Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::02 November, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 2 Samhain, 1960.

Wednesday, 2nd November, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Seán de Brún, Mac Cosgair, Mac Cuinneagáin, Mac Eochagáin, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tuathail):


“That Deputy Cosgrave be the Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Cosgair i gCeannas dá réir sin.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Áoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, Luach Saothair, Gnóthaí Eachtracha (Vóta Barrachais), Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Idirnáisiúnta.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), C. Ó Creimín (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Máire Bhreathnach agus C. Ó Broin (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a breithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairise dá réir sin a thabhairt don Dáil.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.25 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin, 10 Samhain, 1960.