Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::10 March, 1966::Report

TUARASCÁIL

CUID I NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 21 AIBREÁN, 1965.

Cuntais 1959-60

1. Tugann an Coiste dá aire na tuairimí breise ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 3, 4 agus 12 de Thuarascáil an Choiste dar dáta 22 Feabhra, 1961, agus ba mhaith leis aon ní eile a tharlóidh ina dhiaidh seo a chur in iúl dó.


Cuntais 1960-61

2. Ba mhaith leis an gCoiste freisin go gcuirfí in iúl dó cinnte an choiste roinne a bunaíodh chun a fháil amach an bhféadfaí bearta níos éifeachtúla a cheapadh chun neamhrialtachtaí maidir le hairgead Bhanc Taisce an Phoist dá ndearnadh tagairt i mír 25 dá thuarascáil dar dáta 5 Meán Fómhair, 1962, a chosc.


Cuntais 1962-63

3. Beidh áthas ar an gCoiste na tuairimí breise ón Aire a fháil i dtráth cuí ar mhíreanna 12, 14, 18, 21, 27, 34 agus 35 dá thuarascáil dar dáta 12 Samhain, 1964.


Gnóthaí Eachtracha

4. I roinnt dá thuarascálacha le déanaí chuir an Coiste strus ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar chaiteachas óstachais. Tá sé sásta glacadh le tuairim an Aire go bhféadfadh sé cur as do dhaoine faoi chúinsí áirithe dá bhfoilsítí sonraí an chaiteachais sin.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

5. Teastaíonn ón gCoiste go gcuirfí in iúl dó ar críochnaíodh scrúdú na bhfardal troscáin in Ambasáidí agus i Leagáideachtaí thar lear.


6. I mír 26 dá thuarascáil ar na cuntais do 1962-63, dúirt an Coiste go bhfillfeadh sé ar an gceist a bhaineann le hionad traenála le haghaidh earcaigh na nGardaí a dhéanamh de Bheairic Mhíleata an Teampaill Mhóir. Tá sé tar éis tuairimí an Aire Airgeadais sa mheamram atá faoi bhreithniú a thabhairt dá aire ach ní féidir leis a rá, ón bhfianaise, an bhféadfadh costas níba lú baint leis na hoibreacha breise dá mbeidís luaite sa chonradh bunaidh. Tugann sé dá aire go bhfuil an tAire á chur faoi deara go scrúdófar tuairimí an Choiste maidir le táillí i gcás conarthaí móra amach anseo agus go gcuirfear toradh an scrúdaithe sin in iúl don Choiste i dtráth cuí. Ní féidir leis an gCoiste aontú le tuairim an Aire nár tharla aon deacrachtaí ó thaobh rialú airgeadais mar gheall ar na socruithe neamhchoitianta ab éigean a dhéanamh sa chás seo. Maidir leis sin is léir illbhfianaise féin na tátail nárbh fholáir don Choiste a bhaint aisti.


7. Insíodh don Choiste go raibh an t-ionad á áitiú sa bhliain atá faoi mheas agus gur £617,634 an caiteachas iomlán suas go dtí 30 Meán Fómhair, 1965; b’éigean dul faoi mhion-chostais áirithe i ndiaidh an dáta sin.


8. Mar bhreith dheiridh ar ghnéithe míshásúla an cháis seo ba mhaith leis an gCoiste thar gach ní eile déileáil leis mar cheacht don am le teacht. Dar leis gur daingniú láidir é ar an nós céillí trína n-iarrtar meastacháin réalaíocha mar bhonn le caiteachas a údarú, agus ina theannta sin pleananna mionchruinne agus sonraíochtaí daingne mar bhonn le conarthaí. Is léir nach críonna an beart é dul ar aghaidh le meastacháin atá chomh barúlach sin gur ar éigin is fiú dada iad mar chomhartha ar an gcostas deiridh.


9. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta don vóta don Gharda Síochána á chur faoi scrúdú fuair an Coiste amach go ndeachthas faoi chaiteachas £26,000 i leith troscáin don ionad traenála nua sa Teampall Mór. Ag féachaint don ghéarghá atá le tíobhas, ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar cad a rinneadh leis an troscán a bhí sa seanionad traenála.


Talmhaíocht

10. I mír 30 den tuarascáil roimhe seo uathu ba chúis imní leis an gCoiste gur chosúil go bhfuair na gnólachtaí cannaithe buntáiste ar an Roinn nuair a bhí sí ag iarraidh ba frithghníomhacha, a fuarthas faoin Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh, a dhíol ar phraghas cothrom réasúnach. Tugann sé dá aire go bhfuair an tAire Talmhaíochta comhairle á rá nach bhfuil aon cheart rochtana aige ar chuntais na ngnólachtaí lena mbaineann an scéal, agus dá réir sin nárbh fhéidir a fháil amach cé mhéid brabúis a rinneadar as díol na mbó frithghníomhach.


11. Tá tuilleadh fianaise ar an ábhar seo faighte ag an gCoiste, agus is imní fós leis go bhfaigheadh an Roinn í féin sa chor go bhféadfaí brabach a bhaint di. Tá súil aige go smaoineofar feasta, nuair is cuí, ar théarmaí conarthaí a thabharfar amach gan chomórtas a leathnú chun go bhféadfaidh an tAire fiosrú faoi na costais. Tuigtear don Choiste gur mar sin a dhéantar i dtíortha eile.


CUID II—CUNTAIS FAOI LEITH

Cosaint

12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil trealamh traenála Chosaint Shibhialta ar fiú tuairim £100,000 é á choinneáil i stóras. Seachas éadaí, agus ní mór stoic díobh sin a choimeád i gcónaí mar go mbítear á n-iarraidh, tá trealamh tomhaiste raidíochta agus fearais tarrthála ar fiú níos mó ná £90,000 iad ag fanacht lena n-eisiúint chun údaráis áitiúla agus tá cuid de na hearraí sin coinnithe tréimhsí fada.


Is ionadh leis an gCoiste go mba ghá an oiread sin trealaimh a choinneáil in áit nach bhfuil inti ach stóras idirbhealaigh de réir tuairisce. Ba mhaith leis deimhniú a fháil nár ceannaíodh níos mó ná mar ba ghá agus, i gcás na n-ionstraimí raidíochta, agus is iad sin formhór an ábhair sa stóras, nach bhfuil aon bhaol ann go meathfaidh siad nó go rachaidh siad as dáta.


Rialtas Áitiúil

13. Tarraingíodh aird ar dhá chás ar an vóta seo inar cuireadh siar an íocaíocht as dliteanais a bhí lán-aibí. Glacann an Coiste gur trí dhearmad a tharla sé sin agus tá súil aige go dtarraingeoidh an athinsint ar an bprionsabal atá i gceist a rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i mír 5 dá thuarascáil leor-aird ar an bpointe áirithe sin.


Oifig an Aire Oideachais

14. Deontas-i-gcabhair £20,250 a cuireadh ar fáil i gcéaduair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge méadaíodh go dtí £21,450 é ina dhiaidh sin le meastachán forlíontach. Tuigtear don Choiste go raibh gá leis an deontas forlíontach chun costais mhéadaithe tuarastal agus costais eile a ghlanadh. Níor léir don Oifigeach Cuntasaíochta conas a caitheadh airgead an chomhlachta seo agus is cosúil nach raibh mionchuntais iniúchta le fáil. Ba é a bharúil nach raibh aon fhoinse eile ioncaim acu. Is é tuairim an Choiste, más ó chistí go háirithe a fhaigheann comhlacht tacaíocht airgid, gur chóir dó cuntais chearta a chur ar fáil chun go bhféadfadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh agus léirmheas a dhéanamh orthu.


Gairmoideachas

15. Thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil don XII Comórtas Idirnáisiúnta do Phrintísigh a tionóladh i mBaile Átha Cliath i mí Iúil, 1963, agus a d’eagraigh coiste ionadaitheach a cheap an tAire Oideachais. Cuireadh £30,000 ar fáil sa mheastachán le haghaidh costais an chomórtais agus caitheadh £39,507 ar fad sa bhliain atá faoi bhreithniú. Fuair an coiste eagraíochta cúnamh ó fhoinsí eile freisin ar a n-áirítear ranníocaí airgid ach níorbh fhéidir leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste míniú soiléir a fháil i dtaobh cé a bhí freagrach as caiteachas. Cuireadh in iúl dó ina dhiaidh sin nach raibh aon chomhaontú ann i dtaobh an scéil seo ach gur glacadh gur ar chistí stáit a thitfeadh an costas. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó é nuair a bheidh cuntas deiridh an choiste eagraíochta ar fáil agus ba mhaith leis eolas a fháil freisin i dtaobh cad a rinneadh leis an trealamh a ceannaíodh le haghaidh an chomórtais.


Sláinte

16. Taispeánann figiúirí a fuarthas ón Roinn gur éirigh glan-chaiteachas na seirbhísí sláinte ó £16 milliún i 1958-59 go dtí £22 milliún punt i 1963-64, caiteachas a d’íoc na hÚdaráis Sláinte agus an Vóta go cothrom eatarthu. Nuair a bhíonn an glan-chaiteachas á ríomh cuirtear i gcuntas mionfháltais mar atá mínithe in alt 1 den Acht Seirbhísí Sláinte (Forálacha Airgeadais), 1947 agus d’fhonn treoghluaiseacht na bhfáltas sin a bhreithniú, ba mhaith leis an gCoiste taifeach orthu a fháil in aghaidh na mblianta a luaitear thuas.


Iompar agus Cumhacht

17. Tugann an Coiste dá aire gur tugadh eisiúintí suas go dtí £815,000 ar fad thar roinnt blianta do Bhord Fáilte Éireann chun deontais a chur ar fáil le haghaidh forbairt chóiríocht shaoire agus go ndearna an tAire Iompair agus Cumhachta iasachtaí a ráthú freisin chun na críche sin. Tugann an tAire mioneolas faoi iasachtaí ráthaithe do dhá Theach an Oireachtais ach ní raibh eolas ar bith ar fáil ag an gCoiste seo mar gheall ar na deontais a d’íoc Bord Fáilte. D’fhoilsigh An Foras Tionseal sonraí na ndeontas a thug siad féin ar mhaithe le forbairt tionscail i gcoitinne agus ní léir fáth maith ar bith le nach dtabharfaí eolas den chineál céanna maidir leis an tionscal turasóireachta.


18. Íocadh fóirdheontas £1,175,000 le Córas Iompair Éireann i rith na bliana de bhun forálacha an Achta Iompair, 1958. Cuirtear cuntais ghiorraithe ar an ngnóthas ar fáil do dhá Theach an Oireachtais ach is cosúil nach raibh cuntais mhionchruinne ar fáil sa Roinn. Measann an Coiste, cheal eolas níos iomláine i dtaobh brainsí éagsúla an ghnóthais, nach féidir leis aon ní úsáideach a rá faoina chúrsaí airgeadais. Baineann sé seo dar ndóigh leis na ceisteanna móra a bhí i dtrácht i mír 35 den Tuarascáil roimhe seo ón gCoiste um Chuntais Phoiblí atá faoi bhreithniú ag an Aire Airgeadais.


Cúirteanna Breithiúnais

19. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil go bhfuil táille £1 iníoctha, faoi fhorálacha an Ordaithe Cúirte Dúiche (Táillí), 1956, ar cheadúnas chun peitriliam nó earraí eile dá shamhail a choimeád, agus gur fhiafraigh sé an raibh rialacháin roinne ann, agus iad á bhfeidhmiú, chun a áirithiú go mbeadh gach déileálaí ceadúnaithe go cuí agus go raibh na ceadúnais á n-athnuachan nuair a biomchuí.


Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt gurb é ba chúram di táille a fhorordú agus a bhailiú maidir le ceadúnais a d’eisigh Breithiúna Dúiche, ach ba dheacair leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a fháil amach ó Oifigí Cúirte Dúiche arbh fhéidir ceadúnais a athnuachan nó nárbh fhéidir agus thuairiscigh a chuid oifigeach gur chosúil go raibh roinnt cásanna ann nár eisíodh aon cheadúnas. Dealraíonn sé gurb í an Roinn Tionscail agus Tráchtála atá freagrach i reachtaíocht a bhaineann le peitriliam. Mhínigh Oifigeach Cuntasaíochta na gCúirteanna Breithiúnais an chaoi achrannach ina bhfuil an scéal faoin reachtaíocht mar atá sé ach dúirt nach raibh de fhreagracht air ach táillí a bhailiú ar cheadúnas a eisiúint. Feictear don Choiste go bhfuil an scéal an-mhíshásúil agus gur gá do na ranna lena mbaineann dul i gcomhar le chéile chun é a chur ina cheart.


An Dánlann Náisiúnta

20. Tá Coistí um Chuntais Phoiblí ó 1955-56 ag déanamh a ngearáin faoi gan fardail iomlána de na pictiúir, etc., sa Dánlann a bheith ann. I mí Eanáir, 1963, cuireadh in iúl don Choiste go raibh socruithe á ndéanamh leis an Roinn Oideachais chun go gcoimeádfaí taifid cothrom le dáta agus go seiceálfaí go rialta iad. Insíodh don Choiste seo i bhfianaise gur foilsíodh i 1964 an chatalóg achomair ola-phéintéireachtaí mar a thugtar air anois. Liosta é sin d’fhormhór na bpéintéireachtaí ach ní áirítear ann líníochtaí, uisce-dhathanna agus nithe eile atá sa chnuasach. Mheas an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh na taifid neamhiomlán agus míshásúil agus chuir sé in iúl don Choiste cad a bhí déanta aige chun fardal iomlán a chur le chéile. Cé go bhfuil díomá ar an gCoiste faoin dul chun cinn atá déanta ó díríodh aird ar an scéal, tá súil aige nach ndéanfar tuilleadh moille maidir leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun críche.


Talmhaíocht

21. Ionas gur dheimhin go bhfaigheadh na feirmeoirí lántairbhe an fhóirdheontais leasacháin fhosfáite ghlac an Roinn Tionscail agus Tráchtála orthu féin thar ceann na Roinne Talmhaíochta scrúdú a dhéanamh ar chuntais déantóirí baile do shéasúir leasacháin 1962-63 agus 1963-64 d’fhonn a fháil amach ar tháinig aon athrú tábhachtach ar an gcostas a bhaineann le forfhosfáit a tháirgeadh. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur dheimhin leis nach raibh aon bhrabús iomarcach á bhaint amach ag na monaróirí a raibh fóirdheontais mhóra ag tacú lena bpraghsanna. Dealraíonn ón bhfianaise, ámh, nach ndearnadh scrúdú ró-fhairsing ar na cuntais agus, mar gheall ar na suimeanna móra a bhí i gceist, gur leag an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste strus ar an ngá a bhí le mionscrúdú a dhéanamh ar leabhair chuntais na monaróirí agus na dtrádálaithe lena mbaineann an scéal. Aontaíonn an Coiste lena bharúil ar an ní seo.


22. Deirtear i nóta atá leis an gcuntas gur maitheadh fíneálacha dar suim £3,439,537 a cuireadh ar shealbhóirí ceadúnas muilleoireachta faoi Alt 10 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935, mar gheall ar gan comhlíonadh a dhéanamh ar cheanglais theicniúla an Achta sin go nglacfaí isteach i stór cainníochtaí míosúla sonraithe de chruithneacht dúchais i leith na bliana arbhair 1962-63. Dúradh leis an gCoiste gur theicniúlacht é sin do chomhlíonadh forálacha an Achta a cheanglaíonn orduithe a dhéanamh gach bliain á shonrú cé mhéad den chruithneacht dúchais ba chóir a úsáid agus do dháileadh an iomláin ar na muilte éagsúla. Mara tharlaíonn sé, ní mór na horduithe seo a leasú go mór de réir mar a bhíonn an séasúr ag dul ar aghaidh, ach a thúisce a bhíonn an chéad ordú déanta is é an dlí go bhféadfaí fíneáil a chur ar na muilleoirí mura gcomhlíonfaidh siad an t-ordú, fiú mura féidir leo, sa dáil ina mbíonn rudaí tar éis an fhómhair, téarmaí an Ordaithe a chomhlíonadh. Is léir nach dtarlaíonn aon neamhrialtacht dáiríre agus feictear don Choiste go bhféadfadh an nóta atá leis an gcuntas míthuiscint a tharraingt. Mar sin de, molann sé go bhfaighfí modh nach mbeidh chomh casta sin le déileáil leis an scéal.


23. Phléigh an Coiste foirm na gcuntas a bhaineann le Cuideachta na Déirí-Dhéileála, Tta. Glacadh leis an bhfoirm seo blianta fada ó shin d’fhonn déanamh mar mhol Coiste um Chuntais Phoiblí a bhí ann roimhe seo nuair a theastaigh uaidh a fháil amach conas mar bhí an scéal ag an gcuideachta maidir leis an Státchiste. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí os a chomhair feasta cuntais atá de réir cheanglas Acht na gCuideachtaí, 1963.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

24. Cuireadh in iúl don Choiste nach bhfuair Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí aon toradh dearbh go fóill óna dtriaileacha maidir le scéimeanna siltin aibhneacha idirmheánacha a chur á ndéanamh faoi chonradh in ionad iad a dhéanamh le saothar díreach. Bhí a gcuntasóir costas ag déanamh grinnscrúdú ar na costais uile a bhí i gceist agus táthar ag súil go bhféadfaidh sé a rá cad iad na dála inar bhuntáistí an obair a dhéanamh faoi chonradh. Tá spéis ag an gCoiste sa cheist seo agus freisin i gceist na mbónas spreagtha i gcás scéimeanna saothair dhírigh agus ba mhaith leis go gcuirfí aon colas nua i bhfios dó.


Foraoiseacht

25. I mí Meithimh, 1958, rinneadh suim £4,283, is é sin, an praghas ceannaigh comhaontaithe ar 90 acra talún i bhForaois Theach na gCanónach a ghlac St. Patrick’s Copper Mines Ltd., ar seilbh a chur ar taisce i gcomhainmneacha an Phríomh-Aturnae Stáit agus Aturnae na cuideachta. Bhain moill mhór le haistriú dlíthiúil na maoine a chríochnú mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais na cuideachta agus mar gheall ar ghlacadóir a cheapadh. Tá £211 á éileamh freisin ag an Roinn ar an nglacadóir as an soláthar uisce a athchur ina cheart tar éis d’fhostaithe na cuideachta dochar a dhéanamh dó. Is dóigh leis an gCoiste nach ndeachaigh an Roinn san éileamh ar a cuid airgid chomh láidir agus ba cheart agus ba mhaith leis fios a fháil ar cad a tharlóidh.


Roinn na Gaeltacht

26. Bhain mír 21 de thuarascáil an Choiste dar dáta 12 Samhain, 1964 agus bhain tuarascáil roimhe sin le ceisteanna a d’éirigh as caillteanais a tharla mar gheall ar dhamáiste ó stoirmeacha do thithe gloine a bhí curtha suas i gConamara agus Maigh Eo theas. Dúradh leis an gCoiste gur atógadh deich dteach gloine as fiche ceann a damáistíodh i gConamara, agus i Maigh Eo theas, toisc nach raibh spéis a thuilleadh iontu ag na daoine lenar bhain an scéal, gur socraíodh gan an dá theach gloine dhéag a damáistíodh sa cheantar sin a atógáil. D’fhiafraigh an Coiste an bhféadfaí aon ábhar a tharrtháil ó na tithe gloine tréigthe agus a dhiúscairt ach is beag dóchas a bhí ag an Oifigeach Cuntasaíochta go mbainfí amach fiú amháin an costas tarrthála. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach cé mhéid airgid a cailleadh sa deireadh thiar nuair a bheidh sé sin faighte amach.


Foscríbhinn XXIX.


27. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta staidreamh don Choiste a bhí curtha le chéile ag an Roinn Talmhaíochta ar na fáltais a fuair na fásóirí faoi scéimeanna Thithe Gloine na Gaeltachta. Is léir uathu sin, á meas de réir na meán-fháltas a fuair fásóirí i gContae Dhún na nGall, gur cúis mhór díomá an toradh a fuarthas i gConamara. Ba mhaith leis an gCoiste tuairimí na Roinne a fháil ar an gcuid seo den scéal.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

28. I gcúrsa an scrúdaithe a rinne sé ar sceidil cásanna inar maitheadh gan údarás reachtúil éilithe ar dhleacht faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó ar scaoileadh leo mar chásanna narbh fhéidir gnóthú astu, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara de thoradh doiciméid a scrúdú go raibh mír áirithe £866 nár cuireadh síos sna sceidil. Is é a tharla sa chás sin, de réir mar a mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta, gur aisíoc é sin a rinneadh de réir an chomhaontaithe um chánachas dúbailte leis na húdaráis Bhriotanacha i leith cánach ioncaim a asbaineadh as ús ab iníoctha le morgáistí a chónaigh lasmuigh den Stát ach nárbh fhéidir leis na Coimisinéirí Ioncaim an cháin a ghnóthú ó na morgáisteoirí sa tír seo mar gheall ar a mboichte. Is é an fáth nár cuireadh an méid áirithe sin isteach i sceidil na gcaillteanas nach ndearnadh measúnacht ar bith i leith cánach. Cé go mb’fhéidir gur míniú bailí é sin, go teicniúil, is dóigh leis an gCoiste nuair a tharlaíonn cásanna ina ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc i leith cánach a dteipeann orthu í a bhailiú, go mba chóir na cásanna sin a chur in iúl go sonrach don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


29. Tugadh ráitis chomhardaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtaobh Cánach Ioncaim ab inmheasúnaithe faoi Sceideal E i gCeantar Ginearálta Bhaile Atha Cliath don bhliain 1950-51 agus do bhlianta ina dhiaidh sin. D’fhonn an cháin seo a bhailiú bunaíodh an Príomh-Bhrainse Bailiúcháin an 1 Eanáir, 1952, agus thagair na ráitis don scéal mar a bhí an 26 Márta, 1962 maidir leis na tréimhsí 1950-51 go 1954-55 agus 1955-56 go 1959-60. As £1,275,813 cánach a bhí gan íoc i leith na dtréimhsí a luaitear, íocadh, glanadh, nó scaoileadh leis mar ní nárbh fhéidir a ghnóthú, é go léir ach amháin £83,751, faoin 31 Márta, 1965. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta an scéal cothrom le dáta agus d’inis sé don Choiste gur críochnaíodh an comhardú iomlán do 1960-61, agus do 1961-62, ach go raibh deacrachtaí faoi leith ag baint leis na trí bliana 1962-63, 1963-64 agus 1964-65 agus go mb’fheidir go dtógfadh sé roinnt ama an obair chomhardaithe a dhéanamh. Tharla formhór na ndeacrachtaí sin toisc gur mhainnigh cáiníocóirí na doiciméid iomchuí a thabhairt ar aird tráth na n-íocaíochtaí nó go ndearnadh taifeadadh neamhchruinn in oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhí súil ag an Oifigeach Cuntasaíochta nach mbeadh aon deacracht ag baint leis na cuntais do 1965-66 a chomhardú. Feictear don Choiste gur tharla deacrachtaí cuntasaíochta nárbh éasca do na Coimisinéirí a shárú de bharr an príomh-bhailiúchán a bhunú agus nósa imeachta meicnithe a thabhairt isteach. Tá súil aige, de thairbhe breis éifeachtúlachta agus comhoibriú an phobail i gcoitinne, go mbeidh na deacrachtaí sáraithe faoin am a bheidh na cuntais faoi bhreithniú arís.


30. I rith na bliana chuir na Coimisinéirí Ioncaim ríomhaire leictreonach isteach sa Phríomh-Bhrainse Bailiúcháin. Déanann an ríomhaire measúnachtaí cánach ioncaim agus forchánach, etc. agus obair chuntasaíochta agus staidrimh, agus ullmhaíonn sé freisin athbhillí agus déanann obair eile maidir leis an gcáin láimhdeachais. Thug an Coiste dá aire nach raibh Íoc-mar-Thuillir ar cheann d’oibríochtaí an ríomhaire ach deirtear leis anois go bhfuil treoir-scéim don obair seo á thriail faoi láthair. Tugtar faoi deara freisin go bhfuil na Coimisinéirí ag smaoineamh ar ríomhaire leictreonach is mó agus is ilfheidhmiúla go mór a fháil agus tá súil ag an gCoiste, sula ndéanfaidh na Coimisinéirí aon socrú cinnte ina thaobh sin go ndéanfar fiosrú mionchruinn d’fhonn a áirithiú go mbainfidh Ranna eile feidhm as trealamh nua costasúil nuair nach mbeidh sé á úsáid chun críocha cánach.


(Sínithe) DONNCHADH MAC EOIN,


Cathaoirleach.


10 Márta, 1966