Committee Reports::Report and Proceedings - Iveagh Trust (Amendment) Bill, 1959 [Private]::04 January, 1961::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé an Réamhrá a ghabhann leis an mBille, agus, chun an gá atá le leathnú na gcumhachtaí infheistíochta a thaispeáint, go ndearna sé an dara mír de (línte 22 go 24 go huile) a leasú chun go léifidh sé mar leanas:—


AND WHEREAS for the purpose of the better management of the funds of the Trust and to maintain, and if possible increase, the value of its investments and the yield of such investments in accordance with economic trends and the purchasing power of money it is expedient that the said power of investment should be extended and that for that purpose the said Act should be amended in the manner hereinafter provided.


Chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na nithe atá luaite sa Réamhrá arna leasú.


2. Scrúdaigh an Coiste an Bille agus rinne leasuithe air (i) chun gur mó a réiteodh sé le polasaí an Stáit maidir le cistí iontaobhais a infheistiú, (ii) chun nach bhféadfadh na hIontaobhaithe baint le hurrúis seachas urrúis ghnóthaí móra láidre agus (iii) chun nach bhféadfaí léasachtaí a cheannach ach cinn a mbeadh am sách fada le rith sula mbeidh a dtéarma caite.


3. Le linn don Choiste an Bille a scrúdú, bhí os a chomhair, agus faoi bhreithniú aige, tuarascáil ón Aire Airgeadais. Thug sé éifeacht do na moltaí atá sa tuarascáil sin.


(Sínithe) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Eanáir, 1961.