Committee Reports::Report - Newspaper Article in Sporting Press::24 May, 1956::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16 Meitheamh 1954:—D’ordaíodh: Go gceapfar Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bhéas comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de sheacht gComhaltaí déag eile a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú a dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna nó leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach a mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar sin i dtaobh pribhléidí Comhaltaí.


Gur ochtar a bhéas mar chóram don Choiste (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh).


24 Meitheamh, 1954:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:— Na Teachtaí Bléine, O Beoláin, Seán O Coileáin, O Dubhghaill, O Duinn, Hilliard, O Ceallaigh, O Cinnéide, O Cadhain, Seán O Loingsigh, O Muirgheasa, Mac Meanman, O Briain, O hEaghra, O Máille, O Súilleabháin (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh) agus Pámar.


8 Márta, 1956:—Chuir an Teachta Brioscú in iúl gur foilsíodh príomh-aiste i nuachtán—an Sporting Press dar dháta 23 Feabhra, 1956—ina raibh, faoin mírcheann “Parliamentary Conduct?” ráitis áirithe ag lochtú na n-imeacht i nDáil Éireann, agus dúirt gur sárú pribhléide a bhí ansin.


Chinn an Leas-Cheann Comhairle gur sárú pribhléide a bhí ann prima facie.


D’ordaíodh: Go gcuirfear an aiste dar teideal “Parliamentary Conduct?”, a foilsíodh sa Sporting Press dar dháta 23 Feabhra, 1956, faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí [An Teachta Brioscú].