Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::05 September, 1962::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

21 Meitheamh, 1961:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1961, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


29 Meitheamh, 1961:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí de Béalatún, Booth, Se án de Brún, Pádraig de Búrca, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Eochagáin, Mac Seóin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


22 Samhain, 1961:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1961, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


30 Samhain, 1961:—Ordaíodh: D’ainneoin aon ní contrártha dó sin i mBuan-Ordú Uimh. 123, gur trí chomhalta dhéag a bheidh ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí a ceapadh le hOrdú ón Dáil an 22 Samhain, 1961 [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


7 Nollaig, 1961:—Ainmníodh Coiste dá réir sin dár comhaltaí na Teachtaí de Béalatún, Booth, Mac Artúir, Mícheál Mac Cárthaigh, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Nioclás Mac Aodhagáin, Mac Seóin, Ó Cionaodha, Ó Searbháin, Ó Toimín agus Ó Treasaigh.


14 Márta, 1962:—Ceapadh an Teachta Pádraig de Búrca in ionad an Teachta Ó Toimín a urscaoileadh.