Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order relating to Notice of Questions::30 November, 1949::Report

DÁIL ÉIREANN.

AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

TUARASCAIL AR LEASU AR AN mBUAN-ORDU A BHAINEAS LE FOGRA I dTAOBH CEISTEANNA.

1. Cuireadh in iúl don Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí go dtáinig den Satharn d’áireamh mar cheann de na trí lá a comhairtear le haghaidh fógra i dtaobh Ceisteanna Parlaiminte go raibh deacrachta i Ranna Stáit áirithe toisc giorracht na haimsire a fágadh ansin chun freagraí d’ullmhú ar shaghsanna áirithe Ceisteanna.


2. Chinn an Coiste ar mholadh go nglacfadh an Dáil leis an leasú seo a leanas ar Bhuan-Ordú 30, eadhon:


Na focail “ach ní cuirfear aon Cheist isteach” a scrios agus na focail “gan áireamh a dhéanamh” a chur ina n-ionad.


(Sínithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


24ú Samhain, 1949.