Committee Reports::Report - Procedure and Privileges on the matter of a Members' Fund::17 July, 1949::Report

SEANAD ÉIREANN.

AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

TUARASCAIL AR CHISTE NA gCOMHALTAI.

1. Tá ag gabháil leis an Tuarascáil seo Tuarascáil ón gComh-Fhochoiste a bhunaigh na Coistí um Nós Imeachta agus Pribhléidí den dá Thigh chun ceist Ciste Comhaltaí a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt ina thaobh. Instear sa Tuarascáil sin tosca ceaptha an Chomh-Fhochoiste sin.


2. Ag an gcruinniú a bhí acu Dé Céadaoin, an 13ú Iúil, 1949, ghlac an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí le Tuarascáil an Chomh-Fhochoiste agus molaid don tSeanad glacadh léi.


(Sínithe)


TADHG O DONNABHAIN,


Cathaoirleach.


13ú Iúil, 1949.


AN COMH-FHOCHOISTE DE CHOISTI UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI DHAIL EIREANN AGUS SEANAD EIREANN.

TUARASCAIL AR CHISTE NA gCOMHALTAI

1. D’aontaigh Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí na Dála, ag an gcruinniú a bhí acu an 17ú Meitheamh, 1948, go mb’inmholta Ciste reachtúil a bhunú chun fóirithin ar ath-Chomhaltaí nó ar an gcuid dá mbaintreacha nó dá ndílleachtaithe a bheadh i ndíth, agus cheapadar Fo-Choiste, ar a raibh an Teachta O hAilleadáin, an Teachta O Cinnéide, an Teachta C. O Liatháin agus an Teachta Mac Meanman agus an Leas-Cheann Comhairle ina Chathaoirleach, chun breithniú níos miona a dhéanamh ar scéim do Chiste den tsórt sin. (Cuireadh an Teachta O Tiománaidhe ina dhiaidh sin in áit an Teachta O Liatháin ar iarratas an Teachta O Liatháin.) Fiafraíodh den tSeanad ar mhaith leo páirt a ghlacadh i mbunú an Chiste agus d’aontaigh Coiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí an tSeanaid, ag an gcruinniú a bhí acu an 24ú Meitheamh, 1948, le prionsabal an Chiste a bhunú agus d’ainmníodar an Seanadóir O hAodha, an Seanadóir O hEachthigheirn, agus an Seanadóir O Dubhthaigh chun dul isteach le Fo-Choiste na Dála do bhreithniú foirmiú na scéime.


2. Bhí cruinnithe ó am go ham ag an gComh-Fhochoiste, agus nuair bhí tograí triaileaca áirithe foirmithe acu d’iarradar ar an Aire Airgeadais cabhair a Roinne a thabhairt dóibh le comhairle a thabhairt maidir leis na teagmhais airgeadais a bhainfeadh leis na tograí. Ghéill an tAire don iarratas sin agus d’ainmnigh sé Mac Uí Annaidh agus Eoin Mac Réamoinn, Rúnaithe Cúnta dá Roinn, mar ionadaithe uaidh ag an gcéad chruinniú eile den Fho-Choiste. Tá an Comh-Fhochoiste faoi chomaoin ag an mbeirt oifigeach seo as ucht an mionscrúdú a rinneadar ar na tograí agus as ucht an cúnamh a thugadar ag ullmhú na molta deiridh. Ní miste a lua nach bhfuil cabhair Stáit don Chiste beartaithe i gceist ar aon chor, agus dá bhrí sin nár hiarradh ceadú foirmiúil na Roinne Airgeadais le haghaidh na molta.


3. Bhreithnigh an Comh-Fhochoiste arbh inmholta an rud é comhairle achtúire d’fháil, ach cuireadh in iúl dóibh go neamhfhoirmiúil go mba cheataí chomh mór sin ar an achtúire, ag déanamh a scrúduithe dhó, an díth maidir leis na sonraí cinnte sin, i dtaobh comhaltaí den Oireachtas, a theastaigh le haghaidh scrúdú achtúire den tsórt sin go bhfágfadh sé a thátail chomh srianta sin gur bheag an tairbhe iad don Fho-Choiste.


Dá bhrí sin, in ionad dlús a chur le scrúdú iomlán ag achtúire, chinn an Comh-Fhochoiste a bheith sásta le scrúdú cúramach a dhéanamh ar an scéim atá i bhfeidhm sa Bhreatain Mhóir, agus ar na hathruithe dob éigin a dhéanamh le himeacht aimsire ar an scéim sin go háirithe maidir leis na scálaí méadaithe sochair dar foráladh sa House of Commons Members Fund Act, 1948, lenar leasaíodh Acht 1939 ar an modh sin agus ar mhodha eile; agus tar éis breithniú ar a mhéid a ghabhas cúrsaí i bParlaimintí an dá thír i gcosúlacht agus ó chosúlacht le chéile, mholadar sochair is dóigh leo nach bhfuil míchuíosach ard agus nach lagfadh sócmhainneacht an Chiste. De bhrí, ámh, go rabhthas ar an tuairim go mb’fhéidir a theacht de thoscaí d’athrú an scéim beartaithe a bheith i mbaol ó thaobh airgeadais, tá foráil sa scéim chun a hathruithe trí rúin ón dá Theach dá bhfeictí go mba riachtanach sin nuair a bheadh an Ciste dá oibriú.


4. Ní féidir tuairim dheimhnitheach a thabhairt ar an méid cásanna ar dóigh nár mhór freastal dóibh as an gCiste agus níorbh fhéidir a dhéanamh amach go cinnte cad é an uimhir sochar a theastódh ó 1923 i leith dá mbeadh an Ciste i bhfeidhm ón uair sin. Is é tuairim an Chomh-Fhochoiste nach mbeadh ach éileamh beag ar an gCiste ar dtúis (74 comhaltaí de na Tithe atá ann faoi láthair a bhfuil acu na 10 mbliana seirbhíse Parlaiminte riachtanacha atá beartaithe) agus dá bhrí sin ní fonn leo a bheith chomh míchuíosach faichilleach is bhí lucht rite Achta Bhreatanaigh 1939, faichill a cruthaíodh dá éis sin a bheith gan riachtanas. Tuigid go maith, ámh, nárbh fholáir, nuair a beifí ag deonadh sochar, aird a thabhairt ar chaipiteal an Chiste, agus is deimhin leo go soláthrófar sáith sochar tríd na moltaí seo agus go dtiomsófar dá mbarr Ciste a bheas dóthaineach i gcónaí chun leanúint de shochair láithreacha d’íoc as agus ar an gcuma sin go mbeidh an t-ioncam ar fad a gheofaí amach anseo ar fáil le haghaidh sochar nua breise.


5. Rinne an Comh-Fhochoiste fiosrú freisin i dtaobh cáin ioncaim a theacht chun bheith dlite i leith an Chiste. Fuarthas scéala ón Roinn Airgeadais go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ullamh chun a ghlacadh de thuairim, má dlitear breithniú bliantúil a dhéanamh ar íocaíochta sochair a déanfaí as an gCiste le fáltóirí, nár cheart iad d’áireamh mar ioncam agus nach measfaí a bheith iontu ach deontais sealadacha nach ndlifí cáin dá mbarr, ach ar nós Cistí eile den tsórt céanna go mbeadh ioncam an Chiste féin faoi réir cánach ioncaim. Glacann an Fo-Chiste gur mar sin atá an scéal agus ní mheasaid go ndlitear aon mholadh go ndéanfaí athrú air.


6. Is é seo a leanas an scéim a mhol an Comh-Fhochoiste:—


(a) Ainm: Cabhair-Chiste Chomhaltaí an Oireachtais ba cheart a ghairm den Chiste.


(b) Comhlucht Bainistí an Chiste: Ba cheart bainistí an Chiste agus feidhmiú aon chumhachta nó roghan is infheidhmithe ina leith a dhílsiú i gCoiste Bainistí ar a mbeadh ceathrar Teachtaí agus beirt Sheanadóirí, arna gceapadh i ngach Parlaimint a bheas ann i ndiaidh a chéile ar mholadh a gCoistí Roghnaitheoireachta faoi seach, agus an Ceann Comhairle ina theannta sin mar Chathaoirleach: ceathrar mar chóram.


(c) Iontaobhaithe an Chiste: Ba cheart beirt iontaobhaithe buana a bheith ann don Chiste, Cléireach na Dála agus Cléireach an tSeanaid, agus na suimeanna go léir dob iníoctha le hioncam nó caipiteal nó as ioncam nó caipiteal an Chiste is leo-san nó dóibh san ba cheart iad d’íoc, agus ba cheart sócmhainní an Chiste a dhílsiú iontu. Ba cheart cumhacht a thabhairt dóibh chun an t-airgead go léir is gá d’ineistiú d’ineistiú ina n-ainm féin agus ineistithe d’athrú amhail mar ordós agus nuair a ordós an Coiste Bainistí dhóibh agus ús ar an gcéanna a ghlacadh.


(d) Ranníocaíochta: Ba cheart ranníocaíocht £12 sa bhliain, trí £1 sa mhí a thobhach ar liúntas gach Comhalta de dhá Theach an Oireachtais, a bhaint as an liúntas sara seachadfaí é agus í d’íoc isteach sa Chiste.


(e) Tairbheoirí: Is iad ba cheart a bheith ina dtairbheoirí—


(I)Gach athchomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a chomhlíonfas na coinníollacha seo a leanas:


(i) Gur chomhalta den Chiste é ar an dáta cinnteach (i.e., an dáta ar a dtiocfaidh an Bille cumasuithe chun bheith ina dhlí) nó go dtáinig sé chun bheith ina chomhalta dá éis sin;


(ii) go raibh sé 60 bliain d’aois nó os a chionn nuair a scoir sé de bheith ina chomhalta de ceachtar Teach, nó, mura bhfuil 60 bliain d’aois slán aige, gurb é tuairim an Choiste Bhainistí nach bhfuil ar a chumas, de dheasca laige meabhrach nó coirp, a bheatha a thuilleamh, agus


(iii) go bhfuil 10 mbliana san iomlán de sheirbhís Pharlaiminte tugtha aige.


(II.)Baintreach agus dílleachtaithe chomhalta mhairbh nó athchomhalta de cheachtar Teach, ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:


(i) go raibh an comhalta nó an t-athchomhalta ina chomhalta den Chiste ar an dáta cinnteach nó go dtáinig sé chun bheith ina chomhalta dá éis sin, agus


(ii) go raibh na 10 mbliana riachtanacha seirbhíse Parlaiminte tugtha aige.


(f) Na Scálaí Iocaíochta: Ba cheart na deontais a bheas iníoctha d’fhágaint faoi roghain an Choiste Bhainistí agus níor cheart ar aon chor iad a bheith níos mó ná na méideanna seo síos—


(i) Athchomhalta—£5 sa tseachtain, nó pé suim a bhéarfadh a ioncam go dtí £6 sa tseachtain, pé acu is lú;


(ii) Leanaí—£50 sa bhliain don leanbh is sine agus £30 sa bhliain do gach leanbh dá éis sin, na híocaíochta a bheith iníoctha, mar is rogha leis an gCoiste Bainistí, go ceann aon tréimhse a bheid ag freastal, lán-aimsire, ar fhorais oideachais nó ar tréineáil chun iad a dhéanamh inniúil chun fostaíochta;


(iii) Baintreach Chomhalta Mhairbh nó Baintreach Athchomhalta—£130 sa bhliain, nó pé suim a bhéarfadh a hioncam go dtí £156 sa bhliain, pé acu is lú, agus é iníoctha an fhaid is baintreach í;


(iv) Dílleachtaithe—£75 sa bhliain don chéad leanbh agus £50 sa bhliain do gach leanbh dá éis sin, na híocaíochta a bheith iníoctha, mar is rogha leis an gCoiste Bainistí, go ceann aon tréimhse a bheid ag freastal, lán-aimsire, ar fhorais oideachais nó ar tréineáil chun iad a dhéanamh inniúil chun fostaíochta.


Ba cheart go ndlífí deontais d’athscrúdú dá n-athraíodh cúrsaí an tairbheora go habhartha, nó uair sa bhliain ar aon chuma.


Ionas go bhféadfadh an Coiste Bainistí na méideanna dob iníoctha a ríomh, ba cheart go mbeadh cumhacht acu ioncam aon tairbheora a dhéanamh amach i pé slí agus do réir pé prionsabal a chinnfid féin.


(g) Aiscí: Ba cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoiste Bainistí deontais aonaránacha a thabhairt i gcásanna speisialta agus pé méid a bheith sna deontais sin is rogha leo; ceathrar comhaltaí ar a laghad den Choiste do cheadú na deontas sin a dhámhadh.


(h) Ineistithe agus Tabhartais a Ghlacadh: Ba cheart na cistí d’ineistiú in urrúis iontaobhais agus ba cheart cumhacht a thabhairt don Choiste Bainistí aon léagáidí, dearlaicí, etc., a tiomnófar don Chiste a ghlacadh.


(i) Iniúchadh agus Tuarascáil: Ba cheart go ndéanfaí cuntais an Chiste d’iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tuarascáil bhliantúil orthu a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.


Ba cheart ainmneacha na dtairbheoirí go léir d’fhágaint gan lua sa tuarascáil bhliantúil.


(j) Scrúdú Achtúire: Ionas gur dheimhin an Ciste a bheith sócmhainneach i gcónaí ba cheart scrúdú achtúire a dhéanamh air uair ar a laghad sna cúig bhliana agus tuarascáil a thabhairt don Choiste Bainistí ar a chúrsaí i gcoitinne ó thaobh airgeadais.


(k) Reachtaíocht: Ba cheart reacht a rith ag reachtú molta an Chomh-Fhochoiste agus cumhacht a bheith sa reacht sin chun a fhorála d’athrú trí rún ón dá Theach ionas nár ghá reachtaíocht leasuithe a thabhairt isteach.