Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1966 - 1967::13 December, 1967::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

19 Iúil, 1967:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta. 1967, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


26 Iúil, 1967:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáibhéid Mac Aindriú, Beircheart Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Proinsias Mac Bhloscaidh, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Aguistín Ó hEaluigthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Arann Theas), Donnchadh Mac Eoin, Éinrí Ó Cionaodha, Roibeard Ó Maolmhuaidh, agus Seán Ó Treasaigh.


30 Samhain, 1967:—Ceapadh an Teachta Pádraig Mac Raghnaill in ionad an Teachta Donnchadh Mac Eoin a urscaoileadh.