Committee Reports::Report - Presentation of the Estimates for Public Services::20 March, 1968::Report

TUARASCÁIL

1. Rinne an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí breithniú i dtaobh an dáta is déanaí chun na gnáth-Mheastacháin bhliantúla i gcóir na Seirbhísí Poiblí a thíolacadh don Dáil.


2. Foráiltear le Buan-Ordú 121 go ndéanfar na gnáth-Mheastacháin bhliantúla i gcóir na Seirbhísí Poiblí a thíolacadh agus a scaipeadh ar na Comhaltaí ceithre lá dhéag ar a laghad sula mbreithneofar iad, agus ar dháta nach déanaí ná an chéad lá d’Aibreán. Bhí an fhoráil sin riachtanach nuair a bhíodh ar an Teach aontú le Vóta i gCuntas agus nuair a bhíodh Bille Príomh-Chiste le hachtú roimh an l Aibreán gach bliain. Ó ritheadh an tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965, níl riachtanas le Vóta i gCuntas ná le hAcht Príomh-Chiste in aghaidh na bliana.


3. Mar gheall ar an athrú sin a theacht ar chúrsaí, measann an Coiste gur cheart a fhoráil go ndéanfaí na Meastacháin bhliantúla a thíolacadh don Dáil roimh bhreithniú na Rún Airgeadais agus ar dháta nach déanaí ná an 30 Aibreán. Dá réir sin molann an Coiste don Dáil go leasófaí Buan-Ordú 121 trí na focail “ceithre lá dhéag ar a laghad sula mbreithneofar iad, agus ar dháta nach déanaí ná an chéad” a scriosadh agus na focail “seacht lá ar a laghad sula mbreithneofar na gnáthrúin bhliantúla lena bhforchuirtear cánachas, agus ar dháta nach déanaí ná an tríochadú” a chur ina n-ionad.


(Sínithe) CORMAC UA BREISLEÁIN,


Cathaoirleach.


20 Márta, 1968.