Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::15 December, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt, 15 Nollaig, 1970.

Tuesday, 15th December, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 8 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Gearóid, Mac Giolla Dhuinn agus Nic Eoghain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Ordú an 22 Iúil, 1970, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Mhargaithe Olla (Táille Chlárúcháin agus Caighdeáin i leith Áitreabh, Gléasra agus Innealra), 1970 [I.R. Uimh. 85 de 1970].


An tOrdú Trátaí (Onnmhairiú a Rialú), 1970 [I.R. Uimh. 127 de 1970].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoiméad), Uimh. 1 de 1970.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 2 de 1970.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 3 de 1970.


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na cúig ionstraim déag reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le Díol Ball Éadaigh Seachtrach a Allmhairítear d’Fhir agus do Bhuachaillí), 1970 [I.R. Uimh. 262 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Cúplán Pluiméirí Práscheárta agus Comhbhrúite), 1970 [S.I. No. 263 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Ball Éadaigh Seachtrach d’Fhir agus do Bhuachaillí), 1970 [I.R. Uimh. 264 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Citeal Leictreach agus Soithí Cuasacha), 1970 [I.R. Uimh. 282 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le Díol Góiséireachta Allmhairithe), 1970 [I.R. Uimh. 283 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Góiséireachta), 1970 [I.R. Uimh. 284 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Cruan-Ghréithe Gloinithe), 1970 [I.R. Uimh. 257 de 1970].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le Díol Brioscaí), 1970 [I.R. Uimh. 258 de 1970].


Barántas Leasaithe an Phoist Choigriche (Uimh. 11), 1970 [I.R. Uimh. 205 de 1970].


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 16), 1970 [I.R. Uimh. 204 de 1970].


An Barántas Leasaithe Teileagraf, (Teileagraim Scríofa Intíre) (Leasú) (Uimh. 11), 1970 [I.R. Uimh. 212 de 1970].


An tOrdú i dtaobh Iomportáil Madra agus Cat (Leasú) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 203 de 1970].


An tOrdú i dtaobh Iomportáil Madra agus Cat (Leasú) (Uimh. 3), 1970 [I.R. Uimh. 280 de 1970].


An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1970 (Cúlghairm) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 177 de 1970].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta) (Uimh. 2), 1970 [I.R. Uimh. 178 de 1970].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8.40 p.m.