Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::12 November, 1964::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA II BEALTAINE, 1964.

1. Beidh an Coiste ag feitheamh ar na nótaí breise ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 3, 4 agus 12 de thuarascáil an Choiste dar dáta 22 Feabhra, 1961, ar chuntais na bliana dar chríoch 31 Márta, 1960, ar mhír 25 dá thuarascáil dar dáta 5 Meán Fómhair, 1962, ar chuntais na bliana dar chríoch 31 Márta, 1961, agus ar mhíreanna 20 agus 36 dá thuarascáil dar dáta 11 Iúil, 1963, ar chuntais na bliana dar chríoch 31 Márta, 1962.


2. Déileáiltear níos faide ar aghaidh sa tuarascáil seo le míreanna 6 agus 27, 10 go 12, 24 agus 30 dá thuarascáil dar dáta 11 Iúil, 1963.


GNÓTHAÍ EACHTRACHA

3. Tugann an Coiste dá aire gur lándeimhin leis an Aire i gcónaí go dtarlódh go gcuirfeadh sé as d’aíonna céimiúla sonraí a fhoilsiú ar chaiteachais aíochta agus tuigeann an Coiste go bhféadfadh sin a bheith amhlaidh i bhfíorbheagán cásanna maidir le cuairteoirí coigríche. Tugann an Coiste faoi deara, áfach, go dtugtar i gCuntais Leithreasa na Breataine sonraí réasúnacha ar an gcaiteachas aíochta, agus tá coinne ag an gCoiste go bhféadfaidh an tAire teacht fad áirithe le tuairimí an Choiste sa scéal seo.


SLÁINTE

Caiteachais údarás sláinte a rialú

4. Tugann an Coiste dá aire na feabhsuithe a tháinig ar na seirbhísí agus an tíobhas a rinneadh de dhroim údaráis sláinte áirithe a chónascadh.


5. I gcoitinne, dar leis an gCoiste, ba chóir gur leor an t-urlámhas a fheidhmíonn an Roinn Sláinte ar chaiteachas agus an t-iniúchadh a dhéanann na hIniúchóirí Rialtais Áitiúil chun a áirithiú go ndéanfadh na húdaráis sláinte riarachán tíobhasach. Is ábhar sásaimh é a thabhairt faoi deara go bhfuil dhá cheann de na húdaráis mhóra tar éis cógaslanna lárnacha a bhunú d’fhonn airgead a spáráil ar cheannach soláthairtí agus éifeachtúlacht a thabhairt i gcrích san urlámhas ar stoic. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó an raibh toradh mar ba mhian ar an socrú sin.


6. Tugadh faoi deara an t-ardú ar chostas druganna agus cógas leighis, agus an méadú le roinnt blianta anuas ar an gcionúireacht den chaiteachas ar chúrsaí sláinte is inchurtha i leith na nithe sin. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith aige an bhfuil cógaslann ag gabháil le gach ospidéal údaráis sláinte nó an poitigéirí miondíola a ullmhaíonn oidis d’othair sheachtracha i gcásanna áirithe.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

Páirteanna Breise a Dhiúscairt

7. Tugann an Coiste dá aire an toradh críochnaitheach a bhí ar dhiúscairt stóras barrachais agus seanstóras a bhí carnaithe thar tamall de bhlianta sa phríomh-cheardlann innealtóireachta. Bhain caillteanas mór dó chistí poiblí, ach tá súil ag an gCoiste gur foghlamaíodh ceachtanna tairbheacha i dtaobh a thábhachtaí atá sé pleanáil chúramach a dhéanamh roimh ré le haghaidh ceannach stóras, ag féachaint d’athruithe i ndearadh gléasra agus trealaimh nua-aimseartha agus d’fheabhsuithe ar a gcumas oibre.


Fardail faoi throscán in Ambasáidí agus Leagáideachtaí thar lear

8. Tugadh faoi deara an dul ar aghaidh a rinneadh agus beidh an Coiste ag feitheamh ar thoradh an scrúdaithe ar na fardail ag Oifig na nOibreacha Poiblí.


AN GARDA SÍOCHÁNA

Liúntais chothaithe a íoc

9. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire gur glacadh lena dtuairim gur chóir na rialacháin iomchuí a leasú chun a chur in iúl go soiléir nach bhfuil liúntas cothaithe iníoctha i leith tréimhsí a chaitheann na héilitheoirí ag baile. Tá súil aige nach mbainfidh aon mhoill le fógairt an leasaithe is gá ar na rialacháin.


TAILTE

10. Beidh suim ag an gCoiste sna tuairimí ar ar tháinig Coimisiún na Talún de thoradh a scrúdaithe ar thuarascáil an chomhairleora a bhí ag gabháil d’fheidhm thriaileach a bhaint as scéim bhónais ghríosaithe do na hoibrithe ar obair fhoirgníochta trí shaothar díreach.


TALMHAÍOCHT

Líon agus gráid na foirne lasmuigh atá ag gabháil do thionscadal na talún

11. Ón eolas a cuireadh ar fáil dó feiceann an Coiste gur thit meánmhéid na n-íocaíochtaí deontais i ngach mí i gcás gach oifigigh de ghrád 6 a fostaíodh, ó 5.6 in aghaidh 1959-60 go dtí 5.3 in aghaidh 1961-62. Tugann sé dá aire nach dtugann sé sin léargas iomlán ar an méid oibre a rinne an fhoireann lasmuigh, mar déanann siad obair eile i ndáil le Scéim na Leasachán agus d’údaráis áitiúla. Mar sin féin ní deimhin leis an gCoiste go bhfuil cion réasúnach oibre á chur i gcrích, agus molann sé athscrúdú a dhéanamh ar mhodhanna maoirseachta na hoibre lasmuigh féachaint an bhféadfaí tíobhas a thabhairt i gcrích.


Neamhrialtachtaí in éilimh ar íocaíochtaí ráthaíochta ag allmhaireoirí áirithe

12. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh in iúl de bharr comhairle dlí nár dhóigh go raibh dóthain fianaise ann chun a thabhairt gur chóir imeachtaí a thionscnamh i gcás mórsheisir de na hallmhaireoirí sin, agus go bhfuil breithniú á dhéanamh i dtaobh imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an dá onnmhaireoir eile. Nuair a bheidh críoch curtha leis an ní sin, ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar an toradh.


POIST AGUS TELEGRAFA

Nótaí Míniúcháin le Cuntais Leithreasa

13. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire go ndéanfar gach dícheall chun déanamh mar a theastaíonn uaidh i gcás nótaí míniúcháin.


Glactar leis go n-aontaíonn an tAire go raibh an míniú a foilsíodh i gcás fo-mhírcheann F.—Stórais agus Trealamh Innealtóireachta— míthreorach agus i bhfad ó bheith leordhóthanach. Ag féachaint don fhianaise a tugadh ina dhiaidh sin mheas an Coiste gurbh éigean dó na tuairimí a bhí ina thuarascáil a chur in iúl.


Tugtar faoi deara gur deacair amannta don Roinn Poist agus Telegrafa a rá roimh ré an iad foireann na Roinne a dhéanfaidh obair áirithe, agus stóras agus trealamh a ceannaíodh go díreach á n-úsáid acu, nó an conraitheoir lasmuigh a dhéanfaidh é. Ábhar iontais é sin mar anuas go dtí an bhliain atá faoi bhreithniú rinneadh soláthar le haghaidh obair chonarthach faoi mhírcheann ar leithligh, agus bheadh sé ar chumas an Aire Airgeadais urlámhas airgeadais éigin a fheidhmiú idir caiteachas ar oibreacha conarthacha agus caiteachas ar scéimeanna saothair dhírigh.


I gcás na Meastachán i leith na bliana atá faoi bhreithniú d’aontaigh Coiste a bhí ann cheana le togra an Aire Airgeadais uimhir na mírcheann a laghdú trí chinnteidil ghaolmhara a chónascadh d’fhonn costais riaracháin agus chlódóireachta a laghdú gan puinn difir a bheith san eolas a thabharfaí maidir leis an vóta, rud a chuirfeadh in áirithe nach mbeadh aon laghdú ar an urlámhas airgeadais. Ábhar imní, dá bhrí sin, a thabhairt faoi deara i gcás an chéad bhliain a bhí foirm athscrúdaithe an Mheastacháin i bhfeidhm gur laghdaíodh ar an urlámhas airgeadais. Ní háil leis an gCoiste cur as do na socruithe a rinne Coistí roimhe seo leis an Aire Airgeadais maidir leis na hócáidí ba chóir meastachán forlíontach a thabhairt os comhair Dháil Éireann. Mar gheall ar sin ní chuirfidh sé dlús leis an taobh sin den scéal. Ach is léir gur chóir modhanna neamhchúiseacha urlámhais airgeadais a léirscrúdú agus grinnmheas a dhéanamh féachaint ar chóir feidhm a bhaint as modhanna nua-aimseartha chun an sólathar airgeadais a choimeád faoi urlámhas críochnúil.


COSAINT

Ct. 181.


14. Tugann an Coiste dá aire gur theip ar an achomharc chun na Cúirte Uachtaraí. Mar a dúradh sa tuarascáil roimhe seo ón gCoiste, oifigeach neamhchoimisiúnta a ciontaíodh i maoin Airm ab fhiú £663 a ghoid, d’íoc sé £200 isteach sa chúirt agus tugadh tréimhse sé mhí dó chun an chuid eile a íoc. Láithreach tar éis an tréimhse sin a bheith caite rinneadh iarratas chun an fear sin a ghabháil ach cuireadh in iúl don Choiste gur chinn an Chúirt go raibh teipthe ar an iarratas toisc gur cheart é a dhéanamh laistigh de na sé mhí. Luadh leis an gCoiste go bhfuil na rialacha cúirte lochtach agus dá réir sin ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhfuiltear ar intinn iad a leasú.


CUID II—CUNTAIS AIRITHE

OIFIG AN AIRE AIRGEADAIS

15. Bhí nóta leis an Meastachán á chur in iúl go raibh seisear Oifigeach Feidhmiúcháin, de bhreis ar líon an teaghlachais, ar saoire speisialta le pá agus iad ag fáil traenáil ollscoile. Dúradh leis an gCoiste go raibh de dhea-éifeacht leis an scéim seo gur mhéadaigh sé go mór an méid iarrthóirí le haghaidh ceapachán Oifigigh Feidhmiúcháin, ach gur chúis díomá na torthaí toisc go raibh scoláireachtaí eile ag cuid de na hiarrthóirí buaiteacha agus nár theastaigh uathu go mbeadh sé de cheangal orthu an tsuim mhór airgid a bhí i gceist a aisíoc dá mba rud é nach dtiocfaidís ar ais isteach sa státseirbhís. Tharraing an Roinn Airgeadais an scéim siar le déanaí lena hathbhreithniú.


Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dóibh cad é costas na scéime sin, cad é an méid scoláireachtaí a tugadh, cé mhéad iarrthóirí atá tar éis teacht ar ais sa státseirbhís, agus cad é méid na n-aisíocaíochtaí a fuarthas.


AN GARDA SÍOCHÁNA

16. Déantar airgead a fuarthas as seirbhísí a thug an Garda Síochána ag spórtchruinnithe, etc., a thabhairt chun creidmheasa mar leithreasaíi-gcabhair don vóta seo. Cuireadh in iúl don Choiste go méadaítear na táillí i leith na seirbhísí sin de réir mar a ardaítear pá na nGardaí. Tugtar faoi deara, áfach, gur lú an méid a fuarthas sa bhliain atá faoi bhreithniú ná fáltas na bliana roimhe sin agus, cé go bhféadfaí a rá mar mhíniú air sin gur lú a raibh ann de chruinnithe dá leithéid, ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith acu an le rialacháin a shocraítear na táillí agus cad é an nós imeachta atá ann chun a dheimhniú go ngnóthófar aon suimeanna a bhíonn dlite.


17. Ba mhaith leis an gCoiste go ndéanfaí breithniú faoi bhreis eolais a thabhairt thar mar atá ag gabháil leis an gcuntas leithreasa maidir le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána.


Tugann sé dá aire go ndearnadh £2,321 a bhí i gcuntais fionraíochta a chur leis an iarmhéid £8,170 a bhí ar láimh i ndeireadh na bliana.


PRÍOSÚIN

Foscríbhinn VII.


18. Tá £24,290 á mhuirearú sa chuntas seo ar chothabháil 113 phríosúnach a bhí á gcoinneáil in Ospidéil Meabhair-Ghalair Cheantair. Tugtar faoi deara gur 491 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí i bpríosún sa bhliain atá faoi bhreithniú. I ráiteas ón Oifigeach Cuntais atá ag gabháil leis an Tuarascáil seo mar Fhoscríbhinn tugtar eolas a d’iarr an Coiste maidir le príosúnaigh a bhí á gcoinneáil sna hOspidéil Meabhair-Ghalair Cheantair, agus deirtear ann gur 89 meánlíon laethúil na n-othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar i nDún Droma. £60,773 de chaiteachas a bhain leis an tseirbhís deiridh sin agus tá vóta ar leithligh (Uimh. 55) ann ina haghaidh. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear le haghaidh cóireáil meabhair-ghalar i gcás príosúnaigh ag gabháil thar teorainn a chéile agus an bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le tíobhas.


SLÁINTE

19. Tá súil ag an gCoiste go gcuirfear ina luí ar na hÚdaráis Sláinte lena mbaineann a thábhachtaí atá sé aicmiú ceart a dhéanamh ar chaiteachas.


Ag féachaint don mhéadú atá ag teacht ar an gcaiteachas ar na seirbhísí sláinte sna blianta deiridh seo, d’fhiafraigh an Coiste an bhféadfadh an Roinn a rá go dtiocfadh laghdú san am atá faoi léargas rompu. Tá áthas air a chloisteáil go bhfuil costas cóireála na heitinne ag dul i laghad i gcónaí, agus leis an dul chun cinn in eolaíocht na míochaine, agus le heagrú níos fearr, go dtiocfaidh laghdú suntasach ar líon na n-othar in ospidéil mheabhair-ghalar, agus gur dócha go dtiocfaidh laghdú freisin ar chostais. Ach i gcás na n-ospidéal ginearálta, ní fhaca an Roinn mórán dá chosúlacht ann go dtiocfadh laghdú ar chaiteachas, mar gheall ar na teicníochtaí nua cóireála, agus ar luach saothair a bhfoirne a bheith ag ardú, rud a bhí ina chuid an-tábhachtach den chaiteachas a bhain leis an tseirbhís seo.


Sa tuarascáil uaidh dar dáta 6 Aibreán, 1960, bhí an Coiste in éidearbhadh an raibh cuntais ar chostais á gcoimeád ag na hÚdaráis, ar mhaithe le barrainneacht agus éifeacht, agus tugadh mioneolas dó i dtaobh na bhfreagrachtaí áirithe a ghabh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Sláinte orthu féin chun caiteachas a rialú. Ag filleadh ar an gceist seo measann an Coiste nach foláir nó tá baint thábhachtach ag úsáid na cóiríochta leapan sna hospidéil ghinearálta le cúrsaí tíobhais i riarachán na seirbhíse sláinte. Ba mhór an spéis leis an gCoiste é a fháil amach cad é an neaschoibhneas le haghaidh úsáid na cóiríochta leapan i gcás na gcineálacha éagsúla ospidéal.


POIST AGUS TELEGRAFA

20. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl go raibh stórais ann a chosain £558,469, as an iomlán dar ceannaíodh ar chostas £2,083,534, nach raibh íoctha astu ar an 31 Márta, 1963. Tagraíodh do cheist dá samhail i gcuntais 1961-62 agus tá sé ráite i mír 30 dá Thuarascáil dar dáta 11 Iúil, 1963, gur chúram leis an gCoiste an mhoill a tharlaíonn maidir le cuntais a shocrú agus na dliteanais mhóra a thugtar ar aghaidh i leith stóras seachadta. Fuarthas d’fhianaise freisin ón Oifigeach Cuntais go raibh conrathóirí righin ag tabhairt a gcuntas, rud a chuir ábhar iontais ar an gCoiste. Tugann an Coiste dá aire ó mhiontuairisc de chuid an Aire Airgeadais ar a thuarascáil roimhe seo go bhfuil a nós imeachta á athbhreithniú ag an Roinn Poist agus Telegrafa d’fhonn deireadh a chur le haon rómhoill ag íoc as stórais a soláthraíodh, agus tá súil aige go gcomhlíonfar gealltanas an Oifigigh Chuntais go mbeidh feabhas mór ar an gcúrsa sa bhliain 1963-64.


ROINN NA GAELTACHTA

21. Breithníodh tuilleadh na ceisteanna a bhí i dtrácht i mír 24 den tuarascáil roimhe seo ón gCoiste i dtaobh na dtithe gloine le frámaí alúmanaim a tógadh i gConamara agus i nDeisceart Mhaigh Eo agus ar bhain mórchuid damáiste dóibh de dheasca stoirme i Meán Fómhair, 1961. Tugadh faoi deara na cúiseanna ar sonraíodh frámaí alúmanaim in ionad na bhfrámaí adhmaid a bhíodh á n-úsáid i gcónaí cheana ach, ó tharla go raibh caiteachas tuairim £40,000 i gceist, is é tuairim an Choiste i gcónaí nár mhiste aon teach gloine amháin le frámaí alúmanaim a thógáil chun triail a bhaint as.


Rinneadh damáiste d’fhiche teach. Tá tithe gloine nua le frámaí adhmaid curtha in ionad ocht gcinn acu sin agus tugadh seilbh orthu do na daoine atá páirteach sa scéim. Tá láithreacha an dá theach déag eile á nglanadh mar ní theastaíonn ó na daoine lenar bhain siad dul ar aghaidh leis an scéim.


Ceann de na deacrachtaí lenar theagmhaigh an Coiste agus an cás seo á scrúdú aige ba é freagracht an Oifigigh Chuntais a bheith i bhfad ón tseirbhís atá i gceist é. Mar gheall air sin ba lú an fiúntas a bhí ina fhianaise agus d’fhéadfadh sé nár chruinn an treoir í don Choiste ag teacht dó ar bhreith i dtaobh na bpointí a bhí faoi chaibidil. Tugtar faoi deara go bhfuiltear le heolas a thabhairt don Choiste nuair a chinnfear go deiridh glanmhéid an chaillteanais a bhain do chistí poiblí.


IOMPAR AGUS CUMHACHT

Foscríbhinn XVIII.


22. Tá sé ráite i nóta a ghabhann leis an gcuntas gur íocadh le dhá chéad seachtó agus seisear fostaí a raibh a bhformhór ag obair sna seirbhísí Meitéareolaíochta, Raidio-Eitleoireachta agus Rialúcháin Aer-Thráchta, suimeanna ó £51 go £538 i leith freastail bhreise agus dualgas speisialta. Taispeánann meabhrán ón Oifigeach Cuntais go bhfuair naonúr oifigeach is fiche suimeanna de bhreis ar £200 mar liúntais as obair oíche nó bhreisama. Tugtar faoi deara gurbh éigean don fhoireann Raidio-Sheirbhíse tréimhsí fada breisama a oibriú mar gheall ar chúinsí neamhghnácha.


Cé go bhfuil an Coiste sásta leis na mínithe a tugadh dó, tá súil aige, mar gheall ar an mbaol mí-éifeachtúlachta de dheasca tuirse a thagann ó thréimhsí rófhada oibre, go ndéanfar gach iarracht chun teorainn docht a choinneáil le hobair bhreisama ag oifigigh.


TIONSCAL AGUS TRÁCHTÁIL

23. Muirearaíodh £22,000 ar an vóta i leith caillteanais faoina ndeachthas mar gheall ar ráthaíocht iasachta trádála a thug an tAire i mBealtaine, 1955, in aghaidh iasacht bainc don Slaney Cabinet Works. £30,000 a bhí san iasacht bhunaidh ach theip ar an gcuideachta a cuid oibleagáidí a ghlanadh agus iarradh ar an Aire a ráthaíocht a chomhlíonadh. Íocadh £30,218, agus ús a áireamh, as an bPríomh-Chiste leis an mbanc. Cheap an tAire glacadóir i bhFeabhra, 1959 agus choinnigh seisean an gnó ar siúl go dtí Eanáir, 1960, nuair a díoladh é mar ghnó faoi sheol. £20,688 ar fad a fuair an glacadóir, agus as sin bhí £1,307 ag teastáil le haghaidh creidiúnaithe tosaíochta, agus £11,161 le haghaidh caiteachais seolta an ghnó, ar a n-áirítear £3,430 i leith a tháillí agus a eisíocaíochtaí. Mar gheall ar an mór-chaillteanas a bhain don Státchiste sa chás seo ba mhaith leis an gCoiste go dtabharfaí dó cóip den chuntas glacadóireachta maraon le mioneolas ar tháillí agus eisíocaíochtaí an ghlacadóra, óir measann sé go bhfuil siad roinnt ard. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith aige freisin cén fáth ar thóg sé beagnach dhá mhí dhéag an gnó a réiteach.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

Foscríbhinn II. do. XXI.


24. Bhí breithniú á dhéanamh ag an gCoiste roimhe seo ar cheisteanna a ardaíodh i dtaobh ionad traenála earcach do na Gardaí a dhéanamh de Bheairic Mhíleata an Teampaill Mhóir, agus thug sé dá aire nótaí an Aire Airgeadais ar mhíreanna 10, 11 agus 12 dá thuarascáil dar dáta 11 Iúil, 1963. I gcás na bliana atá faoi bhreithniú thaispeáin a thuilleadh fianaise gur £282,500 an méid a measadh i gcéaduair a chosnódh sé na foirgnimh a bhí ann a athfhoirgniú agus gur £102,500 a chosnódh sé foirgnimh nua a sholáthar. De thoradh athscrúdaithe athraíodh na suimeanna sin go £302,200 agus £124,300, faoi seach. Feicfear ó Fhoscríbhinn XXI gur ordaíodh cuid mhór oibreacha breise, de thoradh iarsmaoinimh, de réir dealraimh, agus ardóidh siad sin costas deiridh na scéime go dtí tuairim £576,500 móide táillí agus costas troscáin.


Mhínigh an tOifigeach Cuntais go raibh na hailtirí tar éis dul i gcomhairle le chéile maidir leis an ngá a bhí leis na hoibreacha breise agus gur shíl sé go n-aontódh na hailtirí nárbh fholáir na hoibreacha sin a dhéanamh má bhí uathu an beart a chuir siad rompu a chomhlíonadh. Bhí glactha leis ag an gCoiste gur ullmhaíodh plean ginearálta roimh ré don scéim athrúcháin. Is ábhar imní é don Choiste, dá bhrí sin, go bhfuarthas nach raibh an plean sin iomlán agus go raibh gá le mórchuid oibre breise. Sa chonradh seo ní raibh aon phraghas cinnte ó thosach—conradh díshriantach ab ea é le héilimh ag ardú faoin gclásal athraithe praghais. Níl aon dabht in aigne an Choiste ná gurbh iad na conarthaí praghais chinnte an tslí cheart chun costais a rialú.


25. Cuireadh in iúl don Choiste gur measadh táillí na n-ailtirí agus na suirbhéirí cainníochta ar £35,000 nuair a thosaigh an obair. Measadh iad le déanaí ar £60,000 ach ní fios fós cá mhéad a bheidh orthu sa deireadh. Braitheann an Coiste gur chóir go bhféadfaí i gconarthaí móra dá leithéid seo socrú ar tháille trí chomhaontú leis na hailtirí agus na suirbhéirí cainníochta agus gur tháinig borradh faoi na táillí mar gheall ar na nithe dá dtagraítear i mír 24.


26. Sa tuarascáil roimhe seo thrácht an Coiste ar na deacrachtaí a tháinig den fhreagracht maidir le húrlamhas airgeadais a roinnt. Cuireadh strus air sin arís sa bhliain atá faoi bhreithniú. Is léir ó fhianaise an Oifigigh Chuntais nach raibh freagracht iomlán air agus ba lú a tairbhe, dá bhrí sin, chun teacht ar bhreith chinnte i dtaobh na nithe atá i dtrácht.


Nuair a bheidh na figiúirí deiridh don scéim ar fáil, fillfidh an Coiste ar an gceist seo.


27. San am atá caite is le saothar díreach a cuireadh i gcrích scéimeanna siltin a ghabh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ar láimh faoi fhorálacha an Achta Siltin Airtéirigh, 1945, ach sa bhliain atá faoi bhreithniú cinneadh ar thriail a bhaint as conraitheoir a fhostú ar scéim idirmheánach ar abhainn. Glacadh lena thairiscint, £35,900, le haghaidh obair shonraithe in abhantrach Abha Mheadhoin, ach tar éis tosú ar an obair sin ceadaíodh tuilleadh oibre bruach-chosanta de bhreis ar an méid a sonraíodh sa chonradh. Bhí £45,494 caite faoin gconradh um an 31 Márta, 1963. Ceistíodh an tOifigeach Cuntais mar gheall ar na buntáistí a bhain le hobair faoi chonradh i gcomparáid le saothar díreach i gcás obair den sórt sin, ach b’fhearr leis gan tuairim a thabhairt go dtí go bhfaighfear a thuilleadh taithí de bharr trí scéim eile atá ar siúl. Cuirfidh an Coiste suim sa toradh.


CÚNAMH SÓISIALACH

28. Faisnéiseadh don Choiste i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur gnóthaíodh na suimeanna seo a leanas i leith ró-íocaíochtaí a muirearaíodh i gcuntais bhlianta roimhe seo:—£30,641 in airgead a creidiúnaíodh do leithreasaí-i-gcabhair agus £5,817 a coinníodh siar as suimeanna a raibh teideal chucu i láthair na huaire.


Áiríodh £7,166 de ró-íocaíochtaí mar shuim nárbh fhéidir a ghnóthú agus bhí £65,114 ar fad sa mhéid ró-íocaíochtaí nach raibh socraithe um an 31 Márta, 1963. Sa bhliain atá faoi bhreithniú cuireadh an dlí ar 60 duine mar gheall ar chúnamh sóisialach a fháil go mírialta nó iarracht a dhéanamh é a fháil go mírialta agus fuarthas ciontach iad i 57 gcás. Le linn na fianaise nochtadh an t-eolas nach ndearnadh aon ionchúiseamh i leith ró-íocaíochtaí pinsean seanaoise agus gur imeachtaí sibhialta a tionscnaíodh chun airgead a ghnóthú nuair ba ghá é i gcásanna den sórt sin. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith acu cé mhéid cás inar tionscnaíodh imeachtaí sibhialta, cad é an méid a bhí i gceist, agus cad é an méid a gnóthaíodh.


TALMHAÍOCHT

Tionscadal na Talún

29. Cuireadh in iúl don Choiste go ndéantar meastacháin le haghaidh oibre faoi Thionscadal na Talún a ríomh de réir na gcostas áitiúil tráth na meastachán a dhéanamh.


Ní théann na deontais is iníoctha thar dhá dtrian den chostas measta, faoi réir uasmhéid £30 an t-acra reachtúil. Dúradh le linn na fianaise go raibh, tríd is tríd, méadú mar a leanas ag teacht le blianta anuas ar mheánmhéid an deontais an t-acra:—


1958-59

:

£14 16s. 0d.

1959-60

:

£14 11s. 0d.

1960-61

:

£13 12s. 0d.

1961-62

:

£15 4s. 0d.

1962-63

:

£16 5s. 0d.

1963-64

:

£18-£20

Taobh amuigh de mhéadú ar rátaí pá a bheadh ina chúis leis an ardú ar chostais, tugann an Coiste dá aire go dtaispeánann an treoghluaiseacht ó 1960-61 go dtí 1963-64 ardú tuairim 50% sna rátaí iomlána in aghaidh an acra. Ba mhaith leis go n-inseofaí dó cad iad na nithe eile a thug an méadú mór sin orthu.


An Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh

30. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás nár leanadh an gnáthchleachtas maidir le tairiscintí co mórtais chun ba frithghníomhacha a dhíol le gnólachtaí cannaithe sa ráithe dar chríoch 31 Márta, 1963. Níor áirigh an Roinn mar thairiscintí comórtais tairiscintí comhfhiontair a cuireadh isteach ó na limistéir tairisceana éagsúla i sé chontae an deiscirt, ach tar éis an scéal a phlé leis na gnólachtaí glacadh le tairiscint a thug praghas níos fearr. Dúradh leis an gCoiste gur thosaigh an Roinn, an 1 Deireadh Fómhair, 1962, ar na ba frithghníomhacha a bhí á gcur ar fáil i sé chontae an deiscirt a cheannach go díreach. Toisc gur tugadh faoi deara go raibh ionannas áirithe sna tairiscintí a cuireadh isteach don ráithe dar thosach an dáta sin, cinneadh go mbeadh sé de cheart ag an Roinn, dá gcuirfí isteach tairiscintí comhionanna don ráithe dar chríoch 31 Márta, 1963, na gnólachtaí a nglacfaí lena dtairiscintí a roghnú trí chrannchur. Ach cuireadh tairiscintí isteach mar thairiscintí comhfhiontair, is é sin, i gcás gach cuid de na trí chuid ina raibh an limistéar roinnte, dhealraigh sé gur socraíodh na tairiscintí a fuarthas ó ghnólachtaí sa tslí go bhfaigheadh gach gnólacht acu méid áirithe gnó i limistéar éigin. Níor measadh, áfach, gur nós imeachta neamhdhleathach é sin. Pléadh an cheist ag cruinnithe leis na gnólachtaí agus d’áitigh siad sin go raibh, ina dtuairim sin, rud fíor-thábhachtach tar éis tarlú mar go raibh an Stát ag déileáil le cion an-mhór dá n-amhábhar a bheadh de ghnáth á cheannach acu ar an ngnáthmhodh tráchtála; go bhféadfadh sé go dtiocfadh de scéim na dtairiscintí comórtais go gcaithfeadh monarchana áirithe dúnadh mar gheall ar mhonarchana eile a bheith ag fáil formhór na gconarthaí; agus gur phraghas cothrom réasúnach an praghas a bhí á thairiscint. De thoradh na cainte, áfach, d’ardaigh na gnólachtaí a gcomhthairiscint tuairim leathphingin an lb., ar an meán, agus glacadh leis sin.


Cuireadh in iúl don Choiste freisin go raibh scéim na heitinne bólachta ag an am sin i gcor an-ghéibheannach maidir lena scriosadh go tapa agus mar gheall air sin nach bhféadfaí moill a dhéanamh ná conradh a fhágáil gan déanamh de bhrí go moilleofaí an scéim agus go bhféadfadh sí bheith ní ba chostasaí ar deireadh thiar. Ina theannta sin, ní raibh aon mhargadh ar fáil do na ba frithghníomhacha sin ach sa tionscal áirithe sin amháin. Ach shíl an Roinn go raibh an leathphingin breise san lb. a tairgeadh ar deireadh pas íseal.


Tá an Coiste tar éis an fhianaise a cuireadh ina láthair a bhreithniú agus tugann sé faoi deara a dlúthbhaint le hábhair dá samhail ar a bhfuil trácht i míreanna 6 agus 27 dá Thuarascáil ar Chuntais 1961-62. Is cúis imní leis cosúlacht a bheith ann go ndeachaigh na gnólachtaí eannaithe i ndáil a chéile d’fhonn buntáiste a fháil ar an Roinn agus í ag iarraidh ba frithghníomhacha a chur de láimh ar phraghas cothrom réasúnach. Ba mhaith leis a fháil amach, dá réir sin, cá mhéid atá an Roinn in ann a dheimhniú di féin nach ndearna na gnólachtaí cannaithe brabúis iomarcacha ar chostas an Státchiste.


Íocaíochtaí leis an gCoimisiún Muc agus Bagúin

31. Déantar íocaíochtaí as an Vóta le haghaidh Talmhaíochta leis an gCoimisiún Muc agus Bagúin i ndáil le scéim a oibriú a thacódh leis na praghsanna ar bhagún de Ghrád A a onnmhairítear. Ar iarratas ón gCoiste, cuireadh Cuntais an Choimisiúin don bhliain dar críoch 31 Nollaig, 1962, ar fáil mar eolas dó. Bíodh go dtuigtear dó go gcuireann an scéim fóirdheontas ar fáil do leasaitheoirí d’aonghnó chun an difríocht a dhéanamh suas idir praghsanna ar an margadh agus na praghsanna ráthaithe ba mhaith leo a fhios a bheith acu cad é an bonn ar a gcinntear na praghsanna ráthaithe, go háirithe mar gheall ar an muirear a chuirtear ar an Státchiste.


Táirgí Déiríochta a chur ar an Margadh, etc.

32. As an soláthar a rinneadh sa Vóta chun Táirgí Déiríochta, etc., a chur ar an margadh, íocadh £2,172,031 leis an mBord Bainne i gcaitheamh na bliana cuntais. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste nach raibh Cuntais an Bhoird don bhliain atá faoi bhreithniú ar fáil. Is rud ríthábhachtach leis an gCoiste é go gcuirfí na cuntais faoi bhráid an Oireachtais go tráthúil agus is ionadh leo an mhoill mhór sa chás seo.


Scéimeanna Speisialta Talmhaíochta, etc.

33. Faoi na Scéimeanna chun Síolta a Dháileadh, theip ar cheannaí prátaí síl a sholáthar faoi mar a bhí ceangailte air de réir a chonartha agus cuireadh an Roinn faoi chaiteachas breise £394 chun soláthairtí a chur ar fáil ina n-ionad. Chuir an Roinn an fhreagracht sa chaillteanas iarmartach ar an gconraitheoir ach tugadh comhairle dlí di níos déanaí gur bheag an seans a bheadh aici an caillteanas a ghnóthú sa chúirt. De bharr margántaíochta glacadh le £51 ón gconraitheoir agus díscríobhadh an fuílleach £343. Ar roinnt ócáidí le blianta beaga anuas, thrácht Coistí roimhe seo ar chaillteanais a tharla toisc gan téarmaí na gconarthaí a bheith curtha i bhfeidhm. Is cúis anbhuaine leis an gCoiste seo é a fháil amach gurbh é an chomhairle dlí a fuair an Roinn gur bhocht an seans a bheadh ag an gcás seo sna cúirteanna. Ba mhaith leis dá réir sin go léireofaí an taobh dlíthiúil den scéal níos fearr dó, agus go háirithe go gcuirfí in iúl dó an ndearna an Roinn aon mhoill mhíréasúnach ag cur a héilimh i bhfoirm agus má rinne, arbh é sin an rud a thug nárbh bhféidir an conradh a chur i bhfeidhm.


TAILTE

34. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar íocaíocht £400 mar chúiteamh le himirceach i leith lochtaí ar theach cónaithe a thóg conraitheoir do Choimisiún na Talún ar an ngabháltas a tugadh dó. Ón bhfianaise a tugadh, dhealródh sé go ndearna an conraitheoir seo conradh chun trí theach cónaithe a thógáil ar £4,650 ar eastát i gCo. Chill Dara. Bhí lochtaí móra ar na tithe agus d’éiligh na himircigh cúiteamh. Tá cás amháin socraithe agus tá an dá éileamh eile faoi bhreithniú. Táthar tar éis duine de na himircigh a aistriú go dtí teach eile agus b’fhéidir go gcaithfí déileáil amhlaidh leis an mbeirt eile. Tá athshlánú na dtithe lochtacha á bhreithniú, freisin, agus b’fhéidir go gcaithfí imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh in aghaidh an chonraitheora nó a urraí ar ball.


Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí cibé cora nua a thiocfadh ar an gcás seo in iúl dó.


GINEARÁLTA

35. Le linn don Choiste bheith ag plé cúrsaí chuaigh sé ina luí air go raibh suimeanna móra d’airgead vótáilte á n-íoc le comhlachtaí Stát-urraithe. Faoi reachtanna éagsúla is é an Bord nó cibé údarás eile arb é a chúram é atá freagrach sa chaiteachas, agus cuirtear a gcuid tuarascálacha agus cuntas faoi bhráid dhá Teach an Oireachtais de ghnáth. Is é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a iniúchann formhór na gcuntas dá dtagraítear, ach níl foráil ar bith i mBuan-Orduithe Dháil Éireann chun na cuntais sin a chur faoi bhráid an Choiste lena scrúdú agus le tuarascáil orthu a chur faoi bhráid Dháil Éireann.


Níl sé mar nós ag Dáil Éireann cuntais chomhlachtaí Stát-urraithe a bhreithniú go foirmiúil. Is ceist í seo a bhí faoi thrácht go minic ag dhá Theach an Oireachtais gan teacht ar aon chinneadh deimhnitheach. Molann an Coiste, mar chéad chéim, go ndéanfaí breithniú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann a leasú chun a shocrú, nuair is iomchuí sin, go ndéanfaí cuntais iniúchta comhlachtaí a fhaigheann cúnamh as airgead vótáilte a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí.


(Sínithe) DONNCHADH MAC EOIN,


Cathaoirleach.


12 Samhain, 1964.