Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::20 February, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 20 Feabhra, 1969.

Thursday, 20th February, 1969.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Ó Cruadhlaoich, MacGiolla Amhlaigh, Ó hÉaluighthe, Ó Maoldhia agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1967-68.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1967-68. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Poist agus Telegrafa agus Rialtas Áitiúil.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. MacCanna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. Ó Scanaill (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), M. Laighléis (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), S. de Faoite, S. Ó Faoláin agus M. Ó Raghallaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 6 Márta.