Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order relating to Notice of Questions::01 July, 1965::Report

TUARASCÁIL

1. Rinne an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí breithniú i dtaobh tréimhse an fhógra is gá i dtaobh Ceisteanna faoi Bhuan-Ordú 30 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí.


2. Seo an fhoráil atá sa Bhuan-Ordú faoi láthair:—


“Ní foláir Ceisteanna a bheith i scríbhinn agus iad a bheith ag an gCléireach tráth nach déanaí ná 4 a chlog p.m. an tríú lá roimh an lá a bheidh siad le cur, gan áireamh a dhéanamh ar Shatharn, ar Dhomhnach ná ar lá saoire Poiblí.”


Ós rud é nach bhfuil an Satharn ina lá oibre anois i Ranna Rialtais i gcoitinne mar gheall ar an tseachtain chúig lá a theacht i bhfeidhm, laghdaíodh ar an méid ama a bheadh ag na Ranna chun freagraí a ullmhú. Cuireadh in iúl don Choiste go mbaineann deacrachtaí dá dheasca sin le freagraí a ullmhú in am.


3. Measann an Coiste gur cheart tréimhse an fhógra a mhéadú trína fhoráil gur b é an tráth nach foláir Ceisteanna a bheith ag an gCléireach ná 11 a.m. an lá atá ordaithe faoi láthair in ionad 4 p.m. Dá réir sin molann sé don Dáil go ndéanfaí an Buan-Ordú a leasú trí “4 a chlog p.m.” a scriosadh agus “11 a chlog a.m.” a chur ina ionad.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


1 Iúil, 1955.