Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::28 March, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Márta, 1963.

Thursday, 28th March, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, Mac Cuinneagáin, Nioclás Mac Aodhagáin agus Ó Leathlobhair.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1961-62.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1961-62. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Arachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), L. Ó hÚanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), E. Suttle (Rúnaí agus Stíúrthóir na h Iniúchóireachta), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m.