Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::24 June, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 24 Meitheamh, 1964.

Wednesday, 24th June, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí de Brún, Ó Deasmhumhnaigh, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Ginearálta) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 126 de 1963].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Breitheanna agus Achomhairc Cúnaimh) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh 127 de 1963].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 168 de 1963].


Na Rialacháin um an Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Rátaí na Ranníocaí Seachtainiúla agus an tSochair-Fhorlíontaigh a Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 128 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Stánaithe agus Reoite Torthaí agus Glasraí) (Eisiamh), 1963 [(I.R. Uimh. 130 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Múnlaí Iarainn) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 133 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Líneáil Chniotáilte Réóin) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 195 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Fíodóireachta Cairpéad) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 197 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na hOlla i dTrá Lí) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 198 de 1963].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1963 [I.R. Uimh. 123 de 1963].


An tOrdú um Éanacha Fiáine (Ceantar an Locha, Cathair Chorcaí), 1963 [I. R. Uimh. 124 de 1963].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Leasú) 1963 [I.R. Uimh. 109 de 1963].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bhólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), 1963 [I.R. Uimh. 110 de 1963].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 111 de 1963].


Na Rialacháin um Chruinnithe Cúrsála Údaraithe (Díolmhadh ó Thobhach), 1963 [I.R. Uimh. 122 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Droichid Mheáchain), 1963 [I.R. Uimh. 192 de 1963].


An tOrdú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhairiú Earraí Siúcra) (Uimh. 2), 1963 [I.R. Uimh. 170 de 1963].


An tOrdú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhairiú Síoróipí Siúcra agus Siúcra Saorga), 1963 [I.R. Uimh. 171 de 1963].


Na Rialacháin Raidió-theileagra-faíochta (Trasnaíl ó Mhótair Leictreachais a Rialú), 1963 [I.R. Uimh. 108 de 1963].


An tOrdú um An Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)), 1963 [I.R. Uimh. 36 de 1963].


An tOrdú um Chóras Iompair Éireann (Baile an Ghearlanaigh— Dún Dealgan) (Crosaire Comhréidh an Chimín), 1963 [I.R. Uimh. 161 de 1963].


An tOrdú Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Táillí agus Rátaí), 1963 (Cúlghairm), 1963 [I.R. Uimh. 120 de 1963].


Na Rialacháin um Théiteoirí Ola (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 178 de 1963].


An tOrdú um an Bord Gráin (Feidhmeanna Breise a Shannadh), 1963 [I.R. Uimh. 160 de 1963].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1963 [I.R. Uimh. 166 de 1963].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Plódú) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 175 de 1963].


An tOrdú um Ospidéal Déadliachta Bhaile Átha Cliath (Bunú), 1963 [I.R. Uimh. 129 de 1963].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963].


An Barántas Leasaithe Teileagraf (Teileagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 8), 1963 [I.R. Uimh. 179 de 1963].


Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 199 de 1963].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.