Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::10 March, 1966::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

15 Meitheamh, 1965:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1964, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


24 Meitheamh, 1965:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Beircheart Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Liam Mac Cuinneagáin, Aguistín Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Donnchadh Mac Eoin, Éinrí Ó Cionaodha, Roibeard Ó Maolmhuaidh, Mícheál Ó Laoghaire, agus Seán Ó Treasaigh.