Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::06 April, 1960::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 31 NOLLAIG, 1959.

Cuntais 1955-56.

1. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh nótaí ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 17 agus 22 de thuarascáil an Choiste, dar dáta 19 Feabhra, 1958, ar na cuntais don bhliain 1955-56.


Forleathadh Neamhshreangach.

2. Is cúis díomá leis an gCoiste a thabhairt dá aire gur theip ar gach iarracht chun an tiomarnóir gearrthoinne agus na stórais a ghabh leis, a chosain tuairim £12,000, a dhíol mar aonad oibre. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó cad é an méad glan a cailleadh ar chistí poiblí de dheasca an trealamh seo a dhíol mar dhramh-earra.


Tailte.

3. Tugann an Coiste dá aire gur socraíodh go soiléireofaí le reachtaíocht an dlí a bhaineann leis an bhfreagracht atá ar Choimisiún na Talún maidir le silteáin a ghlanadh nuair nach bhfuil seilbh ag an gCoimisiún níos mó ar na tailte.


Cuntais 1956-57.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

4. Tá an Coiste sásta leis an toradh go dtí seo ar na bearta a rinneadh chun an riaráiste a laghdú sna cásanna atá fós gan críochnú i mBrainse na Dleachta Eastáit. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó i dtráth cuí céard iad na bearta eile atá á gceapadh chun an scéal a fheabhsú tuilleadh.


Sláinte.

5. Thug an Coiste dá aire nótaí an Aire i dtaobh an dul chun cinn atá á dhéanamh chun iniúchadh chuntais na nUdarás Sláinte a thabhairt chun críche. Ach ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith acu an féidir iniúchadh na gcuntas sin a thabhairt ar aghaidh tuilleadh.


Cuntais 1957-58.

6. Tá an Coiste ag feitheamh fós le tuilleadh eolais i dtaobh an ní dá ndearnadh tagairt i mír 16 dá thuarascáil dar dáta 2 Iúil, 1959.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

7. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá úidh go n-aontaíonn an tAire nach ceart íocaíochtaí lasmuigh de chonradh a dhéanamh ach amháin i gcás deacrachtaí neamhchoitianta nó eisceachtúla nach bhféadfadh an tairgtheoir dár tugadh an conradh ná aon tairgtheoir eile coinne a bheith aige leo.


8. Thrácht an Coiste i dtuarascálacha roimhe seo ar an gcaiteachas ar oibreacha oiriúnúcháin ar fhoirgnimh Theach na gCanónach. Tugann sé dá úidh gurb í comhairle a tugadh don Aire gur chúiteamh cóir cothrom an íocaíocht £3,000 ex gratia a rinneadh leis an gconraitheoir sa chaillteanas a bhain dó de dheasca oibriú an lamháltais 25 faoin gcéad ar chostais saothair, a raibh foráil ina leith sa chonradh, agus arbh éigean dó costas árachais, costas saoire bliantúla agus costas laethanta saoire poiblí, agus gnáthchostais riartha, a íoc as. I gcúrsaí an scéil ní mian leis an gCoiste a thuilleadh a rá.


Poist agus Telegrafa.

9. Tugann an Coiste dá úidh tuairimí an Aire faoi shlánaíochtaí a thabhairt i gcásanna den sórt sin. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó i dtráth cuí an toradh a bheidh ar na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun go ngnóthófaí an íocaíocht a rinneadh trí earráid.


10. Is maith leis an gCoiste a fheiceáil go bhfuair an tAire deimhniú, a mheasann sé a bheith sásúil, go dtugann na bearta atá déanta cheana féin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán an córas rialaithe, i gcás beartán inchánach, in Oifig na mBeartán i mBaile Átha Cliath, leorchosaint chun nach dtarlódh arís calaois den sórt a bhí i gceist, agus go bhfuil an tAire sásta go dtugann an córas ginearálta urlámhais leorchosaint in aghaidh aon imeachtaí mímhacánta eile de shaghas ar bith.


Roinn na Gaeltachta.

11. Tugann an Coiste dá aire an bonn atá le luacháil stoc trádála a aistríodh go dtí Gaeltarra Éireann agus freisin an cor atá ar an scéal maidir leis na fiacha atá dlite don Státchiste ón mBord sin.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.

Ginearálta.

12. Measann an Coiste gur gá treisiú ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na Nótaí Míniúcháin a chuirtear leis na Cuntais Leithreasa soiléir agus cruinn agus an leagan céanna orthu. Bíonn an míniú ar na fáthanna atá le difríochtaí idir Meastachán agus Caiteachas níos iomláine go mór ag cuid de na hOifigigh Chuntasaíochta ná mar a bhíonn ag cuid eile acu. I gcásanna áirithe is beag má thugann na Nótaí aon eolas breise. Táthar ag coinne go mbeidh an míniú sách cruinn feasta chun cúrsaí tábhachtacha gach cáis a léiriú.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

13. I mír 8 dá thuarascáil dár dáta 2 Iúil, 1959, thagair an Coiste don ráiteas faoi chánacha neamhíoctha atá i dtuarascáil ar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus dúirt gurbh eagal leis an gCoiste gurbh fhéidir, mar gheall ar mhéad na suime a taispeánadh a bheith gan íoc, go mbeadh tuairim earráideach ag daoine faoi bhailiú an ioncaim. Mhol an Coiste, chun an baol míthuisceana a laghdú, go gcuirfí leis an ráiteas meastacháin ar na suimeanna a d’fhéadfaí a bhailiú, de réir bharúil na gCoimisinéirí Ioncaim.


Tugann an Coiste faoi deara sa tuarascáil a bhaineann leis na cuntais do 1958-59 nach dócha go mbeifear in ann thar £3¼ milliún a bhailiú as an tsuim £13 milliún, tuairim, i leith measúnachtaí cánach a bhí gan íoc. Bhí mearbhall áirithe ann maidir le léiriú na bhfigiúirí sin agus tháinig de sin gur ceapadh gur £13 milliún méid an riaráiste cánach, ach le fírinne, mar a taispeánadh thuas, tá timpeall £10 milliún den tsuim sin nach mbaileofar i ndeireadh na dála.


Is cosúil gurb é is cúis leis an deacracht suimeanna cuíosach mór a bheith ar áireamh san iarmhéid neamhíoctha i leith measúnachtaí cosantacha agus measúnachtaí faoi achomharc nár cinneadh an dliteanas deiridh ina leith. Measann an Coiste go bhféadfaí é sin a sheachaint dá luítí air nach bhfuil aon deimhneacht ag baint le formhór na measúnachtaí nár cinneadh amuigh is amach um dheireadh na bliana. D’fhonn go laghdófar tuilleadh fós aon bhaol míthuisceana faoin gcor dosheachanta a tharlaíonn de dheasca measúnachtaí cosantacha, molann an Coiste go ndéanfadh na Coimisinéirí Ioncaim tagairt feasta do na suimeanna a chinnteofar ar deireadh thiar a bheith iníoctha in ionad tagairt do na suimeanna a fhéadfar a bhailiú.


Cosaint.

14. Sa bhliain 1931 thóg cuideachta ola léas ar mhaoin áirithe, ar a n-áirítear cé ar Inis Sionnach, agus i 1947, tar éis comhráití leis an Roinn maidir leis an droch-chor a bhí ar an gcé, agus toisc an ché a bheith riachtanach do ghnó na cuideachta, chuir an chuideachta in úil, dá ndéanfaí cé nua ar chostas an Stáit, go n-aontódh an Chuideachta, a luaithe a bheadh an ché réidh le húsáid, le méadú cíosa ó £2,000 sa bhliain go £3,000 sa bhliain, agus ina theannta sin go bhféadfadh an tSeirbhís Mhuirí an ché a úsáid le haghaidh ola a ghlacadh, etc. Ar an mbonn tuisceana sin tosaíodh i 1949 ar ché nua a thógáil, ach chuir constaicí áirithe moill ar an obair agus dá ndeasca sin is i 1953 a críochnaíodh í, de réir plean leasaithe, ar chostas £85,000.


I 1951, áfach, thug an chuideachta ola a cuid léasanna uile suas agus cheannaigh an Roinn uaithi taisc-iomair ola agus trealamh eile ar £30,000. Úsáidtear na taisc-iomair sin a bheag nó a mhór le hola a stóráil don tSeirbhís Mhuirí.


Níl aon amhras ar an gCoiste ná gurb é a cheap an Roinn nuair a glacadh de láimh an ché nua a dhéanamh go mbeadh ioncam breise le fáil ón gcuideachta ola. Ach is ionadh leis an gCoiste nach ndearnadh aon chomhaontú foirmiúil agus go raibh ar chumas na cuideachta a cuid léasanna a fhoirceannadh gan aon chúiteamh a íoc leis an Roinn as an méad airgid a chaith sí ar an gcé.


Luaitear gur lorgaíodh tairiscintí i Mí na Nollag, 1957, ar léas i leith na bhfearas ola agus na cé chun gnó ola-sholáthair a dhéanamh ar Inis Sionnach, ach nach bhfuarthas tairiscint ar bith.


Tugtar faoi deara go ndearnadh socrú le déanaí chun tionscal longlainne a fhorbairt i gCuan Chorcaí agus gur foráladh ann go dtabharfaí saoráidí ar Inis Sionnach don chuideachta forbartha tráth ar bith suas go dtí Eanáir, 1964, dá dteastódh na saoráidí sin ón gcuideachta sin, agus go mb’fhéidir mar gheall ar na saoráidí sin a dheonú go gcaithfeadh an tSeirbhís Mhuirí an bhunáit ola a úsáid mar athrach cóiríochta.


Níl an Coiste sásta in aon chor go bhfuil lán-úsáid á baint as na saoráidí a cuireadh ar fáil ar chostas £115,000, agus is ábhar imní don Choiste nach bhfuiltear ag brath beart ar bith eile a dhéanamh d’fhonn na fearais ola agus an ché a chur ar léas, agus gur díoladh ó shin 15 cinn de na 25 taisc-iomar ola. Ba mhaith leis tuilleadh eolais a fháil faoin socrú leis an gcuideachta forbartha, go mór mór de bhrí gur cosúil go bhfuil deacrachtaí ag cur as don Roinn maidir lena maoin a chur ar léas, agus go gcuirfí in iúl dó an bhfuil aon íocaíocht déanta ag an gcuideachta as an gceart a lamháladh di.


15. Soitheach a bhí ar dualgas garastúin ar Inis Sionnach bhí sí 15 mí as úsáid toisc gur loic an t-inneall. Dealraíonn sé gurbh éigean soithí eile a fhostú, ar chostas £642, de dheasca na moille a bhain lena deisiú, moill a tharla go formhór toisc gur ghá fiosrú faoin loiceadh. Tá súil ag an gCoiste go bhféadfar an nós imeachta i gcás fiosrúcháin den sórt sin a luathú ionas nach dtarlóidh moill mar sin feasta.


16. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil earraí áirithe de threalamh innealtóireachta, e.g., meascóirí coincréite, comhfháisceoirí, etc. i stóras le Cuideachta Sholáthair d’Innealtóirí le haghaidh úsáide mar threalamh cúltaca i gcás trealamh dá shamhail a loiceadh, nó broid oibre a bheith ann nó cleachtais mhachaire ar mhórscála a bheith le déanamh.


Tá an Coiste ag déanamh talamh slán de go bhfuil stoic de threalamh cúltaca á gcoimeád freisin i stórais eile, agus ba mhaith leis an gCoiste deimhniú a fháil nach bhfuil an iomarca trealaimh den chineál sin á choimeád ag na Ceannasaíochtaí go léir le chéile agus go ndéantar an scéal a athbhreithniú go rialta.


17. Dealraíonn sé ón bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta go bhféadfadh sé, de réir na rialachán atá ann faoi láthair, go mbeadh easnaimh ar na socruithe réamhchúram in aghaidh dóiteáin i mbeairicí Airm. Ós ceist tábhachtach an cheist seo, ag féachaint don chontúirt atá ann do dhaoine agus do mhaoin, tá sé riachtanach go gcuirfí cosaint leor-dhóthanach ar fáil. Ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh eolais a fháil faoin gceist seo.


18. Tugtar faoi deara go bhfuil an tArd-Aighne ag cuimhneamh ar chúis dlí a thabhairt in aghaidh úinéir an leoraí sa chás seo d’fhonn an méid a íocadh sa bhreis a ghnóthú. Is mian leis an gCoiste go gcuirfear toradh na cúise sin in iúl dó.


Roinn na Gaeltachta.

19. Tugann an Coiste faoi deara nár tugadh aon sonraí i gCuid III den Mheastachán maidir leis an soláthar faoi fho-mhírcheann G do Scéimeanna Ilghnéitheacha, agus tuigeann sé go bhféadfadh deacrachtaí áirithe a bheith ann maidir le faisnéis a thabhairt roimh ré i dtaobh na slí a mbeadh an t-airgead le caitheamh, go mór mór ar scéimeanna a tionscnaíodh sa bhliain atá faoi léirmheas. Is dóigh leis, áfach, nár chóir go mbeadh puinn amhrais ann i dtaobh a thábhachtaí atá sé sonraí a thabhairt faoi chaiteachas a mbeadh coinne leis faoi na scéimeanna éagsúla i gCuid III de na Meastacháin, sa chaoi go bhféadfaí cúrsaí airgeadais a choimeád faoi urlámhas níos grinne.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

20. De réir comhaontú a rinneadh i 1957 idir an tAire Oideachais agus bainisteoir scoile náisiúnta, bhí deontas, arb é £14,000 a mhéid measta agus a íocadh i leith halla scoile a thógáil, le haisíoc ag an mbainisteoir sa chaoi go bhféadfaí an halla a úsáid le haghaidh críocha seachas críocha oideachais. Cuireadh in iúl don Choiste gur dócha, toisc gur chuid de dhéanmhas na scoile an halla, nárbh fholáir suirbhéir cainníochtaí a fhostú chun an cion is inaisíoctha den chostas a dhéanamh amach.


Ós rud é go bhfuil breis agus dhá bhliain caite ó d’aontaigh an bainisteoir an t-aisíoc a dhéanamh, tá súil ag an gCoiste go ndéanfar an cion den deontas atá le haisíoc a ríomh gan a thuilleadh moille.


21. Díríodh aird an Choiste ar an gceist i dtaobh fardail a bheith ar fáil de throscán, etc., a soláthraíodh d’ambasáidí agus do leagáideachtaí ar an gcoigrích, agus i dtaobh nós imeachta a cheapadh trína ndéanfaí scrúdú go féiltiúil ar na nithe ba chóir a ríomh sna fardail sin. Dhealraigh sé go raibh an scéal sin á bhreithniú ar feadh blianta fada agus go raibh dul chun cinn áirithe déanta sa bhliain 1938. Ansin tharla an éigeandáil agus ina dhiaidh sin cuireadh dlús le roinnt mór-oibreacha arbh éigean d’fhoireann an Bhrainse Troscáin, a bhí laghdaithe faoin am sin, a gcuid ama go léir a chaitheamh leo. Dá dheasca sin cuireadh moill ar dhéanamh na socruithe maidir le fardail. Deireann an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil sé ag machnamh anois ar an gcaoi is fearr chun na fardail a ullmhú gan dul faoi chaiteachas trom, go háirithe ar chostais taistil.


Is é tuairim an Choiste gur cóir taifid chruinne a choinneáil ar throscán agus ar threalamh luachmhar a sholáthraítear chun úsáide toscaireachtaí ar an gcoigrích, agus gur cóir na taifid sin a scrúdú ó am go ham agus aon easnamh a thuairisciú. Molann sé go mb’fhéidir go bhféadfaí luachálaithe a fhostú sna tíortha éagsúla chun an obair sin a dhéanamh, ach ba mhaith leis an gCoiste, sula dtabharfaidh sé cinneadh críochnaitheach, tuairim mheáite an Aire Airgeadais a fháil.


Sláinte.

Aguisín XVII.


22. Thug an Coiste faoi deara an méadú atá tagtha ar an gcaiteachas ar dheontais d’Údaráis Sláinte, gur mhéadaigh sé ó £5½ milliún i 1953-54 go dtí £8 milliún i 1958-59, agus gurb é is bonn do na deontais sin 50 faoin gcéad de chostas na seirbhísí sláinte. Déanann iniúchóirí Rialtais Áitiúil iniúchadh ar chuntais na n-údarás agus bíonn deimhnithe na n-iniúchóirí sin ar fáil ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ach ní thugtar sonraí ar bith don Choiste a chuideodh leis léirmheas a dhéanamh ar an gcaiteachas. Ó glacadh fianaise béil fuarthas meabhrán ón Roinn a léirigh conas a riaradh costas na nÚdarás Sláinte i 1958-59 faoi na mírchinn a shonraítear i gCuid III den Mheastachán. Tabharfar faoi deara sa mheabhrán sin gur caitheadh breis agus £11 milliún ar sheirbhísí ospidéal (ar a n-áirítear ospidéil ghinearálta, ospidéil mháithreachais, eitinne agus mheabhairghalar, agus ospidéil eile) agus gurb ionann é sin agus 70 faoin gcéad den chaiteachas iomlán, £16 milliún. Dhealródh sé fosta go raibh éagsúlacht suntasach sa dóigh ar chaith na hÚdaráis Sláinte an t-airgead ar na seirbhísí a cuireadh ar fáil.


Ní heol don Choiste cad é chomh rialta is atá caighdeán na seirbhísí ar fud na tíre, nó an ndéanann na hÚdaráis cuntais an chostais a ullmhú ar mhaithe le barrainneacht agus éifeacht. D’ainneoin nach bhfuil an Coiste in ann breithiúnas tomhaiste a thabhairt ar na ceisteanna sin, ba mhaith leis tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cúraimí áirithe a ghabh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Sláinte orthu féin chun smacht a bheith acu ar an gcaiteachas.


Poist agus Telegrafa.

23. I gcuntais Bhanc Taisce an Phoist don bhliain dar chríoch 31 Nollaig, 1958, agus do na trí bliana roimhe sin, ba mheastacháin a bhí sna suimeanna a taispeánadh in aghaidh úis a íocadh agus a cuireadh i gcreidiúint do thaisceoirí, agus ní dearnadh aon choigeartú maidir leis na meastacháin sin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach ndearnadh, mar gheall ar easpa foirne, na figiúirí beachta a bhaint as cuntais na dtaisceoirí do na blianta 1955, 1956 agus 1957, ach ón taithí a bhí acu figiúirí a bhí i ngar do bheith beacht a fháil ón modh meastacháin a bhí á chleachtadh, gur shíl sé nach mbeadh sé den chóir dul i mbun caiteachais anois chun figiúirí an úis do na blianta sin a dhéanamh amach. Bhí figiúirí na bliana 1958 á mbaint as na cuntais sin anois agus dhéanfaí coigeartú i leith na bliana sin i gcuntais 1959. Dúirt sé fosta go bhfuiltear ar tí innealra nua cuntasaíochta a chur isteach a ríomhfaidh an t-ús go huathoibritheach. Aontaíonn an Coiste, sna himthosca sin, nach gá figiúirí beachta an úis a dhéanamh amach anois do na trí bliana atá luaite. Tá súil ag an gCoiste go gcuirfidh an chuntasaíocht mheicniúil sin figiúirí beachta ar fáil go héasca i dtaobh chuntais an Bhainc, agus beidh an Coiste ag coinne le tuairisc a fháil i dtráth ar oibriú an chórais.


(Sínithe) LIAM MAC COSGAIR,


Cathaoirleach.


6 Aibreán, 1960.