Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [7]::07 June, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7 Meitheamh, 1967.

Wednesday, 7th June, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


An Seanadóir Sheldon, (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill Ó Cruadhlaoich agus Mac Domhnaill.


3. Bhreithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir an Roinn Sláinte isteach de réir Ordú an 8 Márta, 1967, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach), (Eatramhach) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 234 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí) (Ranníocach)), 1966 [I.R. Uimh. 235 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 247 de 1966].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Blianachtaí Saoil (Talamh a Dhíol le Coimisiún na Talún), 1967 [I.R. Uimh. 27 de 1967].


3. Tuarascáil an Choiste.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 6 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascá il.


Ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.20 p.m.