Committee Reports::Report - Newspaper Article in Sporting Press::24 May, 1956::Report

TUARASCÁIL

1. De bhun Orduithe a rinne an Dáil an 8 Márta, 1956, scrúdaigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí an aiste dar teideal “Parliamentary Conduct ?” a bhí in eagrán an 23 Feabhra, 1956, den Sporting Press nuachtán seachtainiúil a fhoilsíos an Greyhound and Sporting Press Ltd., Cluain Meala, Contac Thiobrad Árann.


2. Chinn an Coiste, sa mhéid gur féidir ciall a bhaint as an aiste, gur maslú oitir í ar Theachtaí ag comhlíonadh a ndualgas Parlaiminte dhóibh. Measaid, áfach, gur aiste gan stuaim í nach fiú aird a thabhairt uirthi agus molaid, dá réir sin, neamhshuim a dhéanamh di.


3. I gcoitinne, ba mhaith leis an gCoiste luí ar a dtuairim gur ceart don Teach, de ghnáth, bheith roighin faoi aird a thabhairt ar aistí agus ráitis den tsórt atá i dtrácht, dá mhéid is incháinte iad, nuair is ó fhoinsí gan aon tábhacht speisialta iad, agus nach ceart aon ní a dhéanamh a thabharfadh dhóibh tábhacht ná poiblíocht nach mbaineann leo agus nach dtuillid. Is fearrde go mór dignit an Tí neamhaird a thabhairt ar nithe den tsórt seo.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


24 Bealtaine, 1956.