Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Income Tax Bill, 1966::05 January, 1967::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

15 Meitheamh, 1965:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 113 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


Cuireadh teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


24 Meitheamh, 1965:—Comhaltaí a ainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite: na Teachtaí Lionel Booth, Tomás Ó Cadhain agus Risteard Ó Riain.


30 Meitheamh, 1965:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 101 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh.”’


5 Bealtaine, 1966:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite [An t Aire Airgeadais].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á iarraidh air aontú leis an Rún seo.


12 Bealtaine, 1966:—Teachtaireacht ón Seanad:—“Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘Go gcomhthoilíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 5ú lá de Bhealtaine, 1966, go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.”’


Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 25 Bealtaine, 1966 [An t Aire Airgeadais].


Cuireadh Teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


25 Bealtaine, 1966:—Teachtaireacht ón Seanad:—“Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 25 Bealtaine, 1966.”’


8 Meitheamh, 1966:—Comhaltaí a cuireadh leis an mBuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite d’fhonn breithniú a dhéanamh ar an mBille Cánach Ioncaim, 1966: na Teachtaí Vivion de Valera, Pádraig Ó Luineacháin agus Tomás Ó hUigín.


29 Meán Fómhair, 1966:—Ceapadh an Teachta Gearóid Suatman in ionad an Teachta Risteard Ó Riain, a urscaoileadh.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

30 Meitheamh, 1965:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 113 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh.”’


Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 101 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh [An Seanadóir Ó Maoláin].


7 Iúil, 1965:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomhchoiste: Na Seanadóirí Ciarán Mac Aogáin, Seán Ó Coigligh agus Micheál Yeats.


23 Márta, 1966:—Ceapadh an Seanadóir Eoin Ó Riain in ionad an tSeanadóra Ciarán Mac Aogáin, a urscaoileadh.


11 Bealtaine, 1966:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian léi Seanad Éireann d’aontú leis:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.”’


Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 5ú lá de Bhealtaine, 1966, go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


Cuireadh teachtaireacht chun na Dála á chur sin in iúl di.


25 Bealtaine, 1966:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 25 Bealtaine, 1966.”’


Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Cánach Ioncaim, 1966, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 25 Bealtaine, 1966 [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


Cuireadh teachtaireacht chun na Dála á chur sin in iúl di.


22 Meitheamh, 1966:—Seanadóirí a cuireadh leis an mBuan-Comhchoiste chun an Bille Cánach Ioncaim, 1966, a bhreithniú: na Seanadóirí Pádraig Ó Cruadhlaoich, Ciarán Mac Aogáin agus Donnchadh Ó Súilleabháin.