Committee Reports::Report - Amendments of Standing Orders ::17 July, 1963::Report

TUARASCÁIL

1. Tá eagrán 1950 de Bhuan-Orduithe na Dála as cló. Tá eagrán athbhreithnithe de na Buan-Orduithe, maille le leasuithe a rinne an Teach orthu i 1959 agus i 1962, nuair a glacadh le Tuarascálacha T.168, T.185 agus T.187 ón gCoiste, á ullmhú.


2. Ó tharla go raibh an t-eagrán athbhreithnithe de na Buan-Orduithe le foilsiú, mheas an Coiste gur mhaith an t-ionú é chun na hOrduithe i gcoitinne a chur á scrúdú féachaint an mbeadh sé inmholta leasuithe eile a dhéanamh. De thoradh an scrúdaithe sin molann an Coiste don Dáil glacadh leis na leasuithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Formhór na leasuithe a mholtar, is leis an dréachtú a bhaineann siad, nó is beag thairis sin atá iontu, agus ní thugann an chuid eile aon athrú suntasach ar an nós imeachta.


3. Tá an Sceideal roinnte ina cheithre Chuid, de réir aicmiú an Choiste ar na leasuithe.


4. Níl i gCuid I ach leasuithe ar an dréachtú, i gcásanna inar measadh gur ghá iad ar chúiseanna gramadaí nó ar chúiseanna eile.


5. I gCuid II tá roinnt leasuithe chun na focail “Bord” agus “Siosón” a bhaint amach as na Buan-Orduithe sna comhthéacsanna ina bhfuil na focail sin. Ní téarma ealaíne é “Bord”, i nós imeachta na Dála, agus ba cheart an abairt reachtúil “leagan faoi bhráid na Dála” a chur in ionad “leagan ar an mBord”. Ní hé an bhrí chéanna atá le baint i ngach cás as an bhfocal “Siosón” mar a úsáidtear é sna Buan-Orduithe, e.g., i mBuan-Orduithe 29 (2), 47 agus 102, agus sna cásanna inar úsáideadh é tá an tréimhse nó an pointe ama a thuigtear leis ó ghnás á chur ina ionad.


6. I gCuid III tá leasuithe a ceapadh chun na focail sna Buan-Orduithe a chur ag freagairt do chleachtas na Dála mar atá sé le fada. Measann an Coiste nach gá tagairt ar leith a dhéanamh d’aon leasú acu.


7. I gCuid IV tá leasuithe de chineál substainteach. Seo a leanas na fáthanna atá leo:—


Buan-Ordú 20

Tá sé beartaithe an t-am is déanaí le haghaidh fógra ó chomhalta go bhfuil sé chun ní a tharraingt anuas ar an tairiscint chun dul ar athló a athrú ó 8.30 p.m. go dtí 4.30 p.m. Leis an athrú seo aithnítear gur cheart go mbeadh leorfhógra ag comhalta den Rialtas i dtaobh aon ní den sórt sin, agus go mbeadh sin aige tráth a mbeadh fáil aige go réidh ar oifigigh agus páipéir ina Roinn.


Buan-Ordú 55A

Ba cheart é seo a chur isteach ina fhoráil a bheadh ag comhtheacht le Buan-Ordú 45 don Seanad.


Buan-Ordú 70A

Tá sé beartaithe saoráid a thabhairt do chomhalta den Rialtas a bheadh i mbun Bille i Roghchoiste nó i gCoiste Speisialta mar a bheadh aige dá mba i gCoiste den Dáil uile a bhí an Bille.


Buan-Ordú 72A

Meastar gur rud aimhrialta é nach bhfuil foráil sna Buan-Orduithe chun an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a cheapadh, faoi mar atá i gcás an Choiste Roghnóireachta agus an Choiste um Chuntais Phoiblí. Faoi láthair ceaptar an Coiste le hOrdú speisialta ón Teach tar éis é a ationól i ndiaidh Olltoghcháin.


Le mórán blianta anuas is gnách leis an gCoiste breithniú a dhéanamh ar nithe a bhaineann leis na dálaí, nó na háitribh, ina mbíonn a ndualgais á ndéanamh ag comhaltaí agus nach gcuirtear go sonrach faoi bhráid aon choiste eile. Meastar gurb inmholta é go mbeadh tagairt don ghnás sin i dtéarmaí tagartha an choiste.


Buan-Ordú 78A

Foráil í seo ba cheart a bheith sna Buan-Orduithe faoi chomhair na gcúrsaí neamhghnácha inar bhféidir gá a bheith leis.


Buan-Ordú 92

D’fhéadfadh leasú ar Bhille leasúcháin baint a bheith aige le cód ginearálta an dlí atá faoi thrácht sa Bhille gan baint a bheith aige leis na forálacha atá sa Bhille. Ní bheadh leasú dá leithéid sin in ordú faoi láthair agus chaithfí Bille ar leith a thabhairt isteach ina chomhair. D’fhéadfadh an riail a bheith cráiteach uaireanta, go háirithe nuair a aontaítear sa Teach gur cóir an leasú a dhéanamh. Tá an togra atá déanta ag an gCoiste ar aon dul leis an nós imeachta a leantar i bParlaimintí eile i gcás dá leithéid.


Buan-Ordú 96

Dealraíonn sé go bhfuil sé le tuiscint as an leagan focal atá ar an mBuan-Ordú nach gá, i gcás Bille a tuairiscíodh ó Roghchoiste nach raibh cumhacht aige fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid, an Bille a chur faoi bhráid Choiste den Dáil uile. De bharr an leasaithe seo níorbh fhéidir tuiscint dá leithéid sin a bhaint as an mBuan-Ordú.


Buan-Ordú 136

Níorbh fhéidir an fhoráil faoi “aontoil na Dála” a chur chun feidhme. Tá amhras ann freisin faoi bhailíocht na forála, óir níl aon cheapadh sa Bhunreacht go bhfuil aon cheist sa Teach le cinneadh ar an gcuma sin.


Meastar freisin gur cheart go bhféadfaí i gcásanna práinne teorainn a chur leis an díospóireacht.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


17 Iúil, 1963.