Committee Reports::Report - Standing Orders (i) Amendments relating to suspension of Members from the service of the Dáil, and (ii) New Standing Order relating to Order of Motion in Private Members' Business ::12 April, 1962::Report

TUARASCÁIL

1. Bhí dhá ní maidir le nós imeachta faoi chaibidil ag an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidi. Baineann an chéad cheann leis na tréimhsí fionraíochta faoi Bhuan-Ordú 51 agus an dara ceann leis an ord inar ceart tairiscintí a ghlacadh i nGnó Comhaltaí Príobháideacha.


Tréimhsí Fionraíochta faoi Bhuan-Ordú 51.

2. Is mar seo a leanas atá an fhoráil faoi láthair i mBuan-Ordú 51 maidir le tréimhsí fionraíochta—


“Má chuirtear aon chomhalta ar fionraí faoin mBuan-Ordú seo, beidh sé seachtain ar fionraí ar an gcéad ócáid, coicíos ar an dara hócáid agus mí ar an tríú hócáid nó ar aon ócáid ina dhiaidh sin”.


Braitheann an Coiste go bhfuil an pionós sin leataobhach. Más i dtréimhse ina mbíonn an Teach ina shuí a leanann Comhalta de bheith ar fionraí bíonn réim ag a fhionraí ó sheirbhís na Dála le linn uimhir iomchuí suíonna. Acht más go gairid roimh thráth sosa a chuirtear Comhalta ar fionraí d’fhéadfadh an méid lá suí a bheadh i gceist a bheith níos lú ná mar is gnách, agus b’fhéidir go dtarlódh i gcás Comhalta a chur ar fionraí ar feadh míosa lá deiridh an tsuí nach mbeadh aon lá suí eile sa tréimhse fionraíochta. Is deimhin leis an gCoiste gur pionós éifeachtach atá ann sa chéad chás ach go bhfuil an pionós chomh héadrom sin sa dara cás gur beag éifeacht atá ann le mí-ord a chosc. Chomh fada siar le Feabhra, 1945, tharraing an Coiste, i dTuarascáil chun na Dála (T. 112), aird an Tí ar an laige sin sa Bhuan-Ordú agus mhol sé an fhoráil ina luaitear na tréimhsí sin a chur ar ceal agus an méid seo a leanas a chur ina ionad—


“Má chuirtear aon chomhalta ar fionraí faoin mBuan-Ordú seo leanfaidh a fhionraí go dtí an ceathrú lá ar a suífidh an Dáil tar éis an lae a cuireadh ar fionraí é. Má tharlaíonn, áfach, go gcuirfear comhalta ar fionraí níos minice ná aon ócáid amháin in aon tréimhse dhá mhí dhéag leanfaidh a fhionraí ar an dara hócáid den sórt sin go dtí an t-ochtú lá den sórt sin agus, ar an tríú nó ar aon ócáid den sórt sin ina dhiaidh sin, go dtí an dóú lá déag den sórt sin.”


Ní dhearna an Teach aon bheart maidir leis an Tuarascáil sin.


3. Tabharfar faoi deara cé go ndearna an leasú a tairgeadh i 1945 an locht atá luaite a leigheas gur fhoráil sé nach mbeadh an tréimhse fionraíochta don dara cion agus do chionta ina dhiaidh sin níos faide ná mar a bheadh don chéad chion ach amháin i gcás na fionraíochtaí a tharlú taobh istigh de thréimhse dhá mhí dhéag. D’athródh sin an gnáthchleachtadh, is é sin, i gcás an dara fionraí nó fionraí ina dhiaidh sin a tharlú tráth ar bith le linn saolré Dála go ngearrtar tréimhse fionraíochta níos faide. Measann an Coiste nach ceart laghdú ar bith i slí ar bith a dhéanamh ar na smachtbhannaí in aghaidh iompair mhí-ordúil agus gur ceart leanúint den chleachtas sin mar atá.


4. Molann an Coiste dá réir sin don Dáil go scriosfaí as Buan-Ordú 51 na focail—


“Má chuirtear aon chomhalta ar fionraí faoin mBuan-Ordú seo, beidh sé seachtain ar fionraí ar an gcéad ócáid, coicíos ar an dara hócáid agus mí ar an tríú hócáid nó aon ócáid ina dhiaidh sin”.


agus go gcuirfí ina n-ionad na focail seo a leanas—


“Má chuirtear comhalta ar bith ar fionraí feasta faoin mBuan-Ordú seo, mairfidh a fhionraí ar an gcéad ócáid go dtí an ceathrú lá, ar an dara hócáid go dtí an t-ochtú lá, agus ar an tríú hócáid nó aon ócáid ina dhiaidh sin go dtí an dóú lá dhéag, a shuífidh an Dáil i ndiaidh lá a churtha ar fionraí”.


Ord na dTairiscintí i nGnó Comhaltaí Príobháideacha.

5. Bhreithnigh an Coiste an t-ord ina nglactar tairiscintí ó Chomhaltaí Príobháideacha. Is é an nós imeachta atá ann faoi láthair tairiscintí a ghlacadh san ord inar tugadh fógra ina dtaobh. Ós rud é nach bhfuil aon teorainn leis an méid tairiscintí is cead do Chomhaltaí a chur síos d’fhéadfaidh Comhaltaí áirithe, dá mba mhian leo é, an t-achar le haghaidh tairiscintí in am Comhaltaí Príobháideacha a ghlacadh chucu féin ar feadh tréimhse fada. Braitheann an Coiste go gcuirfeadh an Buan-Ordú breise seo a thairgtear feabhas ar an nós imeachta atá ann faoi láthair mar go gcuirfeadh sé ó chumas Comhaltaí mí-úsáid a bhaint as—


“82A (1) Chun críche an Bhuan-Ordaithe seo ciallóidh grúpa


(a) aon Pháirtí ag a raibh seachtar comhalta ar a laghad a toghadh don Dáil san Olltoghchán roimhe sin, nó


(b) na comhaltaí uile den Dáil nach comhaltaí d’aon Pháirtí den sórt sin.


(2) Beidh de cheart ag gach grúpa de réir uainíochta comhalta príobháideach den ghrúpa a ainmniú chun tairiscint ina ainm a dhéanamh. Déanfar an t-ord ina bhféadfaidh na grúpaí éagsúla leas a bhaint as an gceart a chinneadh de réir an líon comhaltaí atá sna grúpaí, ag tabhairt tosach do ghrúpa mór ar ghrúpa níos lú. I gcás comhlíon comhaltaí cinnfear an tosaíocht le crannchur.


(3) Deich lá ar a laghad roimh an dáta a dhéanfar an tairiscint cuirfidh an comhalta a ainmníodh in iúl don Cheann Comhairle cad é an tairiscint atá beartaithe aige a dhéanamh agus tabharfaidh an Ceann Comhairle tosaíocht mar is cuí don tairiscint sin i nGnó Comhaltaí Príobháideacha ar Riar na hOibre.”


Déantar an Buan-Ordú nua atá beartaithe a mholadh don Teach lena ghlacadh.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


12 Aibreán, 1962.