Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Income Tax Bill, 1966::05 January, 1967::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Coiste tar éis an Bille a bhreithniú agus tar éis fianaise a ghlacadh ina thaobh. Rinneadh leasuithe áirithe ar an mBille ar féidir iad a aicmiú mar a leanas:—


(a) leasuithe ba ghá toisc gur achtaíodh, ó tugadh an Bille isteach, an tAcht Airgeadais, 1966, agus an tAcht um Aistriú an Bhainc Náisiúnta, 1966;


(b) leasuithe a lean as cinneadh a rinne an Coiste foráil den Acht Príomh-Chiste, 1965, a bhaineann le cáin ioncaim agus forcháin, a chorprú sa Bhille;


(c) leasuithe chun forálacha áirithe atá dulta in éag a scriosadh as Cuid XXV, Caibidil II (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas—Brabúis Mhianach Áirithe); agus


(d) leasuithe chun forálacha áirithe atá le dul in éag ar an 5 Aibreán, 1967, a scriosadh as Cuid XXV, Caibidil III (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas—Brabúis as Oibríochtaí Mianadóireachta Guail agus as Mianadóireacht Ghiopsaim agus Ainhidríte).


2. Rinne an Coiste leasuithe eile freisin a chonacthas dó a bheith riachtanach chun foirm an Bhille a fheabhsú.


3. Cuireadh i láthair an Choiste scéala ón Ard-Aighne á rá maidir leis na leasuithe go léir a chuir an tAire Airgeadais faoina bhráid gur leasuithe iad de shaghas atá ar intinn i mBuan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann i dtaobh Billí Comhdhlúite. Ghlac an Coiste leis na leasuithe sin go léir.


4. Is é tuairim an Choiste go léiríonn an Bille arna leasú, an dlí reachtúil mar atá sé agus a mbeidh feidhm leis an 6 Aibreán, 1967, an dáta a bhfuil sé sainráite é a bheith le teacht in éifeacht air.


(Sínithe) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach.


5 Eanáir, 1967.