Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::31 July, 1963::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN

ORDU TAGARTHA.

21 Márta, 1962:—Beartaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste, a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta, chun breithniú a dhéanamh ar gach Ionstraim Reachtúil a leagfar nó a leagfar ina dréacht os comhair Sheanad Éireann de bhun ceanglais reachtúil, d’fhonn a chinneadh ar cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt uirthi ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:—


(i) go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forálacha á cheangal íocaíochtaí a dhéanamh leis an Státchiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon seirbhísí a bheidh le déanamh, nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíochtaí den sórt sin;


(ii) go ndearnadh í de bhun aon achtacháin a bhfuil forálacha sonracha ann á heisiamh ó agóid sna Cúirteanna gach tráth nó tar éis deireadh tréimhse sonraithe;


(iii) go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi á déanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í;


(iv) go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil;


(v) go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú;


(vi) go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú.


(2) Gur naonúr comhalta a bheidh ar an Roghchoiste agus gur córam triúr acu.


(3) Go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste tuarascáil a thabhairt ó am go ham agus a cheangal ar aon Roinn Rialtais nó údarás eile a dhéanfaidh ionstraim agus a mbainfidh an t-ábhar leo meabhrán a thabhairt ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a bheidh faoi bhreithniú an Roghchoiste nó ionadaí a cheapadh chun teacht ina láthair mar fhinné d’fhonn aon Ionstraim Reachtúil den sórt sin a mhíniú.


(4) Go mbeidh de dhualgas ar an gCoiste, sula dtabharfaidh siad tuarascáil gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar aon Ionstraim Reachtúil, caoi a thabhairt d’aon Roinn Rialtais nó údarás eile a dhéanfaidh ionstraim agus a mbainfidh an t-ábhar leo cibé mínithe, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt is oiriúnach leis an Roinn nó leis an údarás agus go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste aon mheabhráin a tugadh nó aon fhianaise eile a fuair siad ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a thuairisciú do Sheanad Éireann ó am go ham [An Seanadóir Seoirse Ó Briain].


SEANADÓIRI D’AINMNIGH AN COISTE ROGHNÓIREACHTA DON CHOISTE.

22 Márta, 1962:—Do hainmníodh Coiste dar comhaltaí na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Giolla Phádraig, Mac Giollaléith, Seoirse Ó Briain, Ó Riain, agus Sheldon.