Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::11 July, 1963::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Iúil, 1962:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; d’ainneoin aon ní atá sa Bhuan-Ordú sin go mbeidh an Coiste comhdhéanta de thrí chomhalta dhéag, agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1962, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


25 Iúil, 1962:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí de Béalatún, Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Nioclás Mac Aodhagáin, Mac Seóin, Ó Leathlobhair, Ó Cionaodha, Ó Searbháin agus Ó Treasaigh.


19 Meitheamh, 1963:—Ceapadh an Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) in ionad an Teachta de Béalatún a fuair bás.