Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::31 July, 1963::Report

TUARASCÁIL

CUID I.

1. Ó ceapadh é, scrúdaigh an Roghchoiste an dá chéad tríocha a trí (233) n-ionstraim reachtúil atá ar liosta sna hImeachtaí. I gcúrsa comhfhreagrais le húdarás amháin a dhéanann ionstraimí fuair an Coiste amach nach raibh aon cheanglas dlíthiúil ann, i gcás ionstraim amháin de na hionstraimí seo a leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann mar thíolacadh reachtúil, an ionstraim sin a thíolacadh agus ar an ábhar sin, nár tháinig sé faoi théarmaí Ordaithe Thagartha an Choiste. Tá cóipeanna den chomhfhreagras seo léirithe i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


2. Chinn an Roghchoiste, ar na hionstraimí a scrúdaíodh, gur cheart aire speisialta a dhíriú ar an aon ionstraim déag a dtugtar sonraí ina dtaobh i gCuid II den Tuarascáil seo.


3. Chomh maith le bheith ag díriú aire speisialta ar ionstraimí sonraithe, is mian leis an Roghchoiste a thuairimí i gcoitinne a nochtadh ar nithe a tháinig faoina aire le linn a dhíospóireachtaí. Tá na tuairimí seo le fáil i gCuid III den Tuarascáil seo.


4. De réir a Ordaithe Thagartha thug an Roghchoiste, sula ndearna sé a thuarascáil, seans do gach Roinn Rialtais nó Udarás eile lenar bhain an scéal cibé míniú a thabhairt ab iomchuí leis an údarás a rinne an ionstraim. Gheofar cóipeanna de na meabhráin a soláthraíodh mar mhínithe den sórt sin i bhFoscríbhinní II go IX a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Tá an fhianaise bhéil a glacadh maidir le hionstraimí áirithe i Miontuairiscí na Fianaise.


CUID II.

5. Mheas an Roghchoiste nár ghá aird speisialta a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i), (ii) nó (v) dá Ordú Tagartha.


6. Ar fhoras (iii) is é sin “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi á déanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á díriú ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Scéim Aoisliúntas Bhord Soláthair an Leictreachais (Comhaltaí), 1961.


Ina thuarascáil den 3 Lúnasa, 1961 (T.183-Pr. 6167), dhírigh Roghchoiste roimhe seo aire speisialta Sheanad Éireann ar Scéim Aoisliúntas Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960, ar an bhforas go raibh clásal ann a d’fhág an tAire Airgeadais ina bheitheamh deiridh, dairíre, in aon díospóid mar gheall ar “éileamh duine ar bith ar aon phinsean nó aisce nó maidir le méid aon phinsin nó aisce is iníoctha” faoin scéim sin. Tá clásal dá shamhail sa scéim atá faoi thagairt anois.


Aontaíonn an Coiste seo lena réamhtheachtaí gur cheart clásal dá shamhail, a dhealraíonn teorainn a chur le cearta daoine chun dul i muinín na gCúirteanna, a bheith ceadaithe go sainráite sa reacht bunaidh, mar a dhéantar, mar shampla, in Alt 18 (5) d’Acht Tionscal na Gaeltachta, 1957. Dá réir sin, chinn an Coiste ar aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim.


Tá míniú na Roinne le fáil i bhFoscríbhinn II.


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Rialacháin um Dheimhnithe Cáilíochta) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 137 de 1962].


Ordaítear leis an Ordú seo foirmeacha leasaithe do (a) iarratas ar dheimhniú cáilíochta, (b) don deimhniú cáilíochta a úsáidtear maidir le hiarratais ar Chúnamh Dífhostaíochta. Tá foráil freisin ann go n-úsáidfear feasta foirmeacha a mbeidh an éifeacht chéanna go substaintiúil leo atá leis na foirmeacha atá á n-ordú anois.


Deir an Roinn Leasa Shóisialaigh (léigh Foscríbhinn III) gur dréachtaíodh an tOrdú seo chun a áirithiú go bhféadfaí leasuithe a mbeadh gá leo toisc athruithe sa reachtaíocht a dhéanamh feasta gan na foirmeacha a athordú trí Orduithe leasaitheacha eile. Tuigeann an Roghchoiste do mhian na Roinne go mbeadh nós imeachta níos réidhe ann chun athruithe a dhéanamh ar na foirmeacha seo, ach is é a thuairim an fad a leanfaidh an reacht bunaidh a fhoráileann go n-ordófar na foirmeacha le hionstraimí reachtúla i bhfeidhm, gur sárú ar an údarás reachtúil é cumhacht a ghlacadh chun athruithe ar na foirmeacha sin a údarú trí ghníomhaíocht riaracháin.


7. Ar fhoras (iv), is é sin “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


C.S. 7—Díorma de na Buan-Óglaigh i Seirbhís le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.


R.Ó.É. A. 7—Leasuithe. Leasú Uimh. 27.


Rinneadh na Rialacháin C.S. 7 an 30 Márta, 1961, go n-éifeacht ó 21 Nollaig, 1960, agus rinneadh leasú Uimh. 27 ar R.Ó.É. A. 7 an 23 Bealtaine, 1961, go n-éifeacht ó 19 Bealtaine, 1961. Géilleann an Roinn Cosanta (léigh Foscríbhinn IV) nach bhfuil aon údarás reachtúil sainráite sna hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960, do na clásail chúlghabhálacha.


Cuireadh Rialacháin C.S. 7 in ionad Rialachán a rinneadh an 27 Iúil, 1960, a scoir d’éifeacht a bheith acu amhail ó dháta éagtha an Achta Cosanta (Leasú), 1960, a aisghaireadh nuair a rinneadh dlí den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960. Deir an Roinn mar gheall ar a thapúlacht a rith dhá Theach an Oireachtais an tAcht deiridh sin, nárbh fhéidir na Rialacháin nua a dhéanamh go ceann roinnt míonna ina dhiaidh sin. Ní ghlacann an Roghchoiste leis an míniú ar an moill, go mór mór ó admhaíonn an Roinn “gur ionann, nach mór, Rialacháin nua an 30 Márta, 1961, agus rialacháin an 27 Márta, 1960, ar cuireadh iad ina n-ionad.”


Maidir le Leasú Uimh 27 ar R.Ó.É. A. 7 míníonn an Roinn gurb é a ba chúis leis an gcúlghabháil cheithre lá an gá míleata a bhí ann an tAonad a thabhairt le chéile sula ndéanfaí an Rialachán. Ní ghéilleann an Roghchoiste, áfach, nárbh fhéidir an clásal cúlghabhálach a fhágáil ar lár, mar chuir an Roinn in iúl dóibh nár feidhmíodh, iarbhír, laistigh de na ceithre lá sin, an chumhacht a thugtar leis an Rialachán.


8. Ar fhoras (vi) is é sin “go mba cheart ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na seacht n-ionstraim seo a leanas:


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Líontóireacht a Shrianadh), 1961.


Seo ceann de na hIonstraimí a rinne Coimisiún Iascaigh an Fheabhail ar gá don Aire Tailte agus d’Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann araon é a cheadú. Rinne an Coimisiún é iarbhír an 20 Feabhra, 1961, agus cheadaigh an dá Aire é an 28 Feabhra, 1961.


I gcás ionstraim ar gá níos mó ná údarás amháin dá shíniú féadfaidh amhras a bheith ann i dtaobh an dáta a thiocfaidh sé i ngníomh. Chun aon éideimhne den sórt sin a sheachaint i gcás Rialachán Iascaigh an Fheabhail, ghlac an Roinn Tailte uirthi féin, ag géilleadh do mholadh a rinne Roghchoiste roimhe seo, go gcuirfí faoi deara an Coimisiún do chur isteach an dáta iarbhír thosach feidhme i ngach ionstraim*. Ach ní dhearnadh seo i gcás na Rialachán dá bhfuiltear ag tagairt. Chuir ionadaí ón Roinn Tailte (léigh Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 1 go 3) in iúl don Choiste gur trí dhearmad a fágadh sin gan déanamh sa chás seo agus gurb é rún na roinne go dtaispeánfar an dáta thosach feidhme in ionstraimí feasta.


Cheistigh an Roghchoiste ionadaí na Roinne freisin (léigh Miontuairisí na Fianaise, Ceisteanna 4, 5 agus 6) i dtaobh léarscáil, ar a bhfuil na rialacháin seo ag brath go hiomlán, a bheith ar fáil. Ón míniú a tugadh dó is deimhin leis an gCoiste gur leor na bearta praiticiúla a rinneadh chun an léarscáil a chur ar fáil do dhaoine lena mbaineann an scéal.


An tOrdú um Pá agus Liúntais an Gharda Síochána, 1961 [I.R. Uimh. 41 de 1961].


Foráiltear leis an Ordú seo go mbeidh rátaí nua pá ann do chomhaltaí den Gharda Síochána. Tá na rátaí nua leagtha amach i sceideal a ghabhann leis an Ordú. Tá sínithe an Aire Dlí agus Cirt a rinne an tOrdú agus an Aire Airgeadais a cheadaigh é os cionn an Sceidil. Is é barúil an Choiste, dá bhrí sin, nár teistíodh an sceideal mar ba cheart.


Deir an Roinn Dlí agus Cirt (léigh Fóscríbhinn V) go ndearnadh dearmad de mholadh a thug Roghchoiste roimhe seo sa chéill seo ach go ndéanfaí dá réir feasta.


An tOrdú chun Onnmhairiú a Rialú (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 54 de 1961].


Ba é cuspóir an Ordaithe seo onnmhairiú leasachán chun gach uile cheann scríbe a rialú go ceann tréimhse dhá mhí dhéag. Luaitear go ndearnadh é faoi fho-alt (2) d’alt 2 den Acht chun Onnmhairí a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, alt a thugann cumhacht don Aire Tionscail agus Tráchtála onnmhairí chun cinn scríbe a luafar agus iad sin amháin a rialú le hordú.


Dealraíonn ó mhíniú na Roinne (léigh Foscríbhinn VI) gur luadh trí dhearmad san Ordú fo-alt (2) d’alt 2 den reacht bunaidh in ionad fho-alt (1) d’alt 2 a thugann cumhacht don Aire chun onnmhairí chun gach uile cheann scríbe a rialú le hordú.


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 51 de 1961].


Míníonn Airteagal 5 de na Rialacháin seo gurb éard é cuntasóir chun críocha na Rialachán um Chuntais Aturnaetha i gcoitinne “(a) duine a cheadaíonn an Chomhairle, ar dhuine é atá ina chomhalta den Institute of Chartered Accountants in Ireland nó den Association of Certified and Corporate Accountants, (b) aon duine eile a cheadaíonn an Chomhairle.” D’iarr an Roghchoiste tuairimí Chomhairle Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann ar an ngá a bhí le cumhacht discréide chomh forleitheadúil sin a ghlacadh maidir leis na daoine a cheadófar mar chuntasóirí.


Ina freagra (léigh Foscríbhinn VII) deir an Chomhairle gurb é an cuspóir atá aici gan anró a chur ar aturnaetha ar daoine nach comhaltaí de na comhlachtaí gairmiúla na daoine a iniúchann a gcuid cuntas. Ba mhaith léi leanúint de ghlacadh le cuntais mar sin ach go mbeidh sí cinnte gur duine éifeachtúil, inmhuiníne, an t-iniúchóir a fhostófar. Cé go dtuigeann sé gur gá don Chomhairle cead discréide a bheith aici san ábhar seo is é tuairim an Roghchoiste nach gcuireann an tagairt do na comhaltaí gairmiúla atá san Airteagal mar atá sé faoi láthair dada lena chiall agus b’fhearr leis an gCoiste é dá ndéantaí an tOrdú a athdhréachtú chun rúin na Comhairle a dhéanamh níos soiléire.


Tabharfar faoi deara freisin ón geomhfhreagas atá aithriste i bhFosscríbhinn VII gur dhúisigh an Roghchoiste an cheist seo, eadhon, cad é an t-údarás reachtúil faoina dtugtar comhaontú Uachtarán na hArd-Chúirte maidir le rialacháin den sórt sin a dhéanamh. Is é barúil an Choiste gurbh fhearr é dá luaití an t-údarás reachtúil san ionstraim féin agus tá súil aige gur mar sin a dhéanfar feasta de ghrá na soiléire.


An tOrdú um Tháilli Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Chontae), 1961 [I.R. Uimh. 203 de 1961].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Chontae) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 278 de 1961].


Le I.R. Uimh. 203 de 1961 méadaítear an caiteachas i leith fhoireann a bheidh ar fostú ag Olltoghcháin agus leasaíonn sé an míniú ar “dáilcheantar” a bhí in ordú roimhe sin chun a chur ar chomhréir leis an reachtaíocht reatha. Le I.R. Uimh. 278 de 1961 leasaítear ordú roimhe sin chun a chumasú do Cheann Comhairimh measúnóir dlíthiúil faoi leith a fhostú agus táille a íoc leis.


Tá an t-údarás reachtúil do na hOrduithe le fáil in alt 25(5) den Acht Timpeal Toghachán, 1923, a deir “ceapfaidh an tAire Airgid scála d’éilithe mórbhacha … agus féadfa sé an scála d’atharú … agus féadfa sé, leis, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na huaire agus na cuma agus na fuirme, ina dtabharfar cuntaisí dho….” Cuireann an fhoráil seo i meabhair don Choiste gur i bhfoirm Rialachán agus nach i bhfoirm Orduithe a bhí sé ceart na hionstraimí thuasluaite a dhéanamh.


Rinneadh argóint thar ceann na Roinne Airgeadais (léigh Foscríbhinn VIII), ós rud é nach n-ordaítear conas a dhéanfaidh an tAire go bhfuil saorchead aige aon mhodh is mian leis a ghlacadh chun an scála a ordú nó a athrú. Ar an taobh eile, measann an Coiste go bhfuil sé le tuiscint as an tagairt do rialacháin in Alt 25 (5) den Acht Timpeal Toghachán, 1923, gur san fhoirm sin is ceart don Aire scálaí a ordú. Mar sin féin, fiú dá bhféadfadh sé glacadh le tuairim na Roinne, ba é barúil an Choiste ansin féin nár roghnaíodh na modhanna ab fhearr. Murab ionann agus Rialacháin, ní féidir, de dheasca na nAchtanna Léiriúcháin, na hOrduithe a leasú nó a chúlghairm mura n-údaróidh an reacht bunaidh é sin go sainráite.


Tabharfar faoi deara ón gcomhfhreagras leis an Roinn gur fhiafraigh an Coiste cad é an fáth ar fágadh clásal ag feidhmiú forálacha an Achta Léiriúcháin, 1937, amach as I.R. Uimh. 203 de 1961 nuaim a cuireadh isteach é in I.R. Uimh. 278 de 1961. Is deimhin leis an gCoiste nár measadh tábhacht ar bith a bheith lena fhágáil ar lár sa chéad chás ach measann siad go bhféadfadh míthuiscint a theacht as difir den sórt seo a bheith idir dhá ionstraim a bhí cosúil le chéile. Is é tuairim an Choiste gur cheart clásal den chineál seo a chur isteach i ngach ionstraim a dhéanfar faoi reachtanna a rinneadh roimh an mBunreacht.


An tAcht um Chontae Chiarraí (Liostaí de Ghiúróirí agus Clár de Thoghthóirí), 1961 [I.R. Uimh. 204 de 1961].


Is é an éifeacht atá leis an Ordú seo feidhmeanna áirithe a bhí ag bailitheoirí rátaí i gContae Chiarraí a aistriú chun oifigigh chúnaimh. Chun é sin a dhéanamh b’éigean ordú a rinneadh i 1924 faoinar aistríodh na feidhmeanna sin ó bhailitheoirí rátaí chun an Gharda Síochána a chúlghairm. Níl aon údarás sainráite, áfach, sa reacht bunaidh le go leasófaí orduithe den saghas sin. Tuigeann an Coiste don deacracht a bhí ar an Roinn Rialtais Áitiúil sa chás seo (léigh Foscríbhinn IX) agus aithníonn siad gur eascair an deacracht ó dhréachtú an reachta bhunaidh, ach is dóigh leis go bhféadfaí leanúint níos dlúithe den údarás a tarmligeadh ach an t-ordú atá faoi thagairt a dhréachtú ar shlí eile.


CUID III.

Rialacháin Óglaigh na hÉireann.

9. Dála na gCoistí a chuaigh roimhe bhain an-deacracht leis an Roghchoiste do chomhlíonadh a fheidhmeanna maidir le Rialacháin Óglaigh na hÉireann toisc gur reachtaíocht trí thagairt nach mór ar fad a bhíonn iontu agus nach dtaispeántar sna Rialacháin cad é an t-údarás reachtúil faoi leith ar a mbraitheann siad. Is beag dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas maidir leis na rialacháin a chomhdhlúthú toisc deacrachtaí foirne sa Roinn Cosanta, agus, dá bhrí sin, toisc a chastacht atá an cód, is gá taighde mór chun na fabhbanna a bhaineann le formhór na n-ionstraimí a thagann os comhair an Choiste chun a scrúdaithe a dhéanamh amach.


Ar scrúdú tosaigh a dhéanamh ar an gceist níor léir don Choiste fáth maith ar bith nach bhfeadfaí an t-alt oiriúnach nó na hailt oiriúnacha den reacht cumasaithe a lua i ngach ceann de Rialacháin Óglaigh na hÉireann mar a dhéantar i gcás gach ionstraime reachtúla eile. Rud eile de, níor thuig an Coiste cén fáth nár féadadh athchlónna de Rialacháin Óglaigh na hÉireann a ullamhaíodh ó am go ham chun críocha riaracháin a achtú mar ionstraimí reachtúla chun go mbeadh rialacháin fhorleathana le fáil do chomhaltaí de Thithe an Oireachtais chomh maith le feidhmeannaigh agus le pearsanra Airm. Ar na hábhair sin chinn an Coiste ar an gceist go léir a athphlé leis an Roinn Cosanta. Tá an comhfhreagras a bhí ann ansin leis an Roinn aithriste i bhFoscríbhinn IV agus gheofar an fhianaise a thug ionadaí ón Roinn os comhair an Choiste i Miontuairiscí na Fianaise (Ceisteanna 17 go 55).


Ba é an toradh a bhí ar an gcaidreamh a bhí ag an Roghchoiste leis an Roinn Cosanta gur aontaigh an Roinn go ndéanfaí feasta (1) an t-alt nó na hailt den Acht cumasaithe a lua i ngach ionstraim, (2) nóta míniúcháin i dtaobh cén bhrí i gcoitinne atá leis an ionstraim a chur ag bun gach ionstraime agus (3) rialacháin a eisiúint, de réir mar thiocfaidh caoi chuige sin, i bhfoirm duilleoga scaoilte ar shlí go bhféadfar leathanaigh a bheidh leasaithe go mór a scriosadh agus leathanaigh eile a chur isteach ar shlí nach mbeidh gá le hathchlónna agus go mbeidh Rialacháin níos fusa a léamh. Creideann an Coiste go gcuirfidh na bearta atá molta le luach an cheanglais go gcaithfear na Rialacháin seo a thíolacadh don Oireachtas agus go ndéanfaidh siad obair a scrúdaithe de réir théarmaí tagartha an Choiste níos fusa.


Fotharmligean.

10. Braitheann an Roghchoiste go bhfuil orthu aird faoi leith a thabhairt ar aon iarrachtaí a dhealraíonn a bheith á ndéanamh ag údaráis déanta ionstraimí chun cumhacht a thabhairt dóibh féin chun forálacha a fheidhmiú trí ghníomhaíocht riaracháin ba chóir a bheith ordaithe sna hionstraimí reachtúla féin. Ar an ábhar sin, i mír 6 den tuarascáil seo, dhírigh an Coiste aird speisialta Sheanad Éireann ar an Ordú um Chúnamh Dífhostaíochta (Rialacháin um Dheimhnithe Cáilíochta) (Leasú), 1962, a airbheartaíonn cumhacht a thabhairt don Aire Leasa Shóisialaigh chun athruithe ar fhoirmeacha a ordaítear le Rialacháin a cheadú trí bhealaí riaracháin. B’fhéidir sa chás deiridh sin nach rud fíor-thábhachtach an ní sin ach creideann an Coiste go bhfuil pointe prionsabail i gceist.


Aithníonn an Roghchoiste ceart go leor go bhfuil cásanna áirithe ann nach féidir saghas éigin fotharmligin a sheachaint iontu. Tar éis dó fianaise a chloisteáil ó ionadaí ón Roinn Sláinte (léigh Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 7 go 16), measann an Coiste gur cás den chineál seo na Rialacháin Sláinteachais Bia (Leasú), 1961. Sna Rialacháin sin tugtar cumhacht don Aire Sláinte a cheadú trí chúrsaí riaracháin go scarfaí ó na modhanna cruinne maidir le teaschóireáil i ndéantóireacht uachtair oighir a ordaíodh in ionstraimí roimhe sin. Féadfar an t-údarás a thabhairt “i gcás meaisín nó próise áirithe” agus féadfar “cibé modh” a cheadú agus sin “faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire”. Is deimhin leis an gCoiste gur gá solúbthacht na forála seo chun coinneáil suas le forás na meaisíní casta nua-aimseartha a úsáidtear chun uachtar oighir a mhonarú.


Go ginearálta, áfach, measann an Roghchoiste, mura féidir é a chosaint leis an reacht bunaidh, gur chóir fotharmligean cumhachta reachtúla a sheachaint mar go bhféadfaidh sé an seans a chúngú atá ann chun maoirseacht an Oireachtais a fheidhmiú. Is cinnte nach féidir aon síneadh amach ar phróis dhéanta na ndlithe a chosaint ar fhoras áisiúlacht i gcúrsaí riaracháin amháin, agus tá rún ag an gCoiste scrúdú géar a dhéanamh ar aon chás a mbeidh cuma an tsínte sin air.


(Sínithe) GEORGE O’BRIEN,


Cathaoirleach.


31 Iúil, 1963.


*An Tríú Tuarascáil (T. 183-Pr. 6167: Mír 9).