Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::05 September, 1962::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 24 SAMHAIN, 1961.

1. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh tuairimí ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 3, 4, 6, 12, 19 agus 20 dá thuarascáil dar dáta 22 Feabhra, 1961, ar na cuntais do 1959-60.


Bun-Oideachas.

2. Ba mhaith leis an gCoiste é a chur in iúl dóibh nuair a bheidh an scéim fógraithe atá le déanamh faoi fhorálacha Acht Aois-Liúntais na Múinteoirí, 1928, maidir le híocaíochtaí ex-gratia le múinteoirí scoile náisiúnta áirithe atá ar scor.


An Dánlann Náisiúnta.

3. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil clár achomaireachta á chlóbhualadh de na hola-phéinteála go léir sa Dánlann, agus go bhfuil na pictiúir eile go léir, seachas ola-phéinteála, cláraithe, ach go dtógfaidh sé tamall éigin na cláracha a fhoilsiú. Cé nach míshásúil an dul ar aghaidh atá déanta chun an Coiste a shásamh, glacann sé leis go ndéanfar socruithe chun na cláracha a choinneáil cothrom le dáta agus chun na taifid sin a sheiceáil go tráthrialta.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

4. Maidir le fardail troscáin, etc., a ullmhú in áitribh atá á n-áitiú ag Misiúin Éireannacha thar lear, tá súil ag an gCoiste go dtabharfar aird, nuair a bheidh an obair seo críochnaithe, ar an moladh i dtaobh seiceáil na bhfardal a rinne sé sa tuarascáil uaidh faoi dháta 6 Aibreán, 1960.


An Ciste Forbartha Náisiúnta.

5. Tugann an Coiste dá aire an t-eolas ón Aire Airgeadais i dtaobh na ndliteanas de chuid an Chiste Forbartha Náisiúnta nár glanadh fós. Meastar go gcaithfear £600,000 ar thionscadail a chríochnú agus go mbeidh ceann acu sin gan críochnú go dtí 1966. Ó thaobh cúrsaí airgeadais a choinneáil faoi riail, ní mheasann an Coiste gur céillí an rud é airgead le haghaidh tionscadal a bheidh glactha ar láimh ag Ranna Stáit a thabhairt ar shlí seachas trí vótaí bliantúla an Oireachtais. Rinne an tAcht um Chiste Forbartha Náisiúnta, 1954, foráil i dtaobh an Ciste a fhoirceannadh díreach tar éis an 31 Márta, 1957. Ba deacair a shamhlú san am go mb’fhéidir nach mbeadh tionscadail áirithe gan críochnú go ceann naoi mbliana tar éis foirceannadh an Chiste. Ina theannta sin tharla sé i roinnt cásanna go ndearnadh airgead a cuireadh ar fáil as an gCiste a úsáid mar fhorlíonadh ar airgead a vótáladh; cleachtadh é sin a mheasann an Coiste a bheith lochtach ar an ábhar gur cúis mearbhaill é, go ndéanann sé deacair é comparáid a dhéanamh agus go mb’fhéidir nach gcuideodh sé le tíobhas. Rachadh an Coiste níos faide agus d’iarrfadh sé ar an Aire a bhreithniú ar chóir an t-iarmhéid nach mbeidh caite den chiste ag deireadh na bliana airgeadais láithrí a thabhairt suas don Státchiste agus costas críochnaithe tionscadal a fhágáil le soláthar a dhéanamh ina leith as vótaí an Oireachtais.


Gnóthaí Eachtracha.

6. Tugann an Coiste dá aire go bhforálann Treoracha Cuntasaíochta gur chóir do Mhisiúin thar lear cuntais a thabhairt ar fháltais agus íocaíochtaí i leith gach míosa don Roinn Gnóthaí Eachtracha tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis deireadh na míosa lena mbaineann an cuntas. Dúradh i bhfianaise nár comhlíonadh na treoracha sin go hiomlán ar chúiseanna iomaí, ach tuigtear don Choiste gur tharla feabhas mór ar an scéal le déanaí. Ábhar tábhachta leis an gCoiste é seo agus tá súil aige go gcomhlíonfar na Treoracha Cuntasaíochta go hiomlán feasta.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

7. Cé go dtugann an Coiste dá aire ráiteas an Aire go bhfuil an nós imeachta le haghaidh conarthaí Rialtais a chur i bhfeidhm sainmhínithe agus gur chruthaigh sé sásúil le linn feidhm a bheith á bhaint as, ba é ábhar a chúraim conarthaí neamhinchurtha-i-bhfeidhm a cuireadh faoina iúl.


Tá súil aige gur bhain fiosruithe an Oifigigh Chuntasaíochta leis an gceist seo agus go bhfuil na conarthaí reatha uile inchurtha i bhfeidhm.


8. Déileáltar níos faide anonn sa tuarascáil seo le rialú stóras sa Phríomh-Cheardlainn Innealtóireachta.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.

Gnóthaí Eachtracha.

9. I gcúrsa fhianaise an Oifigigh Chuntasaíochta fuair an Coiste d’eolas go ndéantar caiteachas ar athdhúichiú a mhuirearú ar chuntas fionraí sa chéad ásc agus nach gcuirtear mar mhuirear ar an vóta é nó go mbíonn teipthe ar iarrachtaí chun é a ghnóthú. Sa bhliain atá faoi bhreithniú b’éigean £12, suim cuíosach beag, a dhíscríobhadh mar airgead nach bhféadfaí gnóthú, ach d’fhonn méid na seirbhíse seo a fháil amach ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil faoin méid a hairleacadh i rith na bliana, an méid a gnóthaíodh agus an méid iomlán a bhí gan gnóthú ag an 31 Márta, 1961.


10. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil claonadh ann leis an gcostas ar shiamsaíocht oifigiúil do dhul i méid, agus ó fhianaise an Oifigigh Chuntasaíochta tuigtear don Choiste nár mhiste bheith in amhras i dtaobh scóp na féile oifigiúla. Mar gheall ar a chineál, níor mhór bheith rí-chúramach ag faire ar chaiteachas den sórt sin. Ba mhaith leis an gCoiste, dá bhrí sin, dá ndéanfaí rialacháin speisialta ag baint le caiteachas den sórt sin agus dá gcuirfí in iúl dó aon chás nach ndearnadh dá réir. Ba mhaith leis an gCoiste freisin go ndéanfaí sonraí ar na príomh-mhíreanna caiteachais sa mhuirear ar an vóta a thabhairt feasta leis an gCuntas Leithreasa.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

11. Thrácht Coistí um Chuntais Phoiblí roimhe seo ar an gcóras cuntasaíochta stórais agus ar na stoic barrachais de pháirteanna breise sna Príomh-Cheardlanna Innealtóireachta, Inse Chaoir. Sa tuarascáil uaidh faoi dháta 19 Feabhra, 1958, thagair an Coiste do dhá chóras taifid stórais ar leithligh agus gealladh go ndéanfaí an cheist a iniúchadh. Ba mhaith leis a fháil amach cén toradh a bhí ar an iniúchadh seo.


12. Díoladh ar £5,400 páirteanna breise barrachais a raibh luacháil leabhair £45,200 orthu. Bhí díol mall ar pháirteanna breise eile a raibh luacháil leabhair £45,000 orthu. Tá siad sin curtha ar leithligh agus cé go mb’fhéidir go n-úsáidfear cuid acu is dócha go gcaithfear a bhformhór a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí éigin eile. Díreach ag deireadh an Dara Chogadh Domhanda nuair a bhí cúrsaí margaidh éiginnte, bhí gá ann, dúradh leis an gCoiste, an-chuid gléasra agus stoic leordhóthanacha de pháirteanna breise a fháil le haghaidh caoi a chur ar innill. Ní raibh sé éasca páirteanna breise a roghnú mar gheall ar a raibh ann d’innill éagsúla agus iad a bheith forbartha feabhsaithe le linn an chogaidh. Tharla tuilleadh éiginnteachtaí mar gheall ar an gcogadh sa Chóiré agus ceannaíodh an-chuid stoc taca ionas nach gcuirfí as don chlár oibreacha siltin artairigh i ngeall ar innill a bheith díomhaoin cheall páirteanna breise. Cé gur dóigh leis an gCoiste nach míniú neamhréasúnach é seo, samhlaítear dó go raibh easpa taithí ar fhoirinn an Choimisinéara ag pleanáil a gcuid riachtanas agus gurbh shin cúis eile leis an iomarca páirteanna breise a cheannach. Is maith leis an gCoiste a fheiceáil go bhfuil athruithe móra déanta in eagrú na Ceardlainne agus na stóras, go háirithe sa roinn a bhaineann le ceannach agus le rialú ábhair agus go bhfuil súil leis, nuair a chuirfear iad seo i gcrích go hiomlán, nach ndéanfar ceannach gan ghá arís. Tá súil acu go mbeidh na socruithe nua éifeachtach. Ba mhaith leis an gCoiste é a chur in iúl dó de réir mar a bheidh diúscairt á dhéanamh ar na páirteanna breise dar luacháil £45,000, agus nach bhfuil á ndíol ach go mall.


Foscríbhinn X.


13. D’fhonn méid na cuntasaíochta a laghdú mhol an Coiste ina thuarascáil faoi dháta 13 Meitheamh, 1957, gur chóir mion-fháltais a áireamh mar leithreasa-i-gcabhair in ionad mar fháltais bhreise is iníoctha leis an Státchiste. Sa bhliain atá faoi bhreithniú tugann sé faoi deara go dtaispeánann cuntas an vóta d’Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí fáltais ó dhíol maoine faoi Leithreasa-i-gCabhair agus faoi Fháltais Státchiste Bhreise. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur cinneadh i rith na bliana gach fáltas den sórt sin a leithreasú i gcabhair an vóta ach gur tharla, roimh an athrú, gur áiríodh roinnt fáltas mar fháltais b’iníoctha leis an Státchiste.


Nuair a bhí an moladh á dhéanamh aige ní raibh ar aigne ag an gCoiste ach mion-fháltais agus níor mheabhraigh sé aon athrú a dhéanamh sa chleachtas sean-bhunaithe a bhaineann le fáltais ó dhíolacháin tábhachtacha maoine. D’fhonn rialú airgeadais a bhuanú, is doigh leis an gCoiste gur chóir mór-fháltais den sórt a bhí i gceist a íoc isteach sa Státchiste, ach fanfaidh sé le tuairimí an Aire Airgeadais i dtaobh an scéil.


Cosaint.

14. Díríodh aird an Choiste ar an tíobhas a bhain le feithiclí iompair airm a chothabháil a raibh cuid acu fiche bliain á n-úsáid agus a raibh áireamh idir 100,000 agus 150,000 míle déanta acu.


Chuathas faoi chaiteachas ó £100 go dtí £250 ar shé cinn d’fheithiclí agus mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur mar gheall ar chúrsaí airgid a bhí feithiclí mar sin á gcothabháil in ionad cinn a bheith á bhfáil ina n-áit. Bhí gá leis na feithiclí go léir le haghaidh na seirbhíse ach bhí feithiclí ionaid á bhfáil sna blianta deireannacha seo agus tá sé ar intinn breis acu a fháil feasta. Gabhann an Coiste air féin a mholadh gur chóir costais chothabhála na bhfeithiclí uile a athbhreithniú go tráthrialta ionas nach gcaithfí airgead go neamhthíobhasach.


15. Colún cruach a bhí mar mharc ag taispeáint claise dreidseáilte trína ngabhadh árthaí na Roinne ar a mbealach ó Inis Sionnach go hInis Píc bhain locht dó agus cuireadh colún concréide ina ionad. Cuireadh suas an colún nua ar chostas £1,440 in áit tuairim caoga troigh ó phort na claise dreidseáilte agus cé go meastar é a bheith sásúil níl sé ina mharc chomh maith leis an sean-cheann. Cuireadh in iúl don Choiste nach raibh caidreamh chomh maith agus ba chóir idir ionadaithe na Roinne agus an conrathóir le linn na hoibre agus gurbh é breith Chúirt Fhiosrúcháin a rinne fiosrú faoin scéal seo nach bhféadfaí an colún a thógáil níba ghaire do phort na claise dreidseáilte. Tá súil aige go bhfuil beart déanta chun freagrachtaí na bhfoirne loingseoireachta agus innealtóireachta i gcúrsaí den sórt seo a mhíniú go soiléir.


Iompar agus Cumhacht.

16. £1,943,712 san iomlán, go dtí an 31 Márta, 1961, a bhí sa chaiteachas as airgead a vótáladh le haghaidh oibreacha foirgníochta in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Deir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil gur chaith Aer Rianta Teoranta £265,224 ar haingear le haghaidh scairdeitleáin ag an Aerfort ach go bhfuarthas an t-airgead sin ó fhoinsí seachas an Státchiste. Is iad Aer Rianta Teoranta a bhainistíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath thar ceann na Roinne agus fuair an Coiste d’eolas i bhfianaise go raibh gá géar leis an haingear seo ach nach raibh foireann theicniúil ar fáil sa Roinn chun an tionscadal a phleanáil agus a mhaoirsiú. Dá bhrí sin, chuir Aer Rianta Teoranta an haingear á dhéanamh agus sholáthraíodar airgead dó trí iasacht bainc. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil an haingear dílsithe don Aire Iompair agus Cumhachta agus curtha ar fruiliú ag Aer Rianta Teoranta chun cuideachtaí eile agus go n-úsáidtear na cíosanna chun ús a íoc agus tráthchodanna den iasacht a aisíoc. Cé nár mhiste leis an gCoiste glacadh leis go mb’fhéidir nach raibh foireann ar fáil sa Roinn chun na hoibre seo ní mheasann sé gur cúis bhailí sin chun imeacht ón ngnáth-nós imeachta maidir le hairgeadas.


17. Samhláitear don Choiste go bhféadfaí tuiscint iomrallach a bhaint as an tagairt do bharrachas ar Chuntas Bainistíochta Aerfort Bhaile Átha Cliath atá i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, cé go bhfuil sé ceart go teicniúil. Molann sé ar mhaithe le soiléire gur chóir an tsuim a fuarthas ó Aer Rianta Teoranta agus a leithreasaíodh i gcabhair an vóta a thuairisciú ar chuma nach mbeadh aon mheascadh idir an tsuim sin agus toradh na ngnóthaí airgeadais a bhain leis an Aerfort.


Talmhaíocht.

18. An fóirdheontas a tugadh do mhonaróirí forfhosfáite baile chun go bhféadfaidís soláthairtí a chur ar fáil ar an margadh baile ar phraghsanna cothrom le praghsanna ar mhargaí an domhain bhí sé bunaithe ar an difríocht idir an bpraghas eacnamúil measta ag fágáil na monarchan, arna chinneadh ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála, agus praghas na forfhosfáite allmhairithe arna tabhairt i dtír. Tar éis cuntais airgeadais deimhnithe agus costais mhonaraíochta do shéasúr 1958-59 a athbhreithniú chruthaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála in Aibreán 1960 go raibh an praghas eacnamúil ag fágáil na monarchan 9s. 6d. an tonna thar ceart agus gur eisíodh £90,920 de fhóirdheontas thar ceart. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh ró-eisiúintí dar mhéid £86,519 a ghnóthú faoin 31 Márta, 1961, agus is maith leis a chloisteáil go bhfuil súil le ró-eisiúintí chomh mór sin a sheachaint feasta trí chinneadh deiridh an phraghais eacnamúil a chur siar go dtí go mbeadh cuntais thráchtála na monaróirí don séasúr fóirdheontais áirithe sin ar fáil.


19. Rinne an Coiste breithniú ó thaobh tíobhais chomparáide ar dhá mhodh a bhíonn á n-úsáid ag an Roinn chun ba frithghníomhacha faoin Scéim chun Eitinn Bhólachta a scriosadh a dhiúscairt. In áiteanna lasmuigh de na sé chontae deisceartach, cheannaigh an Roinn ba frithghníomhacha óna n-úinéirí ar luacháil áirithe agus dhíol sé iad le monarchana cannaithe faoi chonarthaí a socraíodh uair sa ráithe ar fhoras tairiscintí iomaíochta trínar foráileadh gurb iad na conraitheoirí a íocfadh costas iompair na n-ainmhithe chun na monarchana. Sna sé chontae deisceartach dhíol na húinéirí ba frithghníomhacha díreach leis na monarchana agus tugadh faoi deara go raibh an meán-phraghas a fuarthas orthu tuairim 3d. an 1b. ní ba airde ná na praghsanna a fuair an Roinn. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh dhá ábhar leis an difríocht sa phraghas. Ceann acu an costas iompair, rud nárbh eol don Roinn, agus an ceann eile difríocht sa chineál nó sa saghas ainmhí a ceannaíodh ar fhoras tráchtála ó fheirmeoirí sna contaetha deisceartacha.


Cé go dtuigeann an Coiste go mb’fhéidir nach raibh roinnt ainmhithe a díoladh faoi chonarthaí na Roinne sa riocht b’oiriúnaí le haghaidh trádáil na feola, bheadh súil leis go mbeadh ar chumas na Roinne an costas iompair chun na monarchana a mheas. Is mór an difríocht 3d. an 1b. in áireamh an chaiteachais iomláin ar chúiteamh agus d’easpa eolais mar gheall ar chostais iompair is deacair don Choiste a mheas an bhfuil nó nach bhfuil ábhair iomaíochta ar bith dáiríre sna conarthaí idir an Roinn agus na gnólachtaí cannaithe.


Foraoiseacht.

20. Aistríodh ceardlann soghluaiste dar luacháil £4,600 ón Roinn Talmhaíochta i mí Meán Fómhair, 1955, d’fhonn scuaidrín mheicniúil Roinnteán na Foraoiseachta a sheirbhísiú.


Dealraíonn sé nár bhain Roinnteán na Foraoiseachta úsáid as an gceardlainn ó fuarthas é agus tá sé beartaithe anois de réir mholadh ó chomhairleach tionscail go leanfaidh conraitheoirí tráchtála den scuaidrín a sheirbhísiú.


Is ábhar imní leis an gCoiste ball gléasra dar luacháil £4,600 a bheith díomhaoin os cionn sé bliana agus nach ndeachthas ag lorg comhairle ar lucht comhairle i dtaobh úsáid na ceardlainne go ceann cúig bliana tar éis é a fháil. Tá súil ag an gCoiste nach mbainfidh aon mhoill dosheachanta leis an gceardlainn a dhiúscairt.


Iascach.

21. Íocadh £38,230 leis an mBord Iascaigh Mhara ag aisíoc caiteachais faoina ndeachaigh sé ag ceannach monarcha min éisc agus ola éisc sna Cealla Beaga, Contae Dhún na nGall. Cuireadh in iúl don Choiste gur chuideachta a thóg an mhonarcha seo le cabhair deontas Stáit £59,000 ach go ndeachaigh an chuideachta ar leachtú mar gheall ar theirce amh-ábhar.


Dealraíonn sé go bhfuil An Bord Iascaigh Mhara tar éis an mhonarcha a chur ar léas chun gnólachta ón Danmhairg agus go bhfuil ag éirí léi cuíosach maith anois. Chuir an Stát beagnach £100,000 sa tionscadal seo agus ba mhaith leis an gCoiste dá gcuirfí i bhfios dó an leis an Stát is iníoctha an cíos léasach.


Oideachas.

22. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh cuntais na gcistí atá á riaradh ag an Roinn seo faoi thiomnachtaí agus iontaobhais charthanúla éagsúla. Ar an ábhar go ndéanann iniúchadh na gcuntas ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste deimhin de go gcomhlíontar téarmaí na dtiomnachtaí, etc., is ar éigin is gá na sonraí sin a athinsint in aghaidh na bliana ar bharr gach Cuntais. Meastar freisin go bhféadfaí na Cuntais féin a achoimriú i dhá ráiteas simplí ar Chaipiteal agus Ioncam gan mórán de na sonraí atá ar fáil faoi láthair a chailliúint.


Poist agus Teileagrafa.

23. Suimeanna a muirearaíodh sa chuntas faoi Chaillteanais mar gheall ar Mhainneachtain, Taisme, etc., áirítear iontu aghaidh-luach stampaí cuimhneacháin, etc., a bronnadh ar chomhlachtaí éagsúla. Shíl an Coiste go raibh sin ina údar míthuisceana mar measadh dó nach raibh caillteanas ar bith ann dáiríre. Is maith leis a chloisteáil go ndéanfar, feasta, bronnadh stampaí den sórt sin a chuntasú trí choigeartú sa chuntas stampaí postais in ionad trí mhuirear ar mhircheann na gCaillteanas.


24. I mír 12 dá Tuarascáil ar na Cuntais do 1958-59 thrácht an Coiste ar neamhdhóthanacht an eolais a thugtar amannta sna Nótaí Míniúcháin a chuirtear leis na Cuntais Leithreasa. Sa bhliain atá faoi bhreithniú, mar gheall ar chuid de na mínithe ar an vóta seo i dtaobh na gcúiseanna difríochta idir Caiteachas agus Deontas a bheith míshásúil, b’éigean breis eolais ina dtaobh a lorg ar an Oifigeach Cuntasaíochta agus é ag tabhairt fianaise. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl arís gur tábhachtach an rud é dóthain eolais a bheith sna nótaí míniúcháin i dtaobh cibé nithe is gá a mhíniú agus tá súil ag an gCoiste nach gá dó tagairt arís don ní seo.


25. Rinneadh tagairt sa Tuarascáil ar Chuntais 1959-60 do chúbláil a rinneadh, go háirithe ar airgead Bhanc Taisce an Phoist, i mbunoifigí, agus do Choiste Roinne a bunaíodh chun a fháil amach arbh fhéidir bearta níba éifeachtaí a cheapadh chun neamhrialtachtaí den sórt sin a chosc. Sa chuntas atá faoi bhreithniú áiríodh ar na caillteanais £7,252 a mídhílsíodh i mbunoifig, thar roinnt blian de réir dhealraimh. Tuigeann an Coiste, mar a dúradh i bhfianaise, gurbh fhusa an chúbláil a dhéanamh mar gheall ar fhaillí na dtaisceoirí déanamh de réir threoracha na Roinne maidir le coimeád a gcuid leabhar taisce bainc agus go mb’fhéidir dá rachfaí ro-dhian ar thaisceoirí a thabhairt orthu na treoracha a chomhlíonadh go mbeadh éifeacht nár mhian leis. Is ábhar imní leis an gCoiste, áfach, go raibh bun-mháistreás i mbaile beag ábalta ar shuim airgid chomh mór sin a mhídhílsiú agus nach bhfuarthas an mhírialtacht amach níba thúisce. Tá súil aige, de thoradh an fhiosrú Roinne, go dtiocfar gan mhoill ar réiteach na faidhbe a bhaineann le rialú airgead an Bhainc Taisce in oifigí áitiúla.


26. San am atá caite níorbh fhéidir figiúirí cruinne don ús a íocadh le taisceoirí agus a creidiúnaíodh dóibh a fháil amach in am lena gcur i gcuntais bhliantúla Bhanc Taisce an Phoist. Thagair an Coiste don ábhar seo i dtuarascáil roimhe seo agus is maith leis a chloisteáil dá réir sin gurbh fhéidir figiúirí cruinne a chur i gcuntais 1961 de bharr córas cuntasaíochta meicniúil a thabhairt isteach. B’áthas leis a chloisteáil freisin go ndearnadh tíobhas ab fhiú £50,000 sa bhliain thar costas an trealaimh de bharr an chórais nua, a fhormhór trí scaoileadh le foirinn le haghaidh fostaíochta i mbrainsí eile den Roinn. Taibhsítear don Choiste go mb’fhéidir go mbeadh toradh chomh sásúil céanna air dá n-úsáidfí an córas cuntasaíochta meicniúil ar mhodhanna eile.


(Sínithe) DONNCHADH MAC SEÓIN,


Cathaoirleach.


5 Meán Fómhair, 1962.