Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::06 March, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 6 Márta, 1969.

Thursday, 6th March, 1969.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí MacAindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó Cruadhlaoich, MacGiolla Amhlaigh agus Ó hÉaluighthe.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1967-68.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1967-68. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún, agus Clárlann na nGníomhas, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair agus Ollscoileanna agus Coláistí agus Institúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. MacGearailt (Rúnaí, An Roinn Oideachais), P. MacGuill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.