Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1966 - 1967::13 December, 1967::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina mbráid agus tá aontaithe acu leis an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:—


Deir míreanna 1 agus 2 den Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na Cuntais Leithreasa don bhliain dar chríoch 31ú Márta, 1967, mar a leanas:—


“1. Tabharfar faoi deara ó na tuarascálacha deiridh uaim go bhfuil réim an iniúchta leathnaithe agam, trí spreagadh agus tacaíocht Choiste na gCuntas Poiblí, ó scrúdú rialtachta go dtí cúrsaí a bhaineann le riarachán éifeachtach. Tá sé sin ar aon dul leis an iniúchadh nua-aoiseach Stáit a bhfuil forbairt agus cleachtadh á dhéanamh air i dtíortha eile. Cé is moite den eisceacht a luaim sa mhír seo a leanas, chomhoibrigh na Ranna agus na gníomhaireachtaí Stát-urraithe liom.


2. Nuair a bhí iniúchadh á dhéanamh agam ar vótaí a cuireadh i gcuntas Oifig an Aire Dlí agus Cirt d’iarr mé roinnt comhad ar an Oifigeach Cuntasaíochta ba ghá, dar liom, chun an t-iniúchadh a chríochnú. Dhealraigh sé, ón bhfianaise a bhí ar fáil agam gur bhain siad le costais taistil, soláthairtí míocháine do Ghardaí agus tuarascáil Eagraíochta agus Modhanna ar chostais finnéithe a íoc i gcásanna Cúirte áirithe. Mhol an tOifigeach Cuntasaíochta go dtarraingeoinn siar m’iarratas mar go bhfacthas dó, go bhféadfaí, i bprionsabal, agóid a dhéanamh in aghaidh aon pháipéir a chur ar fáil a bhféadfadh treoracha riaracháin nó argóintí maidir le cúrsaí polasaí agus ábhair dá sórt a bheith iontu. Dhiúltaigh mé don mholadh sin mar is léir dá ligtí do Ranna eolas a choinneáil siar nó a mhoilliú, ar fhorais pholasaí nó leasa, go gcuirfí an cuspóir iomlán a bhaineann le hiniúchadh Stáit ó mhaith”.


Bhreithnigh an Coiste na míreanna seo agus ghlac siad fianaise ina leith (féach leathanaigh 7 go 25).


Is é tuairim an Choiste (1) nach foláir, chun go gcomhlíonfaí go cuí an dualgas a chuirtear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le hAirteagal 33 1 den Bhunreacht, is é sin chun iniúchadh a dhéanamh ar gach uile chuntas ar airgead a riartar ag an Oireachtas nó faoi údarás an Oireachtais, d’Oifigigh Chuntasaíochta cibé doiciméid a chinnfidh sé is gá chun an dualgas sin a chomhlíonadh a chur ar fáil dó; agus (2) toisc nach bhfuil an staid reachtúil maidir le doiciméid a chur ar fáil sásúil gur chóir reachtaíocht chun éifeacht a thabhairt do (1) a achtú.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN (Tiobraid Arann Theas),


Cathaoirleach.


13 Nollaig, 1967.