Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::21 March, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 21 Márta, 1963.

Thursday, 21st March, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Nioclás Mac Aodhagáin, Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1961-62.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1961-62. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Poist agus Telegrafa, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), Aodh Mac Brádaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), S. Ó Faoláin agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.