Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::11 July, 1963::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 30 EANÁIR, 1963.

1. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh tuairimí ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 3, 4, 12 agus 15 dá thuarascáil dar dáta 22 Feabhra, 1961, ar na cuntais don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1960, agus ar mhír 25 dá thuarascáil dar dáta 5 Meán Fómhair, 1962.


An Ciste Forbartha Náisiúnta.

2. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire gur cheart, i gcoitinne, an t-airgead do thionscadail a ghlacann Ranna Rialtais de láimh a sholáthar trí vótaí bliantúla ón Oireachtas. Is eol dó, ar ndóigh, gur bunaíodh an Ciste Forbartha Náisiúnta le reachtaíocht chun airgead a sholáthar do thionscadail arbh é tuairim an Aire gur thionscadail de ghné phoiblí iad agus gur chun leasa an náisiúin iad. Ach meastar go bhfuil léiriú róleathan déanta ar fhorálacha alt 7 den Acht um Chiste Forbartha Náisiúnta, 1954, maidir leis na dliteanais de chuid an Chiste a bhí gan glanadh ar an 31 Márta, 1957.


3. Ón bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntais i ndiaidh mheabhrán an Aire dealraíonn sé gur tuigeadh go raibh ar áireamh sna dliteanais ar 31 Márta, 1957, suimeanna a bhí in áirithe faoi chomhair tionscadal nach raibh tosaithe um an dáta sin. Ba é tuairim an Choiste gur dócha gurb é sin an chúis ba mhó a bhí leis an moill a bhain le foirceannadh an Chiste. Más rud é nach leathnófar scóip na dtionscadal atá faoi sheol agus nach rachfar faoi aon chaiteachas nua, tá an Coiste sásta aontú le tuairim an Aire gur cheart an Ciste a fhoirceannadh sa ghnáthshlí.


Gnóthaí Eachtracha.

Mír 9;


Cta. 575-576


Foscríbhinn XXXVIII.


4. Tugann an Coiste dá aire an fhaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le hairleacain chun Éireannaigh dhealbha thar lear a thabhairt abhaile. Taispeántar iarmhéid £225 atá gan íoc i leith airleacan a tugadh i 1960-61 agus £135 i leith na bliana 1961-62. Chun go mbeidh ar chumas an Choiste an scéal a léirmheas maidir le hairleacain as airgead a vótáladh, molann sé go mbeadh ráitis sna Cuntais Leithreasa i gcoitinne i dtaobh na n-airleacan neamhíoctha go léir ag deireadh gach bliana.


Cta. 578-582.


5. Is áthas leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil súil ghéar á coinneáil ar an gcaiteachas ar aíocht oifigiúil agus aontaíonn sé le tuairimí an Aire maidir leis na hócáidí ar a gcuirfí an aíocht sin ar fáil. Dealraíonn sé go dtaispeántar go comair i gcuntais oifigiúla tíortha eile, na hócáidí ar ar cuireadh aíocht ar fáil agus go luaitear an costas i ngach cás. Admhaíonn an Coiste go bhféadfadh ócáidí a bheith ann ina gcuirfeadh sé as do chorrdhuine mionsonraí a fhoilsiú ach ba mhaith leis go ndéanfaí tuilleadh breithnithe ar an gceist sin.


Talmhaíocht.

6. Tugann an Coiste dá aire gurb é an costas measúnaithe ar bha frithghníomhacha a iompar .87d. an punt marbhmheáchain, agus aontaíonn sé nárbh é sin an chúis ba shuntasaí a bhí leis an difríocht 3d. an punt idir an meánphraghas a bhí á fháil ag an Roinn agus an meánphraghas a bhí á fháil ag úinéirí i sé chontae an deiscirt a dhíol iad go díreach leis na monarchana cannaithe feola. Tá difríocht mhór ann fós, fiú nuair a thugtar san áireamh go raibh cuid de na beithígh a dhíol an Roinn gan bheith oiriúnach ar fad do thrádáil na feola, go bhfuair gach monarcha channaithe cheadúnaithe cuireadh chun tairiscint a dhéanamh, agus gur glacadh leis an tairiscint ab airde i ngach cás. Mar gheall ar mhéid an chaiteachais phoiblí a bhain leis an Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh ba mhaith leis an gCoiste go gcinnteofaí dó gur praghsanna cothroma réasúnacha na praghsanna a fuair an Roinn, agus go gcuirfí in iúl dó cé mhéad gnólachtaí a fuair cuireadh chun tairisceana, cé mhéad tairiscintí a fuarthas agus cad é réim na bpraghsanna a tairgeadh.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.

Sláinte.

Foscríbhinn VIII.


7. Le blianta beaga anuas bhí breithniú á dhéanamh ag an gCoiste ar na seirbhísí sláinte, ar ardaigh a gcostas ó £16 mhilliún go £19 milliún idir 1958-59 agus 1961-62, costas a roinntear go cothrom idir na húdaráis áitiúla agus an Roinn Sláinte. Rinneadh socrú leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960, chun údaráis sláinte áirithe a chónascadh agus insíodh don Choiste i bhfianaise gur thug sin feabhas mór ar cháilíocht na seirbhísí a thugtar. Theastaigh ón gCoiste a fháil amach ar laghdaíodh an costas riaracháin agus sholáthraigh an tOifigeach Cuntais ráiteas ina thaobh sin, atá ina fhoscríbhinn leis an tuarascáil seo. Tugtar faoi deara gur ghabh ceithre údarás sláinte nua ionad 19 gcomhlacht ar leith; ach san atheagrú riaracháin a lean as forálacha an Achta a chur i gcrích b’éigean dul ar aghaidh de réir a chéile agus bhí go leor mionchúrsaí le plé idir an Roinn agus na comhlachtaí a bhí i gceist, agus idir na comhlachtaí sin agus ionadaithe na bhfoirne. Bhí an bhliain 1962 ann sularbh fhéidir toradh suntasach a aithint ar éifeacht an Achta i gcúrsaí riaracháin na n-údarás áitiúil.


Maraon le feabhas a chur ar na seirbhísí, ardaíodh rátaí pá gach earnála den fhoireann ón uair a tugadh Acht 1960 i bhfeidhm, agus mar gheall ar na nithe sin níorbh fhéidir a dhéanamh amach cé mhéad ab fhiú an spáráil ó thaobh airgid. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an t-atheagrú ar siúl i gcónaí agus ba mhaith leis fios a fháil i dtráth cuí i dtaobh an mhéid a spáráladh dá bharr.


8. I gcúrsa fianaise dúradh go ndearna údaráis sláinte drugaí agus cóngais leighis a cheannach trí Rannóg Chomhcheannaigh na Roinne Rialtais Aitiúil agus go raibh ag méadú ar an gcostas i ngach aon áit mar gheall ar dhrugaí nua a bhí níos costasaí a bheith á gcur ar fáil. Cuireadh ráiteas faoi bhráid an Choiste a thaispeánann an caiteachas sa bhliain atá faoi léirmheas i gcás foras seachas ospidéil mheabhairghalar (£435,000) i gcás ospidéal meabhairghalar (£172,000) agus i gcás cóngas leighis a soláthraíodh faoin tseirbhís liachta ghinearálta (£454,000).


Nuair a chuirtear na figiúirí sa ráiteas seo i gcomparáid leis an gcaiteachas iomlán ar na seirbhísí sláinte (Foscríbhinn VII) faightear roinnt eolais atá úsáideach. I gcás foras (seachas ospidéil mheabhairghalar) is ionann costas na gcóngas leighis agus 4.75 faoin gcéad den chaiteachas iomlán; i gcás ospidéal meabhairghalar is ionann é agus 4 faoin gcéad; agus i gcás na seirbhíse liachta ginearálta is ionann é agus 32.3 faoin gcéad. Sa tseirbhís dheiridh sin b’ionann agus 45.3 faoin gcéad an costas i mBaile Átha Cliath agus b’ionann agus 51.8 faoin gcéad é i Luimneach. Tuigeann an Coiste go maith nach féidir gan neamhionannas a bheith idir ghréasáin chaiteachais údarás sláinte éagsúla ach ba mhaith leis deimhniú a fháil go bhfuil córas rialaithe á oibrú ag an Roinn a fhágfaidh saoirse réasúnach ag na húdaráis sláinte ach san am céanna a chuirfidh ar chumas Dháil Éireann a chinntiú go bhfuil na suimeanna móra atá á gcur ar fáil do na seirbhísí sláinte á riaradh go gaoismhear agus le haird mar is cuí ar an gcoigilteacht.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

9. Sábháladh roinnt mhaith le tamall de bhlianta anuas ar na soláthairtí le haghaidh oibreacha nua agus cheistigh an Coiste an tOifigeach Cuntais chun a fháil amach cad é an deacracht a bhaineann leis an gcaiteachas ar oibreacha do Ranna Rialtais eile a mheas níos cruinne. Léiríodh de bharr taithí go raibh ailtirí na gCoimisinéirí ródhóchasach ag meas dul chun cinn na n-oibreacha a raibh siad freagrach iontu, agus cé gur cuireadh é sin san áireamh trí laghdú a dhéanamh ar an soláthar ina iomláine bhí cuid mhaith fágtha gan chaitheamh. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil an scéal á scrúdú agus tá súil aige go ndéanfar meastachán níos cóngaraí feasta.


10. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar rud a bhain le Beairic Mhíleata an Teampaill Mhóir a athrú ina hionad traenála d’earcaigh don Gharda Síochána ar chostas £435,000, ar áiríodh ann £35,000 le haghaidh táillí ailtire agus suirbhéara cainníochtaí. Dúirt sé nárbh fhéidir le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí pleanáil agus maoirsiú na hoibre a ghabháil de láimh agus dá bhrí sin go ndearna an tAire Dlí agus Cirt, le ceadú an Aire Airgeadais, ailtire agus suirbhéir cainníochtaí a fhostú de réir táillí, agus conradh a shocrú le haghaidh na hoibre. Toghadh an conraitheoir as foirgneoirí— aon duine dhéag díobh—ar iarraidh orthu tairiscint a chur isteach, de réir sceidil rátaí, d’oibreacha nua agus oiriúnuithe a bheadh le tomhas agus le luacháil, le linn na hoibreacha a bheith ar siúl, de réir Billí Cainníochtaí garmheasta. Cuireadh an conradh i gcrích i mí Iúil, 1961, agus bhí suim £93,506, caiteachais anuas go dtí an 31 Márta, 1962, curtha de mhuirear ar an ráta le haghaidh Oibreacha agus Foirgneamh Poiblí.


Dúradh thar ceann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste san fhianaise a tugadh gur measadh gur cheart aird a tharraingt ar an ní seo ar dhá chúis, sa chéad áit toisc go bhfuil an caiteachas ina mhuirear ar an vóta seo ach gur ar an Roinn Dlí agus Cirt atá sé de chúram an obair a chur i gcrích, agus sa dara háit toisc nach conradh de réir cnapshuime a rinneadh, mar is gnách i gcás oibreacha móra foirgníochta. Insíodh freisin don choiste gur chomhairligh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí an Roinn Dlí agus Cirt maidir le toghadh an ailtire agus an tsuirbhéara cainníochtaí agus le téarmaí a gceaptha agus fós maidir le téarmaí an chomhaontaithe, le haghaidh an chonartha.


Tá méadú mór tagtha ar a bhfuil d’oibreacha á dtógáil le haghaidh na seirbhíse poiblí, agus ní féidir le hOifig na nOibreacha Poiblí teacht suas leis na héilimh phráinneacha. Níl an beartas ar ar cinneadh sa chás seo ag déanamh cúraim don Choiste ach feictear dóibh go mbaineann deacracht le rialú cúrsaí airgeadais mar gheall ar an bhfreagracht a roinnt.


11. Maidir leis na táillí is iníoctha as seirbhísí gairmiúla is dóigh leis an gCoiste go bhfuil siad pas ard agus ba mhaith leo tuilleadh sonraí a fháil ina dtaobh. I gcás oibreacha de mhéid na n-oibreacha seo bheifí ag súil go réiteofaí ar rátaí faoi leith.


12. Chun go bhféadfadh an Coiste fiúntas an nós imeachta i gcás an chonartha a mheas, theastódh tuilleadh eolais i dtaobh na scéime oibreacha. Déantar talamh slán de go raibh plean ginearálta éigin leagtha amach agus gur áiríodh ann aon fhoirgnimh nua a bhí ag teastáil maraon le meastachán ar a gcostas. Níor mhór freisin breis faisnéise a bheith ar fháil, faoin saghas agus faoin méid maoirseachta a bhí le déanamh ar na hoibreacha agus faoi sheiceáil na gcuntas.


13. I mír 12 dá thuarascáil faoi dháta an 5 Meán Fómhair, 1962, phléigh an Coiste an cheist faoi stórais bharrachais sna Príomh-Cheardlanna Innealtóireachta, Inse Chaoir. De réir an mheamraim a fuarthas ón Aire Airgeadais, agus atá ag gabháil leis an Tuarascáil seo, dealraíonn sé go bhfuil an t-atheagrú ar stór na bpáirteanna breise geall le bheith críochnaithe agus go bhfuil an t-atheagrú ar an stoc ginearálta agus ar na hamh-ábhair ar siúl agus nach fada go mbeidh sé críochnaithe. Scrúdaíodh na stoic go léir agus dealaíodh uathu earraí is fiú £75,000 de réir na leabhar agus nach raibh puinn éilimh orthu. Tá luach £17,500 díobh sin á gcoinneáil agus scarfar le luach £57,500 díobh. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil faoin toradh a bheidh air sin.


14. Nuair a bheidh na fardail go léir, faoi throscán, etc., in ambasáidí agus leagáideachtaí thar lear ar fáil, ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó é, maraon le torthaí an scrúdaithe a dhéanfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí orthu.


Oífig na gCoimisinéirí loncaim.

15. Díríodh aird an Choiste ar an méid oibre breis-ama a bhí á dhéanamh i ndáil le hobair Chánach Ioncaim. Bhí comhaltaí den fhoireann gafa le dualgas breise ar feadh uaireanta fada i gcaitheamh tréimhsí fada. In dhá chás cuireadh isteach 30 uair a chloig sa tseachtain ar dhualgas breise, is é sin 1,300 uair a chloig sa bhliain, agus bhí tuilleamh breis-ama na n-oifigeach sin beagnach ar cóimhéid lena ngnáth-thuarastail. Mhínigh an tOifigeach Cuntais gur bhain a lán oibre breise leis na hullmhúcháin a bhí le déanamh chun “Íoc mar a Thuillir” a thabhairt isteach. Bhí práinn mhór ag baint leis an líon mór cásanna riaráistí faoi Sceideal E a ghlanadh oiread agus ab fhéidir. Níor mhór dá bharr sin gach oifigeach a bhí ar fáil chuige a fhostú ar obair bhreis-ama agus bunfhoireann d’oifigigh a bhí cleachtach ar an ngnó sin a choimeád ar obair bhreis-ama an t-am go léir beagnach. Ní raibh an dara rogha ann ach é a dhéanamh mar sin toisc nárbh inmholta foireann bhreise a fháil nach mbeadh obair dóibh ar ball beag agus toisc gan cóiríocht a bheith ann d’fhoireann mar sin. D’admhaigh an tOifigeach Cuntais go ndearnadh an iomarca oibre breis-ama agus dúirt sé, taobh amuigh den dá chás shuntasacha dar tagraíodh cheana, go bhfuair 47 n-oifigeach pá breis-ama sa bhliain ab ionann agus trí cheathrú dá dtuarastal. Chuir sé in iúl go mbeadh a thuilleadh gá le go leor oibre breis-ama sul a dtabharfaí ríomhaire leictreonach isteach ach go ndéanfaí socruithe chun a chinntiú go mbeadh dianteorainn leis an méid oibre breis-ama a dhéanfadh oifigeach ar bith.


Tuigeann an Coiste na deacrachtaí a bhí ann agus gur chuid den chúis a bhí leo a ghastacht a cuireadh i bhfeidhm—agus moltar an ghastacht sin—an cinneadh chun an scéim “Íoc mar a Thuillir” a thabhairt i gcrích. Ach tá súil aige go bhféadfaidh na Coimisinéirí srian a chur le méid na hoibre breis-ama agus dul ar ais ar na gnáthuaireanta dualgais go luath.


16. Rinneadh tagairt sna tuarascálacha ar na cuntais do 1957-58 agus do 1958-59 don mhíthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ann faoi mhéid na riaráistí cánach mar gheall ar an ráiteas i dtaobh measúnuithe neamhíoctha a foilsíodh i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Tharraing an Coiste an t-ábhar seo anuas arís i rith na bliana atá faoi léirmheas, agus cé go bhfuil feabhas áirithe ar léiriú an ráitis sin, mar gheall ar na moltaí a rinneadh, feictear don Choiste go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann i gcónaí. Tá an Coiste an-sásta leis an dul chun cinn a rinneadh ag bailiú na riaráistí agus mar gheall air sin ba mhaith leis go bhféachfadh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, le feabhas a chur ar fhoirm an ráitis atá i gceist chun idirdhealú a dhéanamh idir measúnuithe sealadacha a bheadh faoi réir a laghdaithe agus measúnuithe críochnaitheacha.


An Garda Síochána.

17. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar na liúntais chothaithe a íocadh, faoi fhorálacha an Ordaithe um Liúntais an Gharda Shíochána, 1958, le comhaltaí den Fhórsa i leith tréimhsí a chaith siad ina mbailte féin, de réir dealraimh. Cé go bhfuil na híocaíochtaí sin ceadaithe faoin Ordú, mheas sé iad a bheith in aghaidh na hintinne ginearálta nach n-íocfaí costas cothaithe ach i leith caiteachas breise a ndeachthas fúthu, de riachtanas, ar an tseirbhís phoiblí. Mar fhreagra ar fhiosruithe i dtaobh íocaíocht £67 10s. Od. dúirt an tOifigeach Cuntais gur aontaigh sé le tuairim an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus go raibh sé chun breithniú a dhéanamh ar leasú oiriúnach ar an Ordú liúntas d’fhonn cosc a chur le híocaíochtaí den sórt sin feasta; idir an dá linn chuirfí i gcoinne aon éilimh a dhéanfaí in imthosca den chineál céanna. Ag tabhairt fianaise dó, áfach, dúirt an tOifigeach Cuntais gur tháinig malairt tuairime ina thaobh agus gurbh fhearr leis faoi láthair an ní seo a réiteach mar chúrsa riaracháin toisc gur dhóigh leis go mbeadh aon leasú ar an Ordú Liúntas le plé faoi Scéim Idir-Réitigh agus Eadrána an Gharda Síochána, nós imeachta atá fadálach, anásta agus costasach. Dúirt sé gur bheag an méid cásanna den chineál sin a bhí i gceist agus gurbh é a thuairim go bhféadfaí an cheist a réiteach gan an tOrdú a athrú. D’admhaigh sé go mbeadh sé in aghaidh an dlí cur i gcoinne éilimh ach shíl sé go bhféadfaí éilimh a sheachaint trína chinntiú nach mbeadh na himthosca chuige ann feasta.


Tá an Coiste tar éis an ní seo a bhreithniú go cúramach agus measann sé nár chuí a cheadú go bhfágfaí locht i bhforálacha rialacháin airgeadais. Molann sé dá réir sin go leasófaí an tOrdú.


Príosúin.

Foscríbhinn XVIII.


18. Tá ráiteas curtha isteach a thaispeánann meánchostas cothabháilte príosúnaigh i bPríosún Mhoinseo (£432) agus i bPríosún Phort Laoise (£502) don bhliain 1961-62. Áirítear air seo bia, éadach, cóiríocht agus foireann. Dealraíonn na costais sin a bheith ard agus ba mhaith leis an gCoiste fhios a bheith acu cén chaoi a dtéann fostú na bpríosúnach, a dhéantar chun costas a gcothabháilte ar an Státchiste a laghdú, i bhfeidhm ar na costais sin.


Scrúdaigh an Coiste na ráitis, a bhí ag gabháil leis na Cuntais Leithreasa, ar chuntais mhonaraíochta na bpríosún. Tugann sé faoi deara gur £24,502 an láimhdeachas agus £3,367 an brabach do 1959-60; gur £24,957 an láimhdeachas agus £3,223 an brabach do 1960-61, agus gur £30,748 an láimhdeachas agus £3,331 an brabach do 1961-62. Sa bhliain deiridh sin tá laghdú suntasach ar choibhneas an bhrabaigh agus ba mhaith leis an gCoiste míniú a fháil ar an laghdú sin.


Rialtas Áitiúil.

19. Tugann an Coiste dá aire gur caitheadh £100 ar scaireanna a cheannach sa Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, scaireanna atá cláraithe in ainm an Aire Airgeadais nó daoine a d’ainmnigh sé. I gcás nár taifeadadh sna Cuntais Airgeadais bhliantúla na scaireanna ar íocadh astu as airgead a sholáthraigh an tOireachtas, measann an Coiste gur cheart sonraí i dtaobh na scaireanna sin atá á sealbhú ag deireadh bliana airgeadais a bhreacadh sa Chuntas Leithreasa iomchuí.


Meánoideachas.

20. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chomhaontuithe áirithe a rinne an Roinn le gnólacht foilsitheoirí chun téacsleabhair a fhoilsiú do scoileanna a dhéanann cúrsaí trí Ghaeilge. Tá socrú sna comhaontuithe le haghaidh airleacan do na foilsitheoirí i leith an chostais táirgthe, agus ceanglaítear orthu aon deontais a chuirtear ar fáil dóibh as an Vóta Eolaíochta agus Ealaíon trí Bhord na Leabhar Gaeilge i leith na leabhar atá i gceist a íoc leis an Roinn agus iarmhéid na n-airleacan a aisíoc trí thráthchodanna leathbhliantúla is ionann agus 20 faoin gcéad den mhéid a gnóthaíodh ar dhíolacháin. Airleacadh £9,382 anus go dtí an 31 Márta, 1962, i leith comhaontuithe a bhain le ceithre leabhar déag ar foilsíodh deich gcinn díobh. Aisíocadh £5,530 ach bhí riaráistí ar na foilsitheoirí agus chuir an tOifigeach Cuntais in iúl don Choiste go raibh imeachtaí á mbeartú chun an méid a bhí dlite a ghnóthú. Níor fhéad sé a rá cén uair a d’fhoilseofaí na ceithre théacsleabhar a bhí fós gan foilsiú. Ba mhaith leis an gCoiste scéala i dtaobh na gcúrsaí sin a fháil ó am go ham.


Tailte.

Foscríbhinn XXI.


21. De bharr thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste rinne an Coiste breithniú ar an gceist i dtaobh cé acu is tairbhí tithe cónaithe agus tithe eile do Choimisiún na Talún a thógáil faoi chonradh nó iad a thógáil trí shaothar díreach. Fuarthas tairiscint ó chonraitheoir foirgníochta in Aibreán 1959 chun sé theach cónaithe agus dhá theach déag eile a thógáil ar shuim £9,120 ach níor glacadh leis an tairiscint toisc gur mheas Coimisiún na Talún nach bhféadfadh an tairgtheoir dul i mbun na hoibre láithreach. Ní rabhthas sásta, ar chúiseanna éagsúla, tairiscintí eile a ghlacadh ach an oiread. Is cosúil gurbh fhearr a d’oir sé do na foirgneoirí glacadh le hobair ó dhaoine príobháideacha ná glacadh le hobair den saghas seo.


Ansin shocraigh Coimisiún na Talún ar an bhfoirgníocht a dhéanamh trí shaothar díreach, agus críochnaíodh an obair i bhFeabhra 1962 ar chostas £11,971. Dúradh san fhianaise gur bhain roinnt deacrachtaí leis an obair a chur ar siúl agus gur cuireadh tús léi i Nollaig 1959 agus gur críochnaíodh í i mBealtaine 1961. Bhí an obair le déanamh in áit atá tuairim 8 míle ó Bhaile Átha Cliath agus mheas Coimisiún na Talún go raibh an costas in aghaidh an aonaid, £2,000 nó mar sin, réasúnach go maith.


Dúirt an tOifigeach Cuntais go ngabhann buntáistí leis an bhfoirgníocht trí shaothar díreach, go háirithe nuair is féidir críochnú na hoibre a shocrú chun go bhféadfaidh imircigh nó tionóntaí seilbh a fháil ar a ngabháltais san am is oiriúnaí le dul i gceann feirmeoireachta. Ach tá sé an-deacair lucht oibre atá inniúil ar an bhfoirgníocht a fháil, mar gheall ar an éileamh a bhíonn ag conraitheoirí orthu; agus ní foláir ábhair a cheannach ar an mórchóir agus stóras-eagraíocht lárnach a bheith ann le haghaidh foirgníochta trí shaothar díreach.


De bhrí go bhfuil tionscal na foirgníochta go buacach faoi láthair, is léir don Choiste chomh deacair is atá sé do Choimisiún na Talún obair a fháil déanta ar conradh. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire, de réir ráitis a fuarthas le déanaí ón Oifigeach Cuntais, go bhfuil teicníochtaí na foirgníochta trí shaothar díreach faoi scrúdú ag gnólacht comhairleach d’fhonn an táirgiúlacht a mhéadú de thoradh scéimeanna bónais, etc., mar spreagadh do na hoibritheoirí. Is ábhar suime leis an gCoiste an scrúdú sin agus tá sé ag súil le heolas a fháil ina thaobh.


Foraoiseacht.

Foscríbhinn XXII.


22. Cuireadh in iúl don Choiste san fhianaise a tugadh go raibh cuntais trádála á gcoimeád i leith an dá mhuileann sábhadóireachta atá i gConga agus i nDún Droma (Co. Thiobraid Árann) agus ar iarratas ón gCoiste soláthraíodh cóipeanna de na cuntais do na trí bliana anuas go dtí 31 Márta, 1962, maraon le nóta míniúcháin orthu. Tá na cuntais trádála ó Mhuileann Chonga sásúil ach is cúis díomá na cuntais ó Dhún Droma. Tá an Coiste ag brath air, mar gheall ar an tsuim atá aige sa scéal, go mbrostófar an scrúdú ar gach meán atá inúsáidte chun a chur ar chumas an tionscail i nDún Droma déanamh as dó féin. Tuigtear nach gá go mbeadh sé ina riachtanas go ndéanfaí sochar as oibrú na muilte sábhadóireachta sin ach, ar an gcuid is lú de, is dóigh leis an gCoiste gur cheart, ar na blianta a thógáil le chéile, nach mbeidís caillteach. Tugtar faoi deara nach n-insítear sna cuntais cad é an caipiteal a úsáidtear ná cad é an soláthar atá déanta le haghaidh úis air. Measann an Coiste go bhfuil sé fíorthábhachtach cuntais trádála chur ar fáil agus iad a leagan amach go críochnúil ionas go mbeadh gléas ar fáil chun éifeachtúlacht agus barrainneacht a thabhairt i gcrích, agus molann sé go ndéanfaí cuntais den sórt sin a ullmhú go bliantúil agus iad a chur leis an gCuntas Leithreasa.


23. Léiríonn nóta sa Chuntas Leithreasa go ndearnadh suimeanna ab ionann agus £419 ar fad a dhíscríobh i leith damáiste a rinneadh d’innill na Roinne toisc daoine a bhaint leo, gan údarás, le linn tréimhsí lasmuigh d’uaireanta oibre. Áirítear sna suimeanna sin £414 i leith damáiste mhóir a rinneadh do tharracóir crágála a chuir triúr ógánach, a raibh gach duine acu faoi bhun 14 bliana d’aois, sa siúl agus a ligeadh ó smacht sa tslí go ndeachaigh sé suas i gcoinne éadan cairéil gainimh. Cuireadh an dlí ar na hógánaigh ach comhairlíodh don Roinn nach n-éireodh le héileamh mar gheall ar dhíobháil mhailíseach. Fiafraíodh den Oifigeach Cuntais arbh fhéidir na meaisíní sin a chur ó fheidhm gluaiseachta nuair nach mbeadh aon duine ina mbun lasmuigh d’uaireanta oibre, agus dúirt sé gur cuireadh in iúl dó nach raibh aon slí ann chun iad a chur ó fheidhm gluaiseachta ar fad, ach go gcuirfeadh sé tuilleadh scrúdaithe á dhéanamh ina thaobh. Amach ón damáiste do na meaisíní, is cúis bhuartha leis an gCoiste an baol is léir a bheith ann go mbainfeadh díobháil do dhaoine, agus ba mhaith leis go ndéanfaí gach is féidir chun an baol sin a chur ar ceal.


Roinn na Gaeltachta.

24. Rinneadh conarthaí i 1959 chun dhá cheann is tríocha de thithe gloine le frámaí alúmanaim a thógáil i gConamara agus i nDeisceart Mhaigh Eo ar chostas £29,636. Soláthraíodh cóir téite do na tithe sin faoi chonradh eile ar chostas £7,765 agus soláthraíodh coirí do na gléasraí téite ar chostas £4,768. Nuair a bhí na tithe ionann is críochnaithe rinneadh mórchuid damáiste dóibh de dheasca stoirme neamhchoitianta i Meán Fómhair, 1961. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil go raibh athshlánú agus críochnú na dtithe gloine faoi phlé idir na conraitheoirí agus Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhí ag feidhmiú mar ghníomhairí do Roinn na Gaeltachta ar an scéim.


Cinneadh nárbh fhéidir na tithe a dheisiú ar chostas barrainneach agus tugadh i gcrích leis na conraitheoirí a thóg na tithe socrú faoinar áiríodh a gconarthaí a bheith críochnaithe agus a d’aontaigh na conraitheoirí £3,000 de na suimeanna a bhí dlite dóibh ó Oifig na nOibreacha Poiblí a ligean uathu. Íocadh £39,387 ar fad i leith na scéime.


Chun cur le fianaise béil an Oifigigh Cuntais chinn an Coiste ar roinnt ceisteanna i scríbhinn a leagan amach agus tá na ceisteanna sin maraon le freagraí an Oifigigh Cuntais orthu i bhfoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.


Is eol don Choiste gur frámaí adhmaid a d’fhoráiltí roimhe seo sa tsonraíocht le haghaidh tithe gloine a bhí le tógáil faoi Scéim na dTithe Gloine—agus dealraíonn sé gurb é seo an chéad uair a sonraíodh frámaí alúmanaim. Feictear don Choiste gur beag ar fad an cleachtadh ab fhéidir a bheith ag oifigigh ghairmiúla Oifig na nOibreacha Poiblí ar úsáid frámaí alúmanaim in áiteanna sceirdiúla in iarthar na tíre, agus mar sin go mbeadh an scéal níos sásúla dá dtriailfidís treoir-scéim ar dtús.


25. Ar mhórán ócáidí le blianta anuas thagair Coistí um Chuntais Phoiblí d’easnaimh i gcomhaontuithe i leith conarthaí. Is ábhar buartha é a fháil amach gur comhairlíodh do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí nach bhféadfaidís téarmaí na gconarthaí seo a chur i bhfeidhm. Bhí caillteanas mór ar chistí poiblí dá dheasca agus nuair a bheidh méid an chaillteanais sin déanta amach go críochnaitheach ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil ina thaobh.


Talmhaíocht.

26. Thug an Coiste dá aire maidir le costas na dtuarastal, an phá, na liúntas agus na gcostas taistil faoina ndeachthas ar riaradh an Tionscadail Talún, go bhfuil an costas sin ard ag féachaint do na deontais a íocadh. Cuireadh in iúl dó gur gá, mar gheall ar an gcineál tionscadail atá ann, foireann mhór oibrithe lasmuigh, agus go gcaitear féachaint le líon na foirne a choinneáil íseal agus a chinntiú san am céanna go bhfuil an obair mhachaire ag dul ar aghaidh go héifeachtach agus á dhéanamh go barrainneach. Chun a chur ar chumas an Choiste léargas níos fearr a fháil ar an méid oibre atá á dhéanamh, ba mhaith leis a fhios a bheith aige cé mhéad deontas a deimhníodh chun a n-íoctha i ngach ceann de na blianta 1959-60 go 1961-62 agus cad é líon garmheasta agus gráid na foirne lasmuigh a bhí ar fostú go leanúnach i ngach ceann de na blianta sin.


Foscríbhinn XXV.


27. Le linn fianaise a bheith á tabhairt maidir leis an méadú ar an ráta caillteanais ar cheannach agus ar dhíol na mba frithghníomhacha ag an Roinn faoin Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh sna blianta 1959-60 agus 1960-61 i gcóimheas le blianta roimhe sin, cuireadh in iúl don Choiste um Chuntais Phoiblí a bhí ann roimhe seo go raibh oifigigh mhaoirseachta talmhaíochta ceaptha do gach oifig cheantair chun a chinntiú gur luachálacha scafa comhionanna a chuirfí ar bha frithghníomhacha a bheadh á gceannach. Ba é an meán-chaillteanas, de réir mar a measúnaíodh, a bhain don Roinn ar bha frithghníomhacha a cheannach agus a dhíol, £29 1s. 8d. do 1961-62 i gcóimheas le £28 1s. 4d. do 1960-61. Tá an Coiste buartha faoi go bhfuil méadú ag teacht ar na caillteanais i gcónaí agus ba mhaith leis a fháil amach an bhfuil aon rud eile is féidir a dhéanamh chun an t-ualach ar chistí poiblí a laghdú.


Foscríbhinn XXVI.


28. Mar a dúradh i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, leanadh i rith na bliana de na híocaíochtaí ráthaithe, a tugadh isteach in Iúil, 1960, i leith bólachta ramhraithe neamhdheimhnithe a onnmhairíodh. D’athraigh na híocaíochtaí a bhí á ndéanamh leis na honnmhaireoirí ó sheachtain go seachtain de réir leibhéal na n-íocaíochtaí ráthaithe Briotanacha. Mhéadaigh ráta 13s. 6d. an cmn. beo ar bhólacht ramhraithe i dtús Aibreáin, 1961, go dtí 44s. an cmn. beo timpeall lár mí Iúil. Ach ón 31 Iúil, 1961, amach, cuireadh uasteorainn 20s. an cmn. beo leis an ráthaíocht, agus ó dheireadh Mheán Fómhair bhí an ráta ab iníoctha faoi bhun na huasteorann sin. Tugadh íocaíochtaí ráthaithe dá samhail i leith conablach mairteola freisin. Íocadh £4,212,446 ar fad i rith na bliana i gcomparáid le £265,590 sa bhliain roimhe sin. San fhianaise insíodh don Choiste gur tháinig titim mhór ar phraghas bólachta agus mairteola ar mhargadh na Breataine Móire i lár 1961 agus gur chuidigh scéim na n-íocaíochtaí ráthaithe, cuid maith, chun titim tubaisteach ar na praghsanna d’fheirmeoirí anseo a sheachaint. Mar gheall ar a gcostas ollmhór ar an Státchiste cinneadh ar theorainn a chur leis na híocaíochtaí ráthaithe ó dheireadh mí Iúil, 1961. Cuireadh deireadh leis an scéim ar an 31 Márta, 1962. D’iarr an Coiste, agus tugadh dó, ráiteas a thaispeánann gur thug fóiríocaíochtaí de bharr ar 20s. an cmn. beo i rith na tréimhse 8 Bealtaine, 1961, go 31 Iúil, 1961, suim £1,151,552 de mhuirear ar an Vóta.


29. Tarraingíodh aird ar neamhrialtachtaí a aimsíodh in éilimh ar íocaíochtaí ráthaithe ó onnmhaireoirí áirithe. Rinneadh breisíocaíochtaí ab ionann agus £7,287, ach d’fhág an Roinn éilimh neamhíoctha dar luach ainmniúil £30,000, tuairim, gan íoc go dtí go mbeadh imscrúdú déanta. Dealraíonn sé, nuair a cuireadh na foirmeacha éilimh, ina raibh sonraí ar mheáchan, uimhreacha agus comharthaí aitheantais nambeithíoch a rna deimhniú ag oifigigh don Roinn, ar ais chuig na honnmhaireoirí lena dtabhairt ar aird ag an bport ónar seoladh na beithígh, go ndearna an t-onnmhaireoir nó a ghníomhaire athrú orthu ionas go mbeadh fóiríocaíochtaí níos mó le fáil aige. Dúradh leis an gCoiste nach raibh i gceist ach líon beag onnmhaireoirí, gur cuireadh gach cás a fuarthas amach de thoradh imscrúdú na Roinne faoi bhráid údaráis an Gharda chun beart a dhéanamh mar ba chuí agus go rabhthas ag súil nach mbainfeadh aon chaillteanas do chistí poiblí. Ba mhaith leis an gCoiste, fios a fháil faoina dtarlóidh i dtaobh an scéil.


Poist agus Telegrafa.

Foscríbhinn XXVIII.


30. Glacadh isteach ar stoc stórais a chosain £315,000 ach nach raibh íoctha astu um dheireadh na bliana. Dá n-íocfaí astu i rith na bliana bheadh breis le cur leis an Vóta agus níl an Coiste saor ar fad ó mhíshuaimhneas de bharr mhíniú an Oifigigh Cuntais, a chuireann i gcéill go nglactar mar ghnás coitianta le haga maith moille idir an tráth a fhaightear na stórais agus an tráth a íoctar astu. Is cúram leis an gCoiste nach mbainfeadh aon mhoill mhíchuí le híoc as stórais a sholáthraítear agus toisc gur léir go bhfuil contúirt ann don scéim rialúcháin ar chaiteachas poiblí molann sé go ndéanfaí athbhreithniú ar nós imeachta na Roinne.


Foscríbhinn XXIX.


31. Déantar cuntais Bhanc Taisce an Phoist a thíolacadh don Oireachtas de réir Achtanna Bhanc Taisce an Phoist agus tugann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascáil ar an scrúdú a rinne sé ar na cuntais i gcúrsa a Thuarascála ar na Cuntais Leithreasa. Braitheann an Coiste go n-éascódh sé a chuid oibre dá gcuirfí cóipeanna de chuntais an Bhainc Taisce ar fáil nuair a bhíonn Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu faoi bhreithniú ag an gCoiste, agus ba mhaith leis go ndéanfaí socrú chuige sin.


32. D’ainneoin go ndearna Coistí um Chuntais Phoiblí casaoid cheana ina dtuarascálacha do 1958-59 agus 1960-61 maidir leis na nótaí míniúcháin a ghabhann le cuntais leithreasa, bhí ar an gCoiste seo filleadh ar an scéal nuair a chuaigh sé i mbun scrúdú an chuntais seo. Is beag an t-eolas a tugadh sna mínithe ar na fáthanna a bhí le difríocht ídir caiteachas agus deontas, agus níor tugadh de mhíniú i gcás seacht gcinn as deich bhfo-mhírcheann ach gur “casual variation” é. Sa cheistiú a rinne an Coiste ar an Oifigeach Cuntais nochtadh nach ndearnadh i gcásanna áirithe aon tagairt sna mínithe d’athrú suntasach ón Meastachán.


Tá an sampla is tábhachtaí den sórt sin le fáil i bhfomhírcheann F.—Stórais agus Trealamh Innealtóireachta—cás inar sábháladh £145,511 as soláthar £2,195,000. Fuair an Coiste amach gur aithníodh i rith na bliana go sábhálfaí cuid mhaith ar obair chonarthach agus uime sin gur cinneadh, le haontú na Roinne Airgeadais, stórais agus trealamh a thiomsú. Thaispeáin na cuntais don bhliain gur sábháladh £294,000 ar obair chonarthach agus £32,000 ar threalamh le haghaidh Eitlíochta Sibhialta agus Meitéareolaíochta agus go raibh le fritháireamh ina aghaidh sin caiteachas iomarcach £181,000 de bhreis ar an soláthar chun stórais a cheannach. Ina theannta sin thug an Coiste dá aire sa chuntas gur seachadadh stórais a chosain £315,000 ach nár íocadh astu i rith na bliana. Is léir nach leor an míniú a foilsíodh, is é sin, gur moill a bhain le hoibreacha áirithe conarthacha a ghabháil de láimh nó a chríochnú ba mhó ba chúis leis an scéal a bheith amhlaidh, go háirithe ó tá suimeanna móra i gceist. Fairis sin feictear don Choiste gur rud míchuibhiúil é dul faoi chaiteachas breise den sórt sin d’aonghnó gan ceadú sainráite a fháil ó Dháil Éireann.


Is tríd an Oifigeach Cuntais a oibríonn Dáil Éireann an cion trom dá ceannas chun rialtacht a chur i bhfeidhm i ranna Stáit, agus is srian an-fhiúntach an chumhacht atá ag an gCoiste chun a thabhairt air aon chúrsa áirithe a glacadh a chosaint nó na fáthanna a bhí leis a mhíniú. Tá na nótaí míniúcháin, i gcoitinne a tugadh sa chuntas seo faoi bhun an chaighdeáin a mhol Coistí roimhe seo. Tá súil ag an gCoiste seo go ndéanfar beart mar is cuí chun a dheimhniú go gcuirfear nótaí leordhóthanacha leis na cuntais leithreasa feasta agus nach mbeidh sé riachtanach tagairt arís don rud seo.


33. Rinne an Coiste breithniú ar chás a tugadh chun suntais sa Chuntas Leithreasa maidir le caillteanas £228 i leith coinsíneachta de chomhlaí raidió ó Mheiriceá a bhfuarthas amach nuair a seachadadh iad go raibh siad ar call agus faoi bhun na sonraíochta. De réir téarmaí an chonartha, a d’fhoráil gur trí litir chreidmheasa do-athraithe a bhí socrú le déanamh ina leith, rinneadh íocaíocht in aghaidh an fhorchuntais phraghsáilte agus na mBillí Luchta loingsithe. Níorbh fhéidir an caillteanas a ghnóthú mar bhí an gnólacht tar éis dul faoi leachtú.


Is maith leis an gCoiste fios a fháil nach ndéanfar feasta litreacha creidmheasa a oscailt ach amháin le gnólachtaí a bhfuil den chlú orthu ar fud an domhain nó a dtabharfaidh a mbaincéirí ráthaíocht go ndéanfar aisíocaíocht mura gcomhlíontar an conradh.


Cosaint.

34. Oifigeach neamhchoimisiúnta a ciontaíodh i gcúirt shibhialta ar chúiseamh gur ghoid sé maoin Airm ab fhiú £663 d’íoc sé £200 isteach sa chúirt agus tugadh tréimhse sé mhí dó chun an chuid eile a íoc. Cé go raibh an tréimhse sin caite i mí na Nollag, 1961, ní bhfuarthas aon íocaíocht eile sa Roinn. Insíodh don Choiste nár éirigh leis an Roinn i gcaingean a tionscnaíodh san Ard-Chúirt agus go raibh an t-Ard-Aighne ag breithniú an scéil faoi achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí. Mar gheall ar chúrsaí neamhghnácha an cháis seo ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil i dtráth faoi thoradh na caingne dlí.


35. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chaiteachas measta £2,674 ar athchóiriú an dín ar cheardlainn a tógadh faoi mhaoirseacht an Chóir Innealtóirí i 1956. Cuireadh in iúl don Choiste gur tháinig scoilteanna sna leatháin d’aispeist rocach a bhí sa díon, ach nach n-éireodh le héileamh in aghaidh dhéantóir na leathán de bhrí nár comhlíonadh a threoracha i dtaobh a ndaingnithe. Is cosúil nach bhfuair an tOifigeach Innealtóireachta a bhí i mbun na hoibre na treoracha sin. Go deimhin, níl sé cinnte go bhfuarthas iad riamh sa Roinn.


I dtuarascáil an 5 Meán Fómhair, 1962, ón gCoiste rinneadh tagairt do laghad an cheangail a bhí idir na foirne Innealtóireachta agus rannóga eile sa Roinn; cuireann an cás seo teannadh lena riachtanaí atá sé go gcuirfí feabhas ar na socruithe chun faisnéis theicniúil a thaifeadadh agus a chur timpeall laistigh den Roinn, agus tá sé ag brath air go ndéanfar gach is gá chuige sin.


36. Tugadh chun suntais éilimh a chuir an Roinn chuig Údaráis Sláinte ar íocaíochtaí ceannsraithe laethúla i leith othar in ospidéil mhíleata cheadaithe a bhí i dteideal seirbhísí forais faoi na hAchtanna Sláinte. Tuigtear go bhfuil na héilimh sin inchurtha i bhfeidhm de réir dlí ach thug údarás amháin na suimeanna faoi cheist ar an ábhar gur mhinice go mór cóireáil ospidéil á fáil ag saighdiúirí ná ag sibhialtaigh ina limistéar. Ós rud é go bhfuil an scéal faoi scrúdú fós ní háil leis an gCoiste aon ní a rá ina thaobh ag an bpointe seo, ach toisc go bhfuil suim mhór gan íoc tá súil aige nach fada go gcinnfear an cheist.


37. Lochtaigh an Coiste ar mhórán ocáidí le blianta beaga anuas nós imeachta na ranna ceannaigh i leith conarthaí. Chuir sé ionadh air, mar sin, a fháil amach go raibh éalang bhunúsach i gconradh reatha d’fhoirm chaighdeánach, atá á húsáid le daichead bliain, chun earraí bia a cheannach don Arm. Mar gheall ar an éalaing sin cuireadh an Roinn faoi dhliteanas ag conraitheoir nuair nár ordaíodh aon soláthairtí. Is cúis sásaimh dó a thabhairt dá aire gur leasaíodh an fhoirm mar ba chuí agus gur cuireadh na cúrsaí i bhfios do ranna ceannaigh eile.


Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh.

38. B’fhollas don Choiste i gcúrsa a scrúdaithe ar na Vótaí d’Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, don Árachas Sóisialach agus don Chúnamh Sóisialach go n-éascófaí obair an Choiste dá gcuirfí na vótaí sin le chéile. Tá dlúthbhaint lena chéile ag na seirbhísí a sholáthraítear faoi na vótaí sin agus meastar nach dtiocfadh aon laghdú ar an smacht airgeadais as na vótaí a chur le chéile.


Árachas Sóisialach.

39. Tá an Ciste Árachais Shóisialaigh ina chuid dhílis de chóras airgeadais na seirbhísí leasa shóisialaigh agus ba chabhair don Choiste é dá gcuirfí cuntais an Chiste ar fáil nuair a bhíonn na seirbhísí sin faoi scrúdú.


(Sínithe) DONNCHADH MAC SEÓIN,


Cathaoirleach.


11 Iúil, 1963