Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [7]::08 March, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 8 Márta, 1967.

Wednesday, 8th March, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin agus Ó Cinnéide.


3. Fianaise Béil a Bhreithniú.


Tar éis an fhianaise béil a thug M. Bhreathnach, S. Healy, J. Bradley agus E. J. Sheehy os comhair an Choiste an 14 Nollaig, 1966, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na h-ionstraimí seo a leanas ar fhoras (iii) den Rún Tagartha:—


Banc Ceannais na hÉireann. Scéim Aoisliúntais Leasaitheach, 1966.


An tOrdú um Péist Eascaine Gas agus Bleibín, 1966 [I.R. Uimh. 2 de 1966].


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 9 Samhain, 1966, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Vacsaínithe a Rialú), 1966 [I. R. Uimh. 199 de 1966].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú Uimh. 2, 1966), [I.R. Uimh. 193 de 1966].


5. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 243 de 1966].


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 244 de 1966].


An tOrdú um an Acht Leasa Shóisialaigh (Fórálacha Ilghnéitheacha), 1966 (An Lá Ceaptha), 1966 [I.R. Uimh. 255 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Ranníocaí agus Coinníoll Breise), 1966 [I.R. Uimh. 241 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Éilimh agus Íocaíochtaí) (Leasú), 1966 [I. R. Uimh. 289 de 1966].


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Díol a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 261 de 1966].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Baile Átha Cliath) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 268 de 1966].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Chainnigh) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 269 de 1966].


An tOrdú Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1966 (Dréacht).


An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal), 1966 (Dréacht).


Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Ginearálta), 1966 [I.R. Uimh. 227 de 1966].


Na Rialacháin um Acht na dTithe, 1966 (Talamh a Fháil), 1966 [I.R. Uimh. 278 de 1966].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh a Dhearbhú agus Gluaiseacht a Rialú) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 249 de 1966].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh) (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 250 de 1966].


An tOrdú um Péarslaí, 1967 [I.R. Uimh. 6 de 1967].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha) (Uimh. 4), 1966 [I.R. Uimh. 255 de 1966].


An tOrdú Praghsanna, Uasta (Plúr), 1966 [I.R. Uimh. 264 de 1966].


Na Rialacháin Plúir agus Mine Cruithneachta (Praghsanna Forordaithe), 1967 [I.R. Uimh. 2 de 1967].


Na Rialacháin Plúir Chomhrite (Céatadán Forordaithe Cruithneachta), 1967 [I.R. Uimh. 3 de 1967].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána (Uimh. 4), 1966 [I.R. Uimh. 239 de 1966].


Rialacháin an Gharda Síochána (Scor), 1966 [I. R. Uimh. 275 de 1966].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna (Táirgí Iarainn agus Cruach) (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 280 de 1966].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 281 de 1966].


An tOrdú um an Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 (alt 44) (Cultacha Oíche do Leanaí), 1967.


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 252 de 1966].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú, (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 279 de 1966].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 1 de 1966.


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 24 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 32 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Mhuineacháin), 1967 [I.R. Uimh. 30 de 1967].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh i leith Corrthoghchán (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae), 1966.


An tOrdú um Thoghlimistéir ChontaeBhuirg Luimnigh, 1967 [I. R. Uimh. 11 de 1967].


An tOrdú um Thoghlimistéir ChontaeBhuirg Phort Láirge, 1967 [I.R. Uimh. 12 de 1967].


Ordú na mBannaí Talún, 1967 [I.R. Uimh. 28 de 1967].


Na Rialacháin um Aistriú Stoic (Aitheantas do Stocmhargaí), 1966 [I. R. Uimh. 251 de 1966].


Ordú na Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1966.


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Táillí) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 265 de 1966].


An Scéim um Scéim Aoisliúntais Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960 (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 286 de 1966].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 287 de 1966].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1967 [I.R. Uimh. 25 de 1967].


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Feoil Úr) (Feoil Chapaill) (Leasú), 1967.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach)) (Eatramhach) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 234 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach)), 1966 [I.R. Uimh. 235 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1966 [I. R. Uimh. 247 de 1966].


Na Rialacháin um Blianachtaí Saoil (Talamh a Dhíol le Coimisiún na Talún), 1967 [I.R. Uimh. 27 de 1967].


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m.