|
TUARASCÁIL1. Bhreithnigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí gnéithe áirithe de na Buan-Orduithe a bhaineann le Suíonna na Dála, le Gnó Comhaltaí Príobháideacha agus le Córam, agus molann siad don Dáil an leasú ar na Buan-Orduithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Suíonna na Dála.2. Forálann na Buan-Orduithe, mura mbeartóidh an Dáil a mhalairt, go dtiocfaidh an Dáil le chéile ar 3 p.m. gach Máirt, gach Céadaoin, agus gach Déardaoin agus ar 10.30 a.m. gach Aoine agus go gcuirfear ar athló í ar uair nach déanaí ná 11 p.m. ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin agus ar uair nach déanaí ná 2.30 p.m. ar an Aoine. Le blianta beaga anuas, áfach, is é gnás na Dála teacht le chéile gach Déardaoin ar 10.30 a.m., agus dul ar athló ar uair nach déanaí ná 5.30 p.m., agus gan teacht le chéile ar an Aoine. 3. Is mar gheall ar chomhaontú neamhfhoirmiúil ón Teach a chuirtear an Dáil ar athló ar uair nach déanaí ná 5.30 p.m. gach Déardaoin. D’fhéadfadh an Teach fanacht ina shuí níos faide ná 5.30 p.m. agus dul ar athló ar uair nach déanaí ná 11 p.m. na laethanta sin gan tairiscint chuige sin a bheith riachtanach. Leanann sé as an athrú ar na huaire suí gach Déardaoin nach bhfuil cúrsaí soiléir maidir le feidhm a thabhairt an lá sin do Bhuan-Ordú 20 (3), a fhorálann go mbeidh fógra le tabhairt tráth nach déanaí ná 8.30 p.m. i dtaobh ní a tharraingt anuas chun a phléite ar an tráth chun dul ar athló, do Bhuan-Ordú 21 a fhorálann nach bhféadfar a thairiscint tráth is déanaí ná 8.30 p.m. go suífidh an Teach déanach, agus do Bhuan-Ordú 29, a fhorálann gur ar 9 p.m. a dhéanfar tairiscint chun an Dáil a chur ar athló mar gheall ar ní a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis. 4. Is é tuairim an Choiste go bhfuil an t-athrú ar an tráth agus na laethanta chun suí bunaithe sách fada anois lena chur isteach go foirmiúil sna Buan-Orduithe. Molann siad dá réir sin na Buan-Orduithe a leasú— (a) trí na tagairtí do chruinnithe gach Aoine a scriosadh; (b) trí am an chruinnithe gach Déardaoin a athrú ó 3 p.m. go 10.30 a.m.; an tráth is déanaí chun dul ar athló a athrú ó 11 p.m. go 5.30 p.m.; agus an tráth chun gnó a stopadh a athrú ó 10.30 p.m. go 5 p.m.; (c) trína fhoráil go dtabharfar fógra tráth nach déanaí ná 3.30 p.m. i dtaobh ní a bheidh le plé ar an tráth chun dul ar athló Déardaoin; (d) trína fhoráil gur ar uair nach déanaí ná 3 p.m. a dhéanfar tairiscint chun suí tar éis 5.30 p.m.; agus (e) trína fhoráil gur ar 3.30 p.m. a dhéanfar tairiscint chun an Dáil a chur ar athló Déardaoin mar gheall ar ní a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis. 5. Thug an Coiste dá n-aire nuair a thagann an Dáil le chéile gach Déardaoin gurb é an gnás faoi láthair gan Ceisteanna a thógáil ar dtús i ngnáthamh na hoibre ach go ndéantar ordú i dtosach gnó go dtógfar iad ar 3 p.m. Aon cheist nach mbeidh sroichte ar 4 p.m. féadfar a chur faoi deara freagra uirthi a chur sa Tuairisc Oifigiúil. Dá gcuirtí foráil an ordaithe isteach sna Buan-Orduithe ní fhéadfaí Ceisteanna a fhreagrófaí tar éis 3.30 p.m. Déardaoin a thógáil faoi Bhuan-Ordú 20 (3) an lá sin, ó tharla gurb é 3.30 p.m. an tráth is déanaí chun fógra a thabhairt, agus is é tuairim an choiste nach dtugann an fógra sin ach an tréimhse is giorra aimsire. Thairis sin, b’fhéidir go ndéanfaí tráth na gCeisteanna a ghiorrú Déardaoin i gcás inar tugadh cead an Dáil a chur ar athló ar ní a raibh deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis, mar tá sé molta gur ar 3.30 p.m. a dhéanfaí tairiscint den sórt sin. Meastar gur fearr, dá bhrí sin, na Ceisteanna ar an Déardaoin a ghlacadh ar 2.30 p.m. agus go bhféadfar a chur faoi deara an freagra ar aon Cheist nach mbeidh sroichte ar 3.30 p.m. a chur sa Tuairisc Oifigiúil. Gnó Comhaltaí Príobháideacha.6. Bhreithnigh an Coiste gearán go bhfuil an gnás atá ag an Dáil gan teacht le chéile gach Aoine, lá ar féidir deréir na mBuan-Orduithe Gnó Comhaltaí Príobháideacha a ghlacadh tar éis meán lae, ag cur as do riar an ama idir gnó Rialtais agus gnó Comhaltaí Príobháideacha, agus gurb é an gnó deiridh sin a chaill leis. Measann siad gur tharla cailleadh éigin dá bharr, agus ó tharla nach gnáthlá suí an Aoine a thuilleadh is dóigh leis an gCoiste gur chóir lá eile a chur in ionad na hAoine mar lá chun Gnó Comhaltaí Príobháideacha a ghlacadh. 7. Molann an Coiste gur cheart Gnó Comhaltaí Príobháideacha a ghlacadh Dé Máirt in ionad Dé hAoine agus measann siad gurb í an tréimhse ó 6 p.m. go 7.30 p.m. Dé Máirt an tráth is fóirsteanaí chun an gnó sin a thógáil. Is dóigh leo freisin gur chóir an t-am atá leagtha amach faoi láthair faoi na Buan-Orduithe chun Gnó Comhaltaí Príobháideacha a ghlacadh Dé Céadaoin, i.e., an tréimhse ó 9 p.m. go 10.30 p.m., a athrú go dtí an tréimhse ó 6 p.m. go 7.30 p.m. 8. Molann an Coiste freisin go gcuirfí isteach sna Buan-Orduithe an gnás rialta atá ag an Teach le blianta, gan am a chur ar fáil le haghaidh gnó Comhaltaí Príobháideacha i rith na tréimhse a mbíonn gnó airgeadais á bhreithniú. Córam sa Teach agus i gCoiste den Teach uile.9. Bhreithnigh an Coiste an fhoráil i mBuan-Ordú 19 faoina bhféadfaidh aon Chomhalta a chur in iúl don Fhear Ceannais nach bhfuil córam i láthair agus an nós imeachta a thionscnamh chun córam a ghairm agus bhreithnigh siad freisin foráil den sórt céanna faoi Bhuan-Ordú 63 maidir le Coiste den Dáil uile. 10. Is é dearcadh an Choiste dá ndéanfaí gnáthchleachtas d’fhorálacha na mBuan-Orduithe go bhféadfadh sé oibriú go leatromach ar Chomhaltaí Príobháideacha an Tí, go háirithe i gcás ina dtugann siad nithe ar aghaidh lena bplé ar an tráth chun dul ar athló. Is minic nach gcuireann ach ceantair áitiúla suim sna nithe sin nó nach mbaineann siad ach le cásanna aonracha agus gur ábhar bearáin a bheadh ann dá mba ghá córam a bheith ann dóibh agus an córam sin a choinneáil ar bun. Thairis sin ní léir don Choiste fáth ar bith go ndéanfaí an Teach a chomhaireamh fad a bhíonn Billí nó tairiscintí ó Chomhaltaí Príobháideacha á mbreithniú. 11. Molann an Coiste dá réir sin nach cóir comhaireamh a iarraidh fad a bhíonn aon ábhar a phlé a tugadh ar aghaidh ar an tráth chun dul ar athló nó fad a bhíonn Billí nó tairiscintí ó Chomhaltaí Príobháideacha á mbreithniú. Ba chóir, áfach, go leanfadh an fhoráil sna Buan-Orduithe d’fheidhm a bheith aici sa dóigh, i gcás ina bhfaightear amach nach bhfuil córam i láthair le linn vótáil a thuairisciú, go measfar nár thángthas ar aon chinneadh. (Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN, Cathaoirleach. 19 Iúil, 1962. AN SCEIDEAL.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||