a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimi seo a leanas:—


An tOrdú fán Act um Fhorbairt Tionscail, 1969 (Tosach Feidhme), 1970 [I.R. Uimh. 24 de 1970].


An tOrdú fán Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 63 de 1970].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na h-ionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú) (Uimh. 3), 1969 [I.R. Uimh. 127 de 1969].


Na Rialacháin um Mianaigh (Bainisteoirí agus Oifigigh), 1970 [I.R. Uimh. 74 de 1970].


Na Rialacháin um Mianaigh agus Cairéil (Fógra i dtaobh Tionóiscí), 1970 [I.R. Uimh. 77 de 1970].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na cúig ionstraim reachtúil is daichead a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 108 de 1970].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 94 de 1970].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe (Leasú Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 107 de 1970].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Teicstíleacha) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 97 de 1970].


An tOrdú Tobhaigh Oiliúna Tionscail (An Tionscal Teisctileacha), 1970 [I.R. Uimh. 131 de 1970].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 138 de 1970].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 128 de 1970].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Cheatharlach), 1970 [I.R. Uimh. 142 de 1970].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh) (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 136 de 1970].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Gluaiseacht a Rialú), 1970 [I.R. Uimh. 135 de 1970].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéir atá le Glanadh a Dhearbhú), 1970 [I.R. Uimh. 134 de 1970].


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Aimfeitimín a Rialú) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 137 de 1970].


Na Rialacháin Sláinte (Seilbh ar Shubstaintí Rialaithe), 1970 [I.R. Uimh. 99 de 1970].


An tOrdú Rialtas Áitiúil (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1970 [I.R. Uimh. 109 de 1970].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 183 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Fo-fhostaíochtaí) 1970 [I.R. Uimh. 26 de 1970].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 192 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 237 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Sean-Aoise) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 238 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 240 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 257 de 1969].


An tOrdú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhairiú), 1970 [I.R. Uimh. 153 de 1970].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (an Róidéis Theas), 1970 [I.R. Uimh. 140 de 1970].


Na Rialacháin fán Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 (Deimhnithe Breithe), 1970 [I.R. Uimh. 110 de 1970].


Na Rialacháin chun Truailliú Atmasféir a Rialú, 1970 [I.R. Uimh. 156 de 1970].


Na Rialacháin Mhonaíochta (Toisí agus Dearthaí), 1969 [I.R. Uimh. 160 de 1970].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 143 de 1970].


An tOrdú Cruithneachta, 1969 [I.R. Uimh. 162 de 1969].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Praghsanna Íosta ar Bhainne) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 67 de 1970].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta ar Bhainne) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 66 de 1970].


An tOrdú Staidrimh (Staidreamh Trádála (Aerfort Neamhchustam na Sionna)), 1970 [I.R. Uimh. 68 de 1970].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1969 [I.R. Uimh. 101 de 1969].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:— —Araíonacht, R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 38.


—Pá agus Liúntas (Na Buan-Óglaigh). R.Ó.É. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 7.


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 3), 1969 [I.R. Uimh. 144 de 1969].


An tOrdú i dtaobh Iomportáil Madraí agus Cat (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 65 de 1970].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar Saor ó Ghalar) (Leasú) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 82 de 1970].


An tOrdú um an Scairbh Ilchríochach (Limistéir Ainmnithe), 1970 [I.R. Uimh. 96 de 1970].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Clódóireachta agus Páipéir), 1970 [I.R. Uimh. 21 de 1970].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 101 de 1970].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:


Na Rialacháin Mhargaithe Olla (Táille Chlárúcháin agus Caighdeáin i leith Áitreabh, Gléasra agus Innealra), 1970 [I.R. Uimh. 85 de 1970].


An tOrdú Trátaí (Onnmhairiú a Rialú), 1970 [I.R. Uimh. 127 de 1970].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 1 de 1970.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 2 de 1970.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 3 de 1970.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.15 p.m.