Committee Reports::Report - Waterford Harbour Commissioners (Acquisition of Property) Bill, 1963::28 February, 1964::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

10 Iúil, 1963:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun Bille Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1963, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do leasú an Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, agus do dhéanamh socrú chun comhaontú a dhéanamh bailí agus i dtaobh nithe a bhaineann leis na nithe réamhráite.


18 Iúil, 1963:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun Bille Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1963, a bhreithniú.


13 Samhain, 1963:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Tomás Mac Giolla Phádraig, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


13 Samhain, 1963:— Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:— An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

17 Iúil, 1963:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 10ú lá d’Iúil, 1963, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun Bille Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1963, a bhreithniú.


19 Iúil, 1963:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun Bille Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1963, a bhreithniú.


20 Samhain, 1963:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Lionel Booth, Stiofán Ó Cochláin agus Seán Ó Flannagáin.


20 Samhain, 1963:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.