Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order relating to time limit to Debate on Private Members' Motions::28 May, 1953::Report

TUARASCAIL

1. Do hiarradh ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí breithniú a dhéanamh féachaint ar mhaith an rud é athrú nó soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha díospóireachta a bhaineas leis an gceart chun freagra a thabhairt ar thairiscint ó Chomhalta Príobháideach ar gnáth teora ama a bheith ag gabháil léi.


2. Faoi Bhuan-Ordú 83 níl thar tréimhse de thrí huaire a chloig ar fad san am a lamháltar le haghaidh na díospóireachta ar thairiscint ó Chomhalta Príobháideach seachas tairiscint a bhaineas le céim ar bith de Bhille. Faoi Bhuan-Ordú 40 tá teideal ag comhalta labhairt an dara huair chun deireadh a chur leis an díospóireacht ar thairiscint a rinne sé féin. Maidir leis sin de, cé nach bhfuil aon cheart foirmiúil ag an tairgtheoir teacht isteach sa díospóireacht ag aon am áirithe chun deireadh a chur léi, déanann an Fear Ceannais iarracht i gcónaí ar chaoi fhreagartha a thabhairt dó. Dob fhéidir, dá réir sin, go mbeadh an tréimhse go léir beagnach a lamháltar le haghaidh na díospóireachta caite le hóráideacha fada i dtosach báire ón tairgtheoir agus ón gcuiditheoir maraon le hóráid chríochnaitheach ón tairgtheoir. Ina choinne sin, dob fhéidir nach mbeadh ar chumas an tairgtheora le linn gnáthdhíospóireachta teacht isteach sa díospóireacht, chun deireadh a chur léi, toisc Comhalta eile a bheith i seilbh na cainte.


3. D’aontaigh an Coiste, dá ndéantaí leasú ar Bhuan-Ordú 83 á fhoráil go foirmiúil go dtabharfaí tréimhse áirithe le haghaidh óráide ón tairgtheoir nó thar a cheann ag críochnú na díospóireachta i gcásanna áirithe, go gcabhródh sin chun deireadh a chur le hábhar míshásaimh maidir le feidhmiú na mBuan-Orduithe sin. Dá bhrí sin, molaid go nglacfadh Dáil Éireann leis an leasú seo a leanas ar na Buan-Orduíthe, eadhon:


An fo-alt seo a leanas a chur le Buan-Ordú 83:


“(2) Má bhíonn an cuiditheoir le tairiscint ó chomhalta príobháideach gan óráid a dhéanamh le linn na díospóireachta ar an tairiscint, lamhálfar tréimhse nach giorra ná ceathrú uair a chloig le haghaidh óráide freagartha ón tairgtheoir nó ó pé duine eile nár labhair cheana agus a bheas údaraithe chuige sin ag an tairghtheoir.”


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


28ú Bealtaine, 1953.