Committee Reports::Report - Waterford Harbour Commissioners (Acquisition of Property) Bill, 1963::28 February, 1964::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé Réamhrá an Bhille, go ndearna sé leasuithe áirithe dréachtóireachta ann agus gur chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na líomhaintí atá ann.


2. Bhreithnigh an Coiste an Bille agus rinne sé leasú air á fhoráil go gceapfaí eadránaithe i gcás aon easaontas a theacht idir Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus Córas Iompair Éireann maidir le feidhmiú aon cheart dá dtugtar do Chóras Iompair Éireann leis an gComhaontú agus leasú eile dréachtóireachta.


(Sínithe) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Feabhra, 1964.