Committee Reports::Report - Scheme for Contributory Pensions for Members of the Oireachtas::01 December, 1960::Report

TUARASCÁIL

1. De bhun Orduithe a rinne an Dáil agus an Seanad an 30 Samhain, 1960, tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh i dtaobh scéim pinsean do chomhaltaí den Oireachtas faoi alt 6A d’Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938. Thug an Coiste aird ar an gcoinníoll ina théarmaí tagartha nach gcuirfeadh aon scéim a dhéanfaí amhlaidh aon mhuirear ar chistí poiblí.


2. Tá an Comhchoiste tar éis scéim a dhéanamh a bhfuil socrú inti le haghaidh pinsean do Chomhaltaí as ciste a chothabhálfaí le ranníocaí ó chomhaltaí agus leis na ranníocaí sin amháin. Tá an scéim leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. De réir ríomhaireachtaí a rinneadh ar bhonn an eolais atá ar fáil ba chóir go mbeadh an ciste sócmhainneach. Tá sé le tabhairt chun suntais, áfach, má tharlaíonn tráth ar bith nach leor na ranníocaí chun íoc as na sochair go bhfuil socrú sa scéim go bhféadfar ranníocaí a mhéadú nó sochair a laghdú má ritheann gach Teach ar leith rún chuige sin.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


1 Nollaig, 1960.