Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::06 April, 1960::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

7 Iúil, 1959:—Ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1959, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


9 Iúil, 1959:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Díolún, Ó hEochaidh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Maoldhomhnaigh agus Sheldon.


29 Deireadh Fómhair, 1959:—Ceapadh an Teachta Ó Tuathail agus an Teachta MacCosgair in ionad an Teachta Seosamh Ó Braonáin agus an Teachta Díolún a urscaoileadh.