Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::10 June, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 10 Meitheamh, 1964.

Wednesday, 10th June, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí de Brún, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Aerloingseoireachta (Táillí), 1963 [I.R. Uimh. 65 de 1963].


An tOrdú Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Táillí agus Rátaí), 1963 [I.R. Uimh. 87 de 1963].


An tOrdú Aerloingseoireachta (Náisiúntacht agus Clárú Aerárthaí), 1963 [I.R. Uimh. 88 de 1963].


Na Rialacháin fán Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe) 1961 (Alt 10), 1963 [I.R. Uimh. 57 de 1963].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1963 [I.R. Uimh. 39 de 1963].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1963 [I.R. Uimh. 91 de 1963].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1963 [I.R. Uimh. 28 de 1963].


Rialacháin na mBannaí Talún (Bannaí Talún 6% a Tharraingt), 1963 [I.R. Uimh. 14 de 1963].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 9), 1963 [I.R. Uimh. 23 de 1963].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tástáil 30-Lá), 1963 [I.R. Uimh. 76 de 1963].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 10), 1963.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann S. 4.


Na Rialacháin um an Acht Loingis Thráchtála, 1955 (alt 62), 1963 [I.R. Uimh. 77 de 1963].


Na Rialacháin um an Acht Loingis Thráchtála, 1955 (alt 76), 1963 [I.R. Uimh. 78 de 1963].


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Rialú ar Dhíol), 1963 [I.R. Uimh. 82 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na mBréad) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 85 de 1963].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an tSnaschraicinn) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 86 de 1963].


An tOrdú um an Aire Rialtais Áitiúil (Gníomhaireacht), 1962.


An tOrdú um An Bord Gráin (Feidhm Breise a Shannadh) (Uimh. 3), 1962.


An tOrdú um Fhorchur Dleachtanna (Táirgí Iarainn agus Cruach) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 70 de 1963].


An tOrdú um Fhorchur Dleachtanna (Táirgí Iarainn agus Cruach) 1963 [I.R. Uimh. 19 de 1963].


An tOrdú um Fhorchur Dleachtanna (Iascghlae agus Geilitin Inite, 1962 [I.R. Uimh. 177 de 1962].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 3), 1962.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann R.Ó.É. A.7—Leasuithe.


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir) (Oibriú) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 33 de 1963].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Díolúine Speisialta), 1963.


An tOrdú um an Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 (Tosach Feidhme alt 16), 1963 [I.R. Uimh. 26 de 1963].


An tOrdú um an Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 (Tosach Feidhme alt 17), 1963 [I.R. Uimh. 80 de 1963].


An tOrdú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le hEarraí Siúcra a Onnmhairiú, 1963 [I.R. Uimh. 60 de 1963].


An tOrdú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le Síoróipí Siúcra a Onnmhairiú), 1963 [I.R. Uimh. 59 de 1963].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Tobhach ar Bhainne), 1963 [I.R. Uimh. 72 de 1963].


An tOrdú um Bord Bainne Chorcaí (Praghsanna Íosta Bainne), 1963 [I.R. Uimh. 66 de 1963].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta Bainne), 1963 [I.R. Uimh. 67 de 1963].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1963 [I.R. Uimh. 27 de 1963].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath) (Uimh. 2), 1963 [I.R. Uimh. 64 de 1963].


An tOrdú um Líonta Iascaigh (Mogall a Rialáil) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 47 de 1963].


An tOrdú i dtaobh Éisc Mhara atá Róbheag (Gliomaigh), 1963 [I.R. Uimh. 52 de 1963].


Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairmoideachais (Liúntais do Chomhaltaí), 1963 [I.R. Uimh. 114 de 1963].


Scéim Aoisliúntas na Meánmhúinteoirí (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 112 de 1963].


Na Rialacháin Aturnaetha (Ciste Cúitimh), 1963 [I.R. Uimh. 115 de 1963].


Na Rialacháin um Sholáthar Uisce agus Aiseanna Séarachta Príobháideacha, 1963 [I.R. Uimh. 117 de 1963].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Corcaigh), 1963 [I.R. Uimh. 29 de 1963].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Luimneach), 1963 [I.R. Uimh. 30 de 1963].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Port Láirge), 1963 [I.R. Uimh. 31 de 1963].


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an údarás lena mbaineann ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an Choiste mar fhínné chun an ionstraim a mhíniú:—


Na Rialacháin um Dhíolacháin Phoiblí Cúnna, 1963 [I.R. Uimh. 34 de 1963].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.50 p.m.