Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::12 November, 1964::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

24 Deireadh Fómhair, 1963:— Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; d’ainneoin aon ní atá sa Bhuan-Ordú sin go mbeidh an Coiste comhdhéanta de thrí chomhalta dhéag agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1963, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


7 Samhain, 1963:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Nioclás Mac Aodhagáin, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Mac Seóin, Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair, Ó Searbháin agus Ó Treasaigh.