Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order relating to time limit to Debate on Private Members' Motions::30 April, 1959::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí tar éis breithniú a dhéanamh féachaint arb inmholta na rialacha díospóireachta a chinntiú a bhaineann le tairiscintí ó chomhaltaí príobháideacha ar a bhfuil teorainn trí huaire an chloig faoi fhorálacha Bhuan-Ordú 83.


2. Bhí gné amháin de cheist an ama a lamháiltear le haghaidh na dtairiscintí sin a chionnroinnt go cóir ar na comhaltaí faoi bhreithniú ag an gCoiste i 1953. Sa Tuarascáil (T. 141) a chuir siad chun na Dála an bhliain sin, mhol siad go leasófaí Buan-Ordú 83 ionas go ndéanfaí tréimhse nach lú ná ceathrú uaire an chloig a lamháil le haghaidh óráide críochnaithe ó mholtóir tairisceana nó thar a cheann más rud é nár labhair an cuiditheoir sa díospóireacht. Leasaigh an Teach an Buan-Ordú dá réir sin.


3. Moladh don Choiste le gairid gur cheart leasú bunúsach a dhéanamh ar an mBuan-Ordú ionas nach bhféadfadh moltóir na tairisceana, nó é féin agus a chuiditheoir i gcás inar cuma leis féin faoi cheart foirmiúil a bheith aige chun freagra a thabhairt, ná nach bhféadfadh comhaltaí eile, cion míchuíosach den am a chaitheamh leis an díospóireacht. Is é tuairim an Choiste gur cheart foráil a bheith sna rialacha díospóireachta a bhaineann le tairiscintí ó chomhaltaí príobháideacha chun mí-úsáid den chineál sin a chosc, agus ceapann sé gur chóir, i gcásanna inar cuí teorainn ama a chur le cineál áirithe díospóireachta, go mbainfeadh teorainn ama le hóráidí na gcomhaltaí a ghlacfadh páirt inti.


4. I gcás tairisceana ó chomhalta príobháideach lena mbaineann an teorainn ama faoin mBuan-Ordú, measann an Coiste gur leor tréimhse daichead nóiméad ar a mhéad le haghaidh na hóráide tosaigh agus tréimhse tríocha nóiméad ar a mhéad do chainteoirí eile sa díospóireacht, agus gur chóir tréimhse cúig nóiméad déag ar a laghad a lamháil le haghaidh óráide freagartha ag críochnú na díospóireachta.


5. Molann an Coiste don Dáil, dá réir sin, go ndéanfaí fo-alt (2) de Bhuan-Ordú 83 a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:


“(2) I gcás tairisceana lena mbaineann an teorainn ama, ní rachaidh óráid an chomhalta a mholfaidh í thar daichead nóiméad, agus beidh an comhalta a mholfaidh an tairiscint, nó cibé comhalta eile nach mbeidh labhartha cheana aige agus a údaróidh moltóir na tairisceana chuige sin, i dteideal cúig nóiméad déag ar a laghad le haghaidh óráide freagartha; ní rachaidh óráid aon chomhalta eile sa díospóireacht thar tríocha nóiméad.”


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


30 Aibreán, 1959.