Committee Reports::Report - Scheme for Contributory Pensions for Members of the Oireachtas::01 December, 1960::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

1 Bealtaine, 1957:—Ordaíodh: Go gceapfar Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bheas comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de chúig chomhalta déag eile a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú a dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna nó leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach a mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar sin i dtaobh pribhléidí Comhaltaí;


Gur seachtar a bheas mar chóram don Choiste [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


2 Bealtaine, 1957:—Comhaltaía ainmníodh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí Ó Blathmhaic, Ó Coileáin, Mac Cuinneagáin, Hilliard, Ó Cadhain, Loughman, Mac Carthaigh, Mac Coilín, Ó Briain (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh), Micheál Ó hUiginn, Ó Máille, Mac Urmhúmhain, Ó Súilleabháin, Pámar agus Suatman.


6 Márta, 1958:—Urscaoileadh an Teachta Mac Urmhumhain (An tAire Poist agus Telegrafa) agus ceapadh an Teachta Booth ina ionad.


12 Samhain, 1958:—Urscaoileadh an Teachta Ó Cadhain agus ceapadh an Teachta Mac Fheorais ina ionad.


9 Iúil, 1959:—Urscaoileadh an Teachta Hilliard (An tAire Poist agus Telegrafa) agus ceapadh an Teachta Ó hÉaluighthe ina ionad.


12 Samhain, 1959:—Urscaoileadh an Teachta Mac Coilín agus ceapadh an Teachta Ruiséal ina ionad.


7 Aibreán, 1960:—Urscaoileadh an Teachta Mac Fheórais agus ceapadh an Teachta Ó Cadhain ina ionad.


30 Samhain, 1960:—Ordaiodh: Go ndéanfar, faoi réir chomhthoiliú an tSeanaid, Coiste na Dála um Nós Imeachta agus Pribhléidí a chónascadh le Coiste an tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidí chun breithniú a dhéanamh i dtaobh scéim pinsean ranníocach do chomhaltaí den Oireachtas faoi alt 6A d’Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (alt a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960) agus, más cuí leis an gComhchoiste é, faoi réir an choinníll nach gcuirfear aon mhuirear ar chistí poiblí dá chionn sin, scéim dá samhail a dhéanamh [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh.].


Teachtaireacht le cur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Meitheamh, 1957:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 59, an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a cheapadh; agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta [An Seanadóir Ó Ciosáin].


19 Meitheamh, 1957:—Comhaltaí a ainmníodh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Seanadóirí Ó Colla, Bean Uí Dhubhdail, Micheál Ó hAodha, Ó Murchadha, Ó Ciosáin Seán Ó Donnabháin, Tomás Ó Maoláin, Tadhg Ó Súilleabháin, Ó Riain agus de Stanfort.


18 Samhain, 1959:—Ainmníodh an Seanadóir Ó Coigligh chun folúntas a líonadh a tharla de dheasca an Seanadóir Baxter (Leas-Chathaoirleach) a fháil bháis.


30 Samhain, 1960:—Ordaíodh: Go ndéanfar, faoi réir chomhthoiliú na Dála, Coiste an tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidi a chónascadh le Coiste na Dála um Nós Imeachta agus Pribhléidí chun breithniú a dhéanamh í dtaobh scéim pinsean ranníocach do chomhaltaí den Oireachtas faoi alt 6A d’Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (alt a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960) agus, más cuí leis an gComhchoiste é, faoi réir an choinníll nach gcuirfear aon mhuirear ar chistí poiblí dá chionn sin, scéim dá samhail a dhéanamh [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


Teachtaireacht le cur chun na Dála á chur sin in iúl di.