Committee Reports::Report and Proceedings - Iveagh Trust (Amendment) Bill, 1959 [Private]::04 January, 1961::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Márta, 1959:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Iontaobhas Uíbh Eachach (Leasú), 1959, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do leasú an Iveagh Trust Act, 1903 (3 Edw. 7 Cap. III) trí chumhachtaí infheistíochta Iontaobhaithe Uíbh Eachach faoin Acht sin a leathnú.


11 Márta, 1959:—Ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Iontaobhas Uíbh Eachach (Leasú), 1959, a bhreithniú.


29 Aibreán, 1959:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Coigligh, Eoin Ó Riain agus Liam de Stanfort.


29 Aibreán, 1959:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

10 Márta, 1959:—Beartaíodh: Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 5ú lá de Mhárta, 1959, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Iontaobhas Uíbh Eachach (Leasú), 1959, a bhreithniú.


8 Aibreán, 1959:—Ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Iontaobhas Uíbh Eachach (Leasú), 1959, a bhreithniú.


30 Aibreán, 1959:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Brendán Mac Fheórais, Cathal Ó hEochaidh agus Liam Sheldon.


30 Aibreán, 1959:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.