|
TUARASCÁIL DEIRIDHCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 1 SAMHAIN, 1960.Cuntais 1955-56Iascach.1. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil sé socair ceadú na Dála a lorg, trí sholáthar iomchuí sa Vóta le haghaidh Iascaigh, chun go gcuirfí ar ceal an glaneasnamh £186,000 i leith airleacan inaisíoctha a tugadh don Chomhlachas Iascaigh Mhara agus a tháinig de dhliteanas ar an mBord Iascaigh Mhara faoi alt 27 den Acht Iascaigh Mhara, 1952. An Dánlann Náisiúnta.2. Measann an Coiste go bhfuil sé míshásúil nár chuathas chun cinn le fardal iomlán de na pictiúir sa Dánlann Náisiúnta a thiomsú. Is rud tábhachtach leis an gCoiste an cheist seo agus tá súil aige go gcuirfear in iúl conas atá an scéal ag dul ar aghaidh. Cuntais 1957-58.Rátaí ar Mhaoin Rialtais.3. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh íocaíochtaí dúblacha, tuairim £2,000 san iomlán, i rith na bliana 1957-58 as uisce a sholáthar d’áitribh leis an Stát ach go mb’fhéidir go dtiocfaidh laghdú mór ar an tsuim sin de thoradh athbhreithniú atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir Luachála ar an scála íocaíochtaí as uisce a sholáthar do bheairicí míleata. De réir dealraimh, is le bliain amháin a bhaineann na híocaíochtaí dúblacha sin agus measann an Coiste go mb’fhéidir gur tharla a leithéid freisin i mblianta roimhe sin. Thug an Coiste dá aire an socrú atá déanta chun nach dtarlóidh an dúblaíocht sin arís, ach níor cuireadh in iúl dó an bhfuiltear tar éis beart ar bith a dhéanamh chun na híocaíochtaí iomarcacha a íocadh cheana a ghnóthú ó údaráis áitiúla. Is cúis imní leis an gCoiste gan comhordú a bheith ar obair Ranna Stáit sna cásanna sin thuas agus gur cailleadh dá dheasca airgead poiblí nach gcaillfí dá mbeadh an comhordú sin ann. Poist agus Telegrafa.4. Tugann an Coiste faoi deara gur gnóthaíodh £88 i leith íocaíocht £400 a tharla trí earráid, agus ba mhaith leis an gCoiste faisnéis a fháil nuair a chuirfear críoch leis an gcás sin. Cuntais 1958-59.Cosaint.5. Tugann an Coiste dá aire gur measadh an tuarascáil ar an gcomhaontú a rinneadh ag comhchomhairle sa Roinn i 1947, agus a shínigh Cathaoirleach na Cuideachta agus Rúnaí na Roinne, a bheith ina chomhaontú foirmiúil; ach tugann sé faoi deara go bhfuair an Roinn comhairle dhlíthiúil i 1950 nach bhféadfaí de réir dlí dliteanas a chur ar an gcuideachta cúiteamh a íoc leis an Roinn i leith an airgid a caitheadh ar an lamairne. I gcúrsaí an scéil, ní foláir don Choiste a mheas gur nós imeachta neamhshásúil a leanadh ar an gcéad ásc. 6. Is cúis bhuartha don Choiste a fháil amach go meastar nach leor na rialacháin a bhaineann le cosaint i gcoinne dóiteáin i ngach beairic agus post míleata. Tá súil aige go ndéanfar athchóiriú iomlán orthu gan a thuilleadh moille. Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.7. Is ní an-tábhachtach é leis an gCoiste go ndéanfaí fardail den troscán atá in Ambasáidí agus i Leagáideachtaí thar lear a choimeád agus a sheiceáil, agus tugann sé dá aire an dul chun cinn atá déanta chuige sin ó thagair sé dó cheana. Tá sé ag brath air go gcuirfear in iúl dó go luath go bhfuil na fardail go léir curtha le chéile. Sláinte.8. Tugann an Coiste dá aire tuairimí an Aire Airgeadais faoi rialú an chaiteachais as airgead a vótáiltear le haghaidh na seirbhísí sláinte. Aithníonn sé go gcaithfear saoirse áirithe a thabhairt d’údaráis áitiúla atá freagrach san seirbhísí sin a riaradh, ach is cúram leo a dheimhniú go riarfar go stuama agus go barrainneach na suimeanna móra a chuireann an tOireachtas ar fáil. Is maith leis an gCoiste go bhfuil sé ráite ag an Aire gur chóir go mbeadh oibriú na reachtaíochta i leith sláinte a rinneadh le déanaí, agus na bearta riaracháin ata á gcur i gcrích chun lochtanna ar na seirbhísí a leigheas, ina gcabhair chun réim an chaiteachais a chur ar aon dul ar fud na tíre. Chun go mbeidh ar chumas an Choiste an claonadh a bheidh ar na cúrsaí sin feasta a bhreithniú, ba mhaith leis ráiteas a fháil go bliantúil ó na húdaráis sláinte ar a gcaiteachas, ar aon dul leis na ráitis a cuireadh ar fáil i bhFoscríbhinn XVII a ghabhann lena thuarascail dar dáta 6ú Aibreán, 1960. CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.Fáltais Bhreise an Státchiste.9. I mír 4 dá thuarascáil dar dáta 13 Meitheamh, 1957, ar na cuntais do 1954-55, mhol an Coiste go bhféadfaí, mura mbeadh cúis láidir ina choinne, mionfháltais a fhaightear go coitianta a thabhairt chun cuntais i gcabhair ar na vótaí in ionad iad a áireamh mar fháltais bhreise Státchiste agus an obair chuntasaíochta a laghdú ar an gcuma sin. Bíodh gur aontaigh an tAire Airgeadais leis an tuairim sin, agus go bhfuiltear tar éis roinnt dul chun cinn a dhéanamh sa treo sin taispeánann an coimriú ar chuntais na bliana atá faoi bhreithniú go ndéantar i gcónaí mionsuimeanna a chur isteach sna Cuntais Leithreasa. Tá súil ag an gCoiste go mbeidh breithniú an scéil seo críochnaithe roimh an gcéad tuarascáil eile ón gCoiste. An Ciste Forbartha Náisiúnta.10. Sna blianta 1953-54 go dtí 1955-56, sholáthraigh an tOireachtas £11 mhilliún trí vótaí le haghaidh an Chiste Forbartha Náisiúnta, a bunaíodh faoi alt 2 den Acht um Chiste Forbartha Náisiúnta, 1954, chun airgead a sholáthar do thionscadail ba dhóigh leis an Aire Airgeadais a bheith ina dtionscadail de ghné phoiblí agus a bheith chun leasa an náisiúin. Foráladh in alt 7 den Acht go ndéanfaí an Ciste a fhoirceannadh díreach tar éis an 31 Márta, 1957, agus an t-iarmhéid nach dteastódh chun aon dliteanas a ghlanadh a bheadh ar an gCiste ar an dáta sin a chur chun tairbhe don Státchiste. Tá tugtha faoi deara ag an gCoiste gur tugadh suas £3,200,000 don Státchiste agus gur aistríodh £2,650,669 go dtí cuntas foirceannta faoi chomhair dliteanas a bhí gan ghlanadh. Um an 31 Márta, 1960, bhí an t-iarmhéid chun creidiúna an chuntais foirceannta laghdaithe go dtí £1,219,037 agus cuireadh i bhfianaise gur gá an tsuim sin chun an caiteachas ar scéimeanna ceadaithe a ghlanadh. Ag féachaint d’fhorálacha an Achta, ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl gur thóg sé tamall níos faide ná saol an Chiste an foirceannadh a dhéanamh, agus feictear dó gur ar éigean a samhlaíodh go dtarlódh sin nuair a ritheadh an tAcht. Uime sin tá an Coiste ag iarraidh eolas cruinn faoi na dliteanais nár glanadh fós. Gnóthaí Eachtracha.11. Nuair a bhí an bhreis ar an Vóta seo á breithniú, cuireadh in iúl don Choiste gurbh é ba mhó faoi deara nach bhfuarthas amach roimh dheireadh na bliana airgeadais go rabhthas tar éis dul faoi bhreis caiteachais ná an mhoill a bhain le fochuntais a fháil ó na misiúin thar lear. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an gnáthrud é an mhoill sin i gcóras cuntasaíochta na Roinne agus an bhfuil aon rialacháin ann maidir leis na cuntais sin a chur ar fáil. Cosaint.12. Cuireadh in iúl don Choiste gur tháinig méadú mór ar úsáid leictreachais le roinnt blianta anuas agus gurbh é ba bhun le cuid de feistis leictreachais a bheith á n-úsáid gan údarás sna ceathrúna do shaighdiúirí pósta. Dúradh gur theip ar na bearta a triaileadh chun teorainn a chur le caitheamh leictreachais agus nach bhféadfaí é a choimeád faoi rialú éifeachtach gan méadar ar leith a chur a fáil sna ceathrúna go léir do lucht pósta. D’iarr an Roinn ar Bhord Soláthair an Leictreachais soilsiú na gceathrúna sin a ghlacadh de chúram air féin, ach go dtí seo níor éirigh leis an iarratas. Tugtar faoi deara go bhfuiltear tar éis a iarraidh ar an Roinn Airgeadais cead a thabhairt airgead poiblí a chaitheamh ar mhéadair a cheannach agus a chur isteach ach gur mhaith leis an Roinn sin bheith deimhneach de go mbeadh coigilteas ann dá bharr sin a bheadh mór go leor le cúiteamh a dhéanamh sa chostas a bhainfeadh leis na méadair a cheannach agus a chur isteach. Ós rud é go bhfuil an cheist seo á breithniú le tamall de bhlianta agus go bhféadfadh sé go bhfuil caillteanas carnach ann do na cistí poiblí, tá súil ag an gCoiste go ndéanfar an scéal a shocrú go luath. Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.13. Rinneadh dhá thairiscint chun gléasra agus trealamh a sholáthar, a raibh glactha leo thar ceann Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, a tharraingt siar agus a chealú ina dhiaidh sin toisc gur theip ar an té ar glacadh lena thairiscint na nithe a sholáthar ar na praghsanna a luadh. Fuair na Coimisinéirí comhairle nach ndearna glacadh na dtairiscintí conarthaí a bheadh inchurtha i bhfeidhm, de bhrí nach raibh na tairiscintí faoi shéala ná faoi láimh oifigigh údaraithe arna cheapadh faoi alt 23 den Acht Maoine Stáit, 1954. Ina dhiaidh sin tugadh na conarthaí soláthair do na céad tairgtheoirí eile ab ísle, ar chostas breise £730. Is cúis imní leis an gCoiste nós imeachta chomh neamhchúiseach sin a bheith ag baint le hobair chonarthach. Tugann sé dá aire go bhfuiltear tar éis an locht a leigheas sa chás seo, ach luadh san fhianaise go bhfuil móran cleachtas agus modhanna éagsúla le scrúdú agus gur obair fhadálach a bheadh ansin nach bhféadfaí a chriochnú ach de réir a chéile. Ní féidir don Choiste gan a mhíshásamh a chur in iúl faoin tslí ina bhfuiltear ag déileáil leis an scéal seo. Bheadh an Coiste ag brath air go mbeadh na Coimisinéirí agus na Ranna eile, de bharr a dtaithí, tar éis nós imeachta léirshonraithe a bhunú cheana féin chun conarthaí Rialtais a chur i bhfeidhm, agus tá súil aige go dtabharfar aire don cheist seo láithreach. 14. Bhí rialú stóras agus taifid chuntasaíochta sna Príomh-Cheard-lanna Innealtóireachta, Inse Chaoir, faoi dhíospóireacht agus faoi thrácht ag an gCoiste i dtuarascálacha roimhe seo. Sa bhliain atá faoi bhreithniú luaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go rabhthas tar éis córas rialaithe ábhar a bhunú i 1954 chun teorainn a chur le huasmhéid agus le híosmhéid na bpáirteanna breise, ach nach raibh sé lánéifeachtach mar gheall ar dheacrachtaí a bhain le cúrsaí foirne. Thaispeáin suirbhéireacht a rinneadh go raibh páirteanna breise ann, ab fhiú tuairim £50,600, nach raibh ag teastáil a thuilleadh agus go raibh nithe eile a luacháladh ar £45,000 ann de bhreis ar a raibh ag teastáil i láthair na huaire. Dúradh gur ceannaíodh na páirteanna sin ar an gcomhairle theicniúil ab fhearr a bhí le fáil ag na Coimisinéirí ag an am, agus go dtí go mbeifear tar éis imscrúdú a chríochnú nach gceannófar ach na nithe a bheidh riachtanach le haghaidh gnóthaí reatha agus go ceann tréimhse gearr. Cuireadh in iúl don Choiste gur coimeádadh de na páirteanna breise a luacháladh ar £50,600 roinnt nithe a luacháladh ar £5,000, lena n-aistriú go Ranna Rialtais eile agus gur díoladh an t-iarmhéid ar cheant poiblí ar tuairim 10 faoin gcéad dá luacháil sna leabhair. Tugann sé dá aire go bhfuil eagraíocht na gCeardlann faoi imscrúdú arís agus go bhfuiltear ag súil go gceapfar dá thairbhe córas éifeachtach chun stórais a rialú. Sula ndéarfaidh an Coiste aon ní faoina himthosca ina bhfuarthas na páirteanna breise, fanfaidh sé go bhfaighfidh sé tuarascáil atá geallta ag an Oifigeach Cuntasaíochta ar an scéal seo. Is cúis mhór imní leis, áfach, nach bhfuiltear, i ndliaidh beagnach deich mbliana, tar éis deacrachtaí na mblianta tosaigh a réiteach fós ná córas ceart rialaithe a cheapadh. Bunoideachas.15. Go dtí go bhfógrófar scéim atá le déanamh faoi fhorálacha Acht Aoisliúntais na Múinteoirí, 1928, chun íocaíochtaí ex-gratia a thabhairt do mhúinteoirí náisiúnta áirithe atá scortha, aistríodh go dtí cuntas fionraí suim £360,000 a cuireadh ar fáil le meastachán forlíontach. Ní dhearnadh aon íocaíochtaí i gcaitheamh na bliana, ach luadh i bhfianaise go ndearnadh ina dhiaidh sin £323,534 san iomlán a íoc. le linn an scéim a bheith i gcúrsa a ullmhaithe. Bheadh súil ag an gCoiste gur chóir an scéim a bheith fógraithe sula ndéanfaí íocaíocht ar bith. Poist agus Telegrafa.Foscríbhinn XXI. 16. I dtuarascálacha roimhe seo tugadh suntas dó nach raibh aon chonradh foirmiúil le Córas Iompair Éireann chun litreacha a iompar d’iarnród, agus léirigh na Coiste gurbh é a thuairim go raibh sé inmhianaithe go mór, i seirbhís leanúnach dá mhéid sin, go ndéanfaí staid chonarthach na bpáirtithe a bhí i gceist a mhíniú go soiléir. Chabhraigh fianaise an Oifigigh Cuntasaíochta, agus meamram a chur sé ar fáil ina dhiaidh sin, leis an scéal a shoiléiriú. Tugann an Coiste dá aire gur dóigh le húdaráis Oifig an Phoist, mar gheall ar na hathruithe atá ag teacht ar na seirbhísí iarnróid ó am go ham, gur socrú sásúil an socrú atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Mar sin féin, tá súil ag an gCoiste go gcoimeádfar an scéal faoi bhreithniú go rialta. 17. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar roinnt neamhrialtachtaí a thug sé faoi deara maidir le seirbhísí Oifig an Phoist. I 1958 nochtadh nach ndearnadh suim £90, le haghaidh táillí teilegraif, a thabhairt chun cuntais i mbunoifig áirithe; agus tar éis fáltais a iniúchadh in oifigí eile fuarthas gur mídhílsíodh in oifig eile suimeanna ab ionann agus £26 san iomlán. D’fhonn airgead a spáráil éiríodh i 1945 as córas a bhí ag Brainse na gCuntas chun na fáltais sin a sheiceáil ach táthar tar éis an córas sin a chur i bhfeidhm arís. Is léir don Choiste go bhféadfadh an iomad den tseiceáil ghnáthúil a bheith neamhbharrainneach, ach measann sé gur ceart córas seiceála de shaghas éigin a bheith ann i gcás gach uile fháltais. Is beag é méid na suimeanna atá i gceist sna cásanna seo i gcomparáid le láimhdeachas airgid Oifig an Phoist, ach níltear tar éis fairsinge an iniúchta dá dtagraítear thuas a chur in iúl don Choiste agus is féidir gur tharla neamhrialtachtaí eile nach bhfuarthas amach. 18. I gcás eile fuair oifigeach i gceanncheathrú na Post-Oifige roinnt foirmeacha d’orduithe airgid i gcúrsa a dhualgas, rinne sé iad a eisiúint go neamhrialta chuige féin, fuair airgead orthu i mbunoifigí gnóthachai mBaile Atha Cliath agus cheil sé na taifid oifigiúla a bhain leo. Ceaptar sa chás seo go sroichfidh an caillteanas ar chistí poiblí £1,400. Cuireadh an dlí ar an oifigeach agus briseadh as a phost é. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear tar éis an nós imeachta go léir a athbhreithniú d’fhonn a áirithiú nach dtarlóidh neamhrialtachtaí dá samhail sin feasta agus tá súil aige go mbeidh na bearta sin éifeachtach. 19. Bhí cás eile fós ann a bhain le claonchasadh suimeanna airgid, £4,500 san iomlán, a fuarthas i mbunoifig mar thaiscí don Bhanc Taisce agus chun Cairteacha Coigiltis a cheannach. Bhí an chalaois ar siúl ar feadh tamall de bhlianta. Cuireadh an dlí ar an mbunmháistir poist agus ar a bheanchéile agus ciontaíodh iad. Dúradh leis an gCoiste gurbh fhusaide an chalaois a dhéanamh iontaoibh a bheith ag daoine as an mbunmháistir poist, sa tslí gur fágadh leabhair taisce bainc aige lena gcoimeád agus nár bailíodh uaidh na cairteacha coigiltis ar íocadh astu. Is ábhar imní leis an gCoiste é a fháil amach go bhféadfadh calaois den sórt sin a bheith á déanamh gan í a fháil amach go ceann roinnt blianta d’ainneoin go ndearnadh iniúchadh ó thráth go chéile. 20. Lena chois sin, cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil sé chás, ar cailleadh tuairim £16,000 ar fad dá ndeasca, tugtha chun solais le trí bliana anuas agus go bhfuil siad faoi bhreithniú go fóill. Tá scrúdú forleathan á dhéanamh ag Coiste Roinne chun a fháil amach an féidir bearta níos éifeachtaí a cheapadh chun cistí poiblí a chosaint. Tá áthas ar an gCoiste go bhfuil sin á dhéanamh agus ba mhaith leis go gcuirfí an toradh in iúl dó. (Sínithe) LIAM MAC COSGAIR, Cathaoirleach. 22 Feabhra, 1961. |
||||||||||||