Committee Reports::Report - Amendments of Standing Orders ::17 July, 1963::Appendix

SCEIDEAL.

CUID I.

Buan-Ordú

Leasú

1.

Scrios mír (1) agus cuir ina hionad:—

 

“Beidh Rolla de Chomhaltaí Dháil Éireann ann, agus síneoidh gach comhalta an Rolla sin, i láthair an Chléirigh, roimh a shuíochán a thógáil.”

2.

Sa tríú agus sa cheathrú líne, scrios “déanfar na himeachta a thosnú tríd an gCléireach” agus cuir “cuirfidh an Cléireach tús leis na himeachtaí” ina ionad; agus sa cheathrú líne scrios “do léamh Forógra tionóla” agus cuir “agus léifidh sé an Forógra ag comóradh” ina ionad.

3.

Sa dara agus sa séú líne scrios “Riteacha” agus cuir “Eascairí” ina ionad.

8.

Sa líne dheireanach scrios “cuí”.

10.

Sa cheathrú líne scrios “,mura n-ainmní an Dáil éinne eile chuige,”.

20.

I mír (2), san ochtú líne, scrios “Ordú a dhéanamh” agus cuir “Rún a ghlacadh” ina ionad; agus sa dóú líne dhéag scrios “san Ordú” agus cuir “sa Rún” ina ionad.

 

I mír (4), sa cheathrú líne, scrios “bhfo-alt” agus cuir “mír” ina ionad.

 

I mír (5), sa séú agus sa seachtú líne, scrios “,an Leas-Cheann Comhairle”.

22.

Sa chúigiú agus sa séú líne, scrios “Ordú a dhéanamh” agus cuir “Rún a ghlacadh” ina ionad.

27.

Sa líne leathdheireanach, cuir isteach “agus leasuithe” i ndiaidh “tairiscintí”.

37.

Sa cheathrú agus sa chúigiú líne, scrios “léiriú an eolais sin” agus cuir “hábhar” ina ionad.

49.

Sa líne leathdheireanach, cuir isteach “amháin” i ndiaidh “ach”.

58.

Sa cheathrú líne, i ndiaidh “Dáil” cuir isteach “nó don Choiste den Dáil uile”.

60.

Sa chéad líne, scrios “Is” agus cuir “Taobh amuigh de chás dá bhforáiltear a mhalairt leis an mBunreacht, is” ina ionad; sa dara agus sa tríú líne, scrios “(lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt sna Buan-Orduithe seo)”; agus sa chúigiú líne, scrios “láithreach” agus cuir “i láthair agus a dhéanfaidh vótáil” ina ionad.

65.

Sa séú agus sa seachtú líne, scrios “féadfaidh an Cathaoirleach diúltú” agus cuir “diúltóidh an Cathaoirleach” ina ionad.

66.

Sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú líne, scrios “a thuairisciú go bhfuil aontaithe leo ag an gCoiste tar éis iad a leasú nó gan iad a leasú” agus cuir “na nithe a cinneadh ag an gCoiste a thuairisciú” ina ionad.

72.

Scrios líne a haon déag, a dó dhéag agus a trí déag agus cuir ina n-ionad “Aon chomhalta dhéag a bheidh ar an gCoiste Roghnóireachta, agus cúigear acu is córam dó. Beidh an Coiste comhdhéanta ar gach slí eile”.

85.

San ochtú líne scrios “féadfaidh” agus cuir “ceadóidh” ina ionad; agus sa naoú agus sa deichiú líne scrios “an cheist ina taobh a chur más oiriúnach leis é agus tar éis dó” agus sa tríú líne dhéag scrios “a cheadú” agus cuir “sula gcuirfidh sé an cheist.” ina ionad.

 

Cuir leis an mBuan-Ordú an mhír nua seo a leanas:—


“(2) Má chuirtear i gcoinne tairiscint ó chomhalta príobháideach go dtabharfar cead chun Bille a thabhairt isteach, cuirfear an díospóireacht uirthi ar athló go dtí an chéad lá eile a bheidh gnó comhaltaí príobháideacha le tógáil.”

87.

Sa naoú líne dhéag, scrios “féadfaidh an Ceann Comhairle an” agus cuir “ceadóidh an Ceann Comhairle” ina ionad; scrios an fichiú líne agus na focail “agus tar éis dó” san aonú líne is fiche; agus sa líne dheireanach scrios “a cheadú” agus cuir “sula gcuirfidh sé an cheist” ina ionad.

95.

Sa dara líne, scrios “féadfaidh” agus cuir “ceadóidh” ina ionad; sa tríú agus sa cheathrú líne, scrios “an cheist ina taobh a chur más oiriúnach leis é agus tar éis dó” agus sa líne dheireanach scrios “a cheadú” agus cuir “sula gcuirfidh sé an cheist” ina ionad.

104.

I mír (2), scrios “bhfo-alt” agus cuir “mhír” ina ionad.

109.

I mír (1), leathanach 87, sa chéad agus sa dara líne, scrios “an chéad fho-alt” agus cuir ina ionad “na chéad mhíre”; agus sa tríú líne scrios “Teachtaí” agus cuir “comhalta” ina ionad.

 

I mír (2), sa dara líne, scrios “uimhir bhreise de Theachtaí, nach mó ná triúr” agus cuir “triúr comhalta, ar a mhéad,” ina ionad.

 

I mír (3), scrios an chéad líne agus cuir “An comhalta den Rialtas atá i mbun na Roinne lena” ina hionad; agus sa cheathrú agus sa chúigiú líne scrios “an tAire sin” agus cuir “an comhalta sin den Rialtas” ina ionad.

118.

Sa tríú agus sa cheathrú líne, scrios “tairiscintí a dhéanamh chun Meastacháin a chur thar n-ais chun a n-athbhreithnithe” agus cuir ina ionad “tairiscint a dhéanamh chun Vóta a chur ar ais lena athbhreithniú”. Sa séú líne, scrios “cuí”.

119.

Sa tríú líne, scrios “Meastachán i gceist thar n-ais” agus cuir “Vóta ar ais” ina ionad.

122.

Sa chéad líne, scrios “Meastacháin fhorlíontacha” agus cuir “Vóta forlíontach” ina ionad; scrios an dara agus an tríú líne agus cuir “á phlé, cloífear sa díospóireacht leis na Míreanna a bheidh ann,” ina ionad; agus sa chúigiú líne scrios “Meastachán” agus cuir “Vóta” ina ionad; agus sa séú líne scrios “Itimí” agus cuir “míreanna” ina ionad.

128.

Scrios na focail go léir i ndiaidh “sin” sa chúigiú líne; agus cuir isteach i ndeireadh an Bhuan-Ordaithe “Déarfar sa Teachtaireacht gur mian leis an Dáil go gcomhaontódh an Seanad le dlí a dhéanamh den Bhille nó, i gcás Bille Airgid, go bhfuil an Bille á chur chun an tSeanaid le haghaidh a mholtaí.”

134.

Scrios “Rit” agus “Riteach” agus cuir “Eascaire” ina n-ionad; agus i mír (3), sa dara líne, i ndiaidh “chomhalta” cuir isteach “nó ainmneacha na gcomhaltaí”.

135.

Sa chéad líne scrios “páipéar agus”.

CUID II.

Buan-Ordú

Leasú

2.

Ar leathanach 4, sa dara líne, scrios “ag an mBord”.

4.

Sa chéad agus sa dara líne scrios “ar an mBord cóip den Rit” agus cuir “faoi bhráid na Dála cóip den Eascaire” ina ionad.

15.

Scrios an Buan-Ordú agus cuir ina ionad:—

 

“15. Ainmneoidh an Ceann Comhairle, chomh luath agus is féidir i ndiaidh ationól na Dála tar éis Olltoghcháin, rolla beirt chomhalta ar a laghad, a bhféadfaidh aon chomhalta acu gníomhú mar chomhalta i gceannas sa Dáil nó i gCoiste den Dáil uile, nuair a iarrfaidh an Ceann Comhairle air é sin a dhéanamh.”

17.

Scrios an Buan-Ordú agus cuir an Buan-Ordú nua seo a leanas isteach roimh Bhuan-Ordú 23:—

 

“22 A. Arna iarraidh sin don Taoiseach, féadfaidh an Ceann Comhairle an Dáil a chomóradh do dháta is luaithe ná mar a socraíodh nuair a cuireadh ar athló í. Luafar san fhógra á comóradh amhlaidh an chúis atá lena hationól níos luaithe.”

20.

I mír (1), sa chéad agus sa dara líne, scrios “Le linn an Dáil a bheith i Siosón agus”.

29.

I mír (2), sa cheathrú agus sa chúigiú líne, scrios “an tSiosóin sin” agus cuir “na sé mhí ina dhiaidh sin” ina ionad.

47.

Sa dara líne, scrios “sa tSiosón chéanna” agus cuir “i rith na sé mhí roimhe sin” ina ionad.

72.

Scrios an chéad líne agus cuir ina hionad “Chomh luath agus is féidir i ndiaidh ationól na Dála tar éis Olltoghcháin ceapfar coiste dá”.

102.

Scrios mír (1) agus cuir ina hionad:—

 

“(1) Aon Bhille a thitfidh ar lár, toisc an Dáil a lánscor, roimh theacht chun a chéime deiridh dó, féadfar dul ar aghaidh leis ar ationól na Dála ar an gcéim a bhí sroichte aige roimh an lánscor, má ritheann an Dáil Rún á chur ar ais ar Riar na hOibre.”

 

I mír (2), sa ceathrú agus sa chúigiú líne, scrios “a shroich sé sa tSiosón roimhe sin” agus cuir “a bhí sroichte aige roimh lánscor na Dála” ina ionad.

112.

Sa dara agus sa tríú líne, scrios “a leagadh ar Bhord an dá Theach” agus cuir “a leagan faoi bhráid gach Tí” ina ionad.

134.

I mír (3), sa tríú líne, scrios “ar an mBord” agus cuir “faoi bhráid na Dála” ina ionad.

135.

Scrios “a bheas leagtha ar an mBord” agus cuir “a leagfar faoi bhráid na Dála” ina ionad.

CUID III.

Buan-Ordú

Leasú

1.

I mír (2), sa dara líne, scrios “gach Rit” agus cuir “na hEascairí” ina ionad; agus sa cheathrú líne, scrios “uile”.

10.

Sa chéad agus sa dara líne scrios “Má chuireann an Cléireach in iúl don Dáil nach” agus cuir “Mura” ina ionad.

11.

Sa chéad líne scrios “Mura” agus cuir “Aon uair a chuirfidh an Cléireach in iúl don Dáil nach” ina ionad.

12.

Sa chéad agus sa dara líne scrios “Má chuireann an Cléireach in iúl don Dáil gur” agus cuir “Más” ina ionad.

20.

I mír (3), sa chéad líne, scrios “aon ní” agus cuir “ní” ina ionad.

24.

Sa líne dheireanach, cuir isteach i ndiaidh “Riar na hOibre”:—“agus, trína chraoladh i dtosach gnó phoiblí, cad é an t-ord ina nglacfar é gach lá.”

29.

Sa cheathrú agus sa chúigiú líne, scrios “comhalta ina áit i dtosach an ghnótha phoiblí” agus cuir ina ionad “comhalta, a thug fógra don Cheann Comhairle roimh thús a chur leis an suí, ina áit i dtosach gnó phoiblí”; agus sa deichiú líne agus san aonú agus sa dara líne dhéag scrios “agus seachadfaidh sé don Cheann Comhairle ráiteas i scríbhinn ar an ní a bheas le plé”.

33.

Scrios an Buan-Ordú.

35.

Scrios mír (2) agus cuir ina hionad:—

 

“(2) Más rud é, i gcás Ceist a cuireadh síos chun freagra ó bhéal a fháil uirthi, gur ceist í de shaghas nach foláir freagra fada a thabhairt uirthi, féadfaidh an Ceann Comhairle, arna iarraidh sin don chomhalta den Rialtas chun ar cuireadh an Cheist, a ordú go dtabharfar an freagra i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí”.

41.

Sa chéad líne, i ndiaidh “thairiscint” cuir isteach “ná ar leasú”.

42.

Sa dara líne, i ndiaidh “tairiscint” cuir isteach “nó nach dtairgfidh sé an leasú,”; agus sa tríú líne, i ndiaidh “tairiscint” cuir isteach “nó an leasú”, agus i ndiaidh “mura ndéantar í” cuir isteach “, nó mura dtairgtear é,”.

43.

Sa chéad líne, i ndiaidh “tairiscint” cuir isteach “nó a thairgfidh leasú”; agus sa tríú líne, i ndiaidh “tairiscint”, cuir isteach “nó an leasú”.

53.

Scrios an séú, an seachtú agus an t-ochtú líne agus cuir ina n-ionad “nó Aire/an tAire ........................ de réir mar is gá sa chás; agus tagrófar do Rúnaí Parlaiminte mar seo, Rúnaí Parlaiminte ..............”; agus scrios an líne dheireanach.

71.

Cuir isteach i ndeireadh an Bhuan-Ordaithe:— “Más ionann an líon vótaí ar an dá thaobh cinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gCeist.”

94.

Sa chúigiú líne, scrios “chun Coiste arís maidir lena iomlán nó le hailt áirithe dhe” agus cuir ina ionad “faoi athchúrsa i gCoiste ina iomláine nó maidir le hailt nó leasuithe áirithe”.

117.

Sa dá líne dheireanacha scrios “tairisceana a déanfar i ndiaidh fógra a thabhairt” agus cuir “tairiscint a dhéanamh” ina ionad.

123.

Scrios an chéad líne agus cuir ina hionad “Chomh luath agus is féidir tar éis tosach gach bliana airgeadais ceapfar”. Sa naoú agus sa deichiú líne scrios “Beidh an Coiste comhdhéanta de dháréag comhaltaí” agus cuir ina ionad “Ar an gCoiste sin, a mbeidh cumhacht aige fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid, beidh dáréag comhalta”.

135.

Cuir an mhír nua seo a leanas isteach i dtosach an Bhuan-Ordaithe:—

 

“(1) Nuair is gá scríbhinn a leagan faoi bhráid na Dála measfar í a bheith leagtha faoi bhráid na Dála má dhéantar cóip den scríbhinn a sheachadadh chun na críche sin don Chléireach.”

CUID IV.

Buan-Ordú

Leasú

20.

I mír (3), sa tríú líne, scrios “8.30” agus cuir “4.30” ina ionad.

55A.

Cuir an Buan-Ordú nua seo a leanas isteach roimh Bhuan-Ordú 56:—

 

“55 A. Féadfaidh Rúnaí Parlaiminte atá ina chomhalta den Seanad bheith i láthair agus éisteacht a fháil sa Dáil.”

70A.

Cuir an Buan-Ordú nua seo a leanas isteach roimh Bhuan-Ordú 71:—

 

“70 A. Féadfaidh comhalta den Rialtas a bheidh i mbun Bille a cuireadh chun Roghchoiste, nó chun Coiste Speisialta, a mbeidh sé féin ina chomhalta de, comhalta eile den Rialtas nó Rúnaí Parlaiminte, nach comhalta den Choiste, a ainmniú chun gníomhú ina ionad ag aon chruinniú den Choiste.”

72A.

Cuir an Buan-Ordú nua seo a leanas isteach roimh Bhuan-Ordú 73:—

 

“72 A. Chomh luath agus is féidir i ndiaidh ationól na Dála tar éis Olltoghcháin, ceapfar Roghchoiste, dá ngairfear an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí, chun cúrsaí nós imeachta i gcoitinne a bhreithniú agus chun aon bhreisiú nó leasú a mheasfar is gá a mholadh ar na Buan-Orduithe, agus freisin chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh, de réir mar a iarrfar agus nuair a iarrfar sin air, maidir le pribhléidí comhaltaí. Féadfaidh an Coiste, freisin, breithniú a dhéanamh, má mheasann sé gurb inmholta é, ar aon ní a bhaineann leis na dálaí, nó na háitribh, ina mbíonn a ndualgais á ndéanamh ag comhaltaí agus nach gcuirtear go sonrach faoi bhráid aon choiste eile. Is iad a bheidh ar an gCoiste an Ceann Comhairle, agus is eisean a bheidh ina Chathaoirleach air, agus seacht gcomhalta dhéag eile, agus ochtar is córam don Choiste. Beidh an Coiste comhdhéanta ar gach slí eile de réir forálacha Bhuan-Orduithe Uimh. 67 agus 70, agus ar chuma go ndéanfaidh sé ionadaíocht chothrom don Dáil.”

78A.

Cuir an Buan-Ordú nua seo a leanas isteach roimh Bhuan-Ordú 79:—

 

“78 A. Má bhíonn an Cléireach agus an Leas-Chléireach as láthair, féadfaidh an Ceann Comhairle duine de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh, de thuras na huaire, chun na dualgais a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a oibriú a chuirtear ar an gCléireach agus a thugtar dó leis na Buan-Orduithe seo.”

92.

Scrios an Buan-Ordú agus cuir ina ionad:—

 

“92. (1) Beidh sé ina threoir do na Coistí uile chun a gcuirfear Billí go mbeidh sé de chumhacht acu cibé leasuithe is cuí leo a dhéanamh iontu ach baint a bheith ag na leasuithe sin le forálacha an Bhille agus gan iad a bheith bunoscionn le bunbhrí an Bhille mar a léadh é an dara huair.

 

(2) Féadfaidh an Dáil, ar thairiscint ón gcomhalta a bheidh i mbun Bille, treoir a thabhairt do Choiste chun ar cuireadh Bille á chumhachtú dóibh leasuithe a dhéanamh, de chineál a shonrófar, ach baint a bheith ag na leasuithe sin leis an ábhar ginearálta agus gan iad a bheith bunoscionn le bunbhrí an Bhille.

 

(3) Má bhíonn aon leasú a dhéanfar ar Bhille taobh amuigh de Theideal an Bhille, leasóidh an Coiste an Teideal dá réir sin agus tabharfaidh siad tuairisc speisialta air sin don Dáil.”

96.

Sa chúigiú agus sa séú líne, scrios “dár tugadh cumhacht chun fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid”.

136.

Scrios an Buan-Ordú agus cuir ina ionad:—

 

“136. (1) Féadfar aon cheann nó cinn de Bhuan-Orduithe na Dála a chur ar fionraí nó a mhodhnú ó thaobh éifeachta ar feadh suí an lae, agus chun críche áirithe, má thairgtear sin tar éis fógra a thabhairt.

 

(2) Ach má bhíonn práinn leis, agus is é an Ceann Comhairle a bheidh ina bhreitheamh air sin, féadfar aon Bhuan-Ordú nó Buan-Orduithe a chur ar fionraí ar thairiscint a dhéanamh gan fógra. Má chuirtear i gcoinne aon tairisceana den sórt sin ceadóidh an Ceann Comhairle ráiteas mínitheach ón gcomhalta a rinne an tairiscint, agus ráiteas ó chomhalta atá ag cur i gcoinne na tairisceana, sula gcuirfidh sé an cheist ina taobh”.