|
TUARASCÁILCUID I.1. O d’eisigh an Rogha-Choiste a Chéad Tuarascáil,*tá céad is seasca ionstraimí reachtúil, atá ar liosta sna hImeachta, scrúduithe aige. Chinn sé aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar fiche a cúig ionstraim acu sin, a bhfuil sonraí ina dtaobh i gCuid II. 2. I dteannta aird a dhíriú ar ionstraimí sonracha, tá tuairimí tugtha ag an Rogha-Choiste i dtaobh ionstraimí reachtúla i gcoitinne. Tá tuairimí tugtha aige, freisin, i dtaobh aicme áirithe ionstraimí, is é sin, Rialacháin Oglaigh na hÉireann. Tá na tuairimí sin i gCuid III. 3. Sara dtug an Rogha-Choiste tuarascáil, thug sé, do réir a Orduithe Tagartha, deis do gach údarás dhéanta ionstraimí lena mbaineann le pé mínithe a thabhairt dob oiriúnach leis an údarás. Tá na meabhráin a tugadh leagtha amach i bhFo-Scríbhinní I go XVII. Tá an fhianaise bhéil a glacadh maidir le trí cinn de na hionstraimí sin i Miontuairiscí na Fianaise. CUID II.4. Mheas an Rogha-Choiste nár ghá aird speisialta a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (ii), (iii) agus (iv) den Ordú Tagartha. 5. Ar fhoras (i), “go bhforchuireann sé muirear ar ioncam poiblí, etc.”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an ionstraim seo a leanas :— Na Rialacha um na Rialacha Nós Imeachta (Oglaigh na hÉireann), 1954 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 58 de 1955]. Rinneadh na Rialacha sin faoin Acht Cosanta, 1954. Is mar seo a leanas atá fo-alt (1) d’alt 8 den Acht sin :— “Is le toiliú an Aire Airgeadais a déanfar aon rialacháin faoin Acht seo a bhéarfas go díreach nó go neamhdhíreach go mbeidh muirear ar chistí poiblí nó go ndéanfar íocaíocht isteach i gcistí poiblí.” O ritheadh an tAcht Cosanta, 1954, rinneadh Rialacháin Oglaigh na hÉireann (Sibhialtaigh a Thoghairm mar Fhinnéithe), 1954 [I.R. Uimh. 297 de 1954], agus a thoiliú fianaithe orthu ag an Aire Airgeadais do réir fo-ailt (1) d’alt 8 den Acht. Forchuireann na Rialacha a bhfuil aird Sheanad Éireann á díriú orthu anois muirear freisin ach níl toiliú an Aire Airgeadais curtha in iúl. Is é míniú na Roinne (léigh Fo-Scríbhinn I) nach dtagann an ionstraim faoi réir fo-ailt (1) d’alt 8 den Acht ós rud é gur Rialacha agus nach Rialacháin í. Cé nach raibh ceangal reachta uirthi sin a dhéanamh, deir an Roinn gur hiarradh agus go bhfuarthas toiliú an Aire Airgeadais roimh ré leis na Rialacha a dhéanamh. Tá aird speisialta Sheanad Éireann á díriú ar an ionstraim mar nach bhfuil Rialacha Nós Imeachta faoi réir an ghnáth-cheangail a leagtar síos le reacht d’ionstraimí a fhorchuireas muirear díreach ar ioncam, is é sin, go bhfaighfear toiliú an Aire Airgeadais roimh ré. 6. Ar fhoras (v), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á díriú ar na seacht n-ionstraimí déag seo a leanas :— Na hOrduithe um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchóimeád) 1955. Uimha. 210 go 219. Rinneadh na hOrduithe : 27 Iúil, 1955 ; Leagadh iad : 2 Meán Fómhair, 1955. Tá comhfhreagras maidir leis na deich nOrduithe sin i bhFo-Scríbhinn II. An tOrdú fán Ordú um Im Allmhuirithe (Praghsanna Mór-Reaca Uasta), 1954 (Cúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 25 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : 17 Feabhra, 1955 ; Leagadh é : 28 Feabhra, 1955. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn III. Rialacháin na gCoistí Comhairlitheacha Sláinte (Baile Atha Cliath, Corcaigh agus Portláirge) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 31 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : l Márta, 1955 ; Leagadh é : 10 Márta, 1955. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn IV. Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Dlithe a Leathnú), 1955 [I.R. Uimh. 181 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : 9 Meán Fómhair, 1955 ; Leagadh é : 22 Meán Fómhair, 1955. Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1955 [I.R. Uimh. 210 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : 30 Meán Fómhair, 1955 ; Leagadh é : 18 Deireadh Fómhair, 1955. Barántas Leasuithe an Bheart-Phoist Choigríche (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 221 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : 10 Samhain, 1955 ; Leagadh é : 23 Samhain, 1955. Tá mínithe na Ranna lena mbaineann i gcás na dtrí n-ionstraimí sin thuas i bhFo-Scríbhinní V, VI agus VII. Bhéarfar faoi deara gur chuid den chúis leis an moill a bhain lena leagadh i ngach cás acu gur ghá na hionstraimí a bheith arna síniú ag beirt Airí. B’ábhar cúraim ag an Rogha-Choiste an cheist sin faoi ghné eile, is é sin, Dátaí Ionstraimí, a bhfuil barúla faoi i mír 13 de Chuid III den Tuarascáil seo. Is deimhin leis anois go gcuirfidh na bearta atá ceaptha ag an Roinn Airgeadais maidir le dátaí ionstraimí deireadh le moill mí-chuí a bheith ag gabháil le ionstraimí a leagadh in aon chás ar gá síniú níos mó ná Aire amháin. Rialacháin an Gharda Shíochána (Ardú Céime) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 185 de 1955.] Rinneadh an tOrdú : 23 Meán Fómhair, 1955 ; Leagadh é : 13 Deireadh Fómhair, 1955. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn VIII. Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Lá Toghcháin, 1955), 1955 [I.R. Uimh. 153 de 1955]. Rinneadh an tOrdú : 3 Lúnasa, 1955 ; Leagadh é : 13 Lúnasa, 1955. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn IX. 7. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart, ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á díriú ar na hocht n-ionstraimí seo a leanas :— An tOrdú Plúir agus Mine Cruithneachtan, 1955 [I.R. Uimh. 104 de 1955]. Na Rialacháin Telex, 1955 [I.R. Uimh. 229 de 1955]. I leith leis an Ordú Cruithneachtan, 1954 (I.R. Uimh. 148 de 1954),* dúirt an Rogha-Choiste go mba é a thuairim, mar gheall ar na cumhachta forleathana a deonadh do chigirí, lena n-áirítear ceart chun dul isteach in áitribh agus ceart chun eolas áirithe d’éileamh, go mba cheart foráil shain-ordaitheach a bheith san ionstraim á cheangal ar chigirí doiciméid d’iompar, nó a thaispeáint má hiarrtar sin orthu, á chur in iúl gur daoine cuí-cheaptha iad. Gheall an Roinn lena mbaineann an méid sin a chur in iúl don Ard-Aighne i leith leis an Ordú Cruithneachtan, 1955, a dhréachtú. Is maith leis an Rogha-Choiste go bhfuil an fhoráil seo a leanas curtha san Ordú Cruithneachtan, 1955 (I.R. Uimh. 137 de 1955), i leith leis an bpointe sin :— “30. Bhéarfaidh an tAire do chigire deimhniú i dtaobh a cheaptha agus, nuair a bheas aon chumhacht dá dtugtar leis an Ordú seo á feidhmiú aige, bhéarfaidh sé an deimhniú sin ar aird d’aon duine a mbaineann sé leis, má iarrann an duine sin air é.” Thug an Rogha-Choiste faoi deara go bhfuil forála roinnt cosúil leo sin sa dá ionstraim thuas a bhfuil aird Sheanad Éireann á díriú orthu anois, ag tabhairt chumhacht, ar a n-áirítear ceart chun dul isteach in áitribh, d’oifigigh nó do sheirbhísigh Aire gan aon fhoráil shonrach a chur sna hionstraimí á cheangal ar dhaoine den tsórt sin doiciméid aitheantais a bheith ar iompar acu le taispeáint nuair a hiarrfaí sin orthu. Dá réir sin rinneadh aird na Ranna lena mbaineann a dhíriú ar an ní sin (léigh Fo-Scríbhinn X). Maidir leis an Ordú Plúir agus Mine Cruithneachtan, 1955, deir an Roinn go bhfuil tuairimí an Rogha-Choiste ar eolas acu agus go mbeartaíonn an Roinn aird an Aird-Aighne a dhíriú ar an ní sin má bhíonn agus nuair a bheas Ordú Plúir agus Mine Cruithneachtan eile á dhréachtú. Maidir leis na Rialacháin Telex, 1955, chuir an Roinn in iúl go bhfuil córas ginearálta aitheantais nó pas-chártaí i bhfeidhm a bheir taispeánadh údarás a bheith ag daoine chun bheith ag obair ar uirlísí telefóin agus telegrafa, etc., agus go ndéanfaidh sí breithniú i dtaobh tagairt shonrach don chóras sin a chur sna chéad rialacháin iomchuí eile i leith seirbhísí tele-chumarsáide nuair a beifear á n-ullmhú. An tOrdú um an Aire Sláinte (Gníomhaireacht), 1955 [I.R. Uimh. 152 de 1955]. Rialacháin an Gharda Shíochána (Ardú Céime) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 185 de 1955]. Is é Rúnaí an Rialtais a shínigh gach Ordú de na hOrduithe sin thuas, ach níor luadh go raibh údarás ag an oifigeach séala an Rialtais d’fhíordheimhniú. Bhéarfar faoi deara (léigh Fo-Scríbhinn XI) gur chuir an tArd-Aighne in iúl gur inmhianuithe údarás a thaispeáint ar aghaidh an doiciméid i gcásanna den tsórt sin amach anseo agus go bhfuil socruithe á ndéanamh dá réir sin. Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas), 1955 [I.R. Uimh. 217 de 1955.] Is é an teideal céanna díreach atá ar an ionstraim sin atá ar ionstraim a rinneadh níos luaithe sa bhliain. Aontaíonn Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe (léigh Fo-Scríbhinn XII) le tuairim an Rogha-Choiste gur ceart teideal suaithnidh a bheith ar gach ionstraim reachtúil. Deir an Chomhairle freisin nár cuimhníodh ar na teidil a bheith comhionann nuair a rinneadh an dara ionstraim, ach go dtabharfar aird ar an bpointe sin má bhíonn ann arís. An tOrdú Dleacht Chustam (Fionraí Ilghnéitheach), 1955 [I.R. Uimh. 54 de 1955]. Shín an tOrdú sin, go ceann bliana go dtí 31 Márta, 1956, tréimhse feidhme na bhforál atá in Orduithe Cumhachta Práinne áirithe chun dleachta custam ar earraí áirithe d’fhionraí. Chuir an Rogha-Choiste ceist ar an Roinn lena mbaineann i dtaobh leagan focal an ailt leasaithigh iomchuí den Ordú sin. Is mar seo don alt sin :— “Leasaítear leis seo Airteagal 2 de gach Ordú acu seo a leanas (teideal na dtrí Orduithe ansin) trí ‘ an 31 ú lá de Mhárta, 1956 ’ a chur in ionad ‘ an 31ú lá de Mhárta, 1955 ’.” Leagadh síos in Airteagal 2 de gach ceann de na trí Orduithe atá i gceist “tréimhse cheaptha” a mbeadh feidhm ag an Ordú ar a feadh, agus baineann na dátaí sin le tréimhsí chomh fada siar le 1943, agus níl na focail “31ú lá de Mhárta, 1956” in Airteagal 2 d’aon cheann de na trí Orduithe. Dúirt an Roinn ina freagra ar an bpointe sin (léigh Fo-Scríbhinn XIII) go ndearnadh Airteagal 2 de na hOrduithe a leathnú le hOrduithe leasaitheacha iardain. Níor cuireadh an méid sin in iúl san Ordú Dleacht Chustam (Fionraí Ilghnéitheach), 1955. Chuir an Roinn in iúl gurb é a tuairim nach ndéanann sé difir ar bith do bhailíocht an Orduithe sin thuas gan tagairt a bheith ann d’Orduithe roimhe a leasaigh é. Deir sí, ámh, go gcuirfidh sí dlús go ndéanfar do réir tuairime an Rogha-Choiste faoin ní sin má bhíonn gá le aon Orduithe Dleacht Custam (Fionraí Ilghnéitheach) eile a dhéanamh. An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 271 de 1955]. An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1956 [I.R. Uimh. 15 de 1956]. Mhol an Rogha-Choiste cheana féin*gur cheart gearr-ráiteas comhlíonaidh a bheith in ionstraimí a mbíonn sna reachta a thugas cumhacht iad a dhéanamh ceanglais nach mór a chomhlíonadh sara ndéantar na hionstraimí. B’éigin don Rogha-Choiste an pointe sin a phlé leis an Roinn Dlí agus Cirt i leith an dá Ordú sin thuas. (léigh Fo-Scríbhinn XIV (i) go (iv) de Mhiontuairiscí na Fianaise). Is maith leis an Rogha-Choiste go bhfuil aird an Dreachtóra Pharlaiminte dírithe ar an ábhar, agus go ndeir sé go ndéanfaidh sé le fonn, ó mhodh ar thuairimí an Rogha-Choiste, ráiteas sa chéill sin a chur feasta in Ionstraimí dá shórt, cé gurb é a thuairim i gcónaí nach gá é. CUID III.8. Meabhráin Mhínithe. De dhroim an bhreithnithe a rinne sé ar ionstraimí reachtúla tháinig an Rogha-Choiste ar an tuairim go bhféadfaí meabhráin mhínithe a chur le hionstraimí reachtúla ionas go dtuigfeadh an pobal go soiléir bríthin ghinearálta gach ionstraime. Fuair an Rogha-Choiste amach i gcás go leor ionstraimí gur cúrsaí riaracháin fhíorchasta dob ábhar dóibh nó go ndearnadh tagairtí do reachtaíocht eile ina leith agus mheas an Rogha-Choiste go mba mhaith an rud é cineál meabhráin mhínithe éigin i gcás na n-ionstraimí sin ar aon chuma mar chabhair do dhaoine lena n-éifeacht a dhéanamh amach go réasúnta cruinn. Is é a bhí ar intinn ag an Rogha-Choiste go mbeadh an meabhrán ar aghaidh nó ag bun na hionstraime agus ráiteas soiléir ina theannta á rá nár chuid den ionstraim é agus nach raibh brí ná éifeacht dlí leis. Ba dealraitheach dá réir gur deacrachtaí riaracháin bunáite aon deacrachtaí ar dhóigh dhóibh éirí maidir leis an socrú sin a chur i gcionn, agus cinneadh dá bhrí sin dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus, tríd an Roinn sin, leis an Ard-Aighne i dtaobh a mb’fhéidir an socrú sin a chur i gcionn ar fud na Ranna go léir. Tá litir an Rogha-Choiste chun na Roinne Airgeadais maraon le freagra na Roinne sin i bhFo-Scríbhinn XV. Bhéarfar faoi deara go n-aontaíonn an tAire Airgeadais, tar éis an ní sin a bhreithniú go hiomlán agus a dhul i gcomhairle leis an Ard-Aighne ina thaobh, leis an Rogha-Choiste go mba mhaith an rud é nóta mínithe d’fhoilsiú i dteannta ionstraimí reachtúla, agus go bhfuil na horduithe is gá chuige sin á gcur go dtí na Ranna éagsúla chun an socrú sin a chur i bhfeidhm. Is feasach an Rogha-Choiste gur cuireadh amach na horduithe iomchuí ó shoin. 9. Udarás Reachtúil a Lua. Tá moltaí áirithe déanta ag an Rogha-Choiste cheana féin*i dtaobh an údaráis faoina ndéantar gach ionstraim a lua go cruinn. Mhol sé go háirithe scor den abairt “gach cumhachta agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar mo chumas” d’úsáid ar an bhforas gur féidir léi an lua d’fhágaint gan mhaith mar shlí chun a fháil amach cad iad na cumhachta faoina ndearnadh ionstraim. Ó d’fhoilsigh an Rogha-Choiste a Chéad Tuarascáil chuaigh sé chun comhfhreagrais le roinnt Ranna i dtaobh na habairte seo a bheith á húsáid i gcónaí (léigh Fo-Scríbhinn XVI). Cuireadh in iúl don Rogha-Choiste sa chomhfhreagras leis an Roinn Tionscail agus Tráchtála gur fada á húsáid an abairt sin de ghrá cúraim le go mba slánú é dá bhfágtaí cumhachta sonracha gan lua. Cuireadh in iúl, ámh, go dtabharfaidh an Dréachtóir Parlaiminte aird chuí feasta ar mholadh an Rogha-Choiste maidir leis an ní sin, agus, cé go mbeadh cásanna ann a gcaithfí an abairt a lua, go luafaí go cruinn an cumhachta cumasuithe i ngach cás feasta. Is maith leis an Rogha-Choiste go ndéanfar amhlaidh mar measann sé go mba mhór an chabhair é, nuair a beifí ag scrúdú ionstraimí reachtúla, do dhaoine lena mbainfeadh na hionstraimí agus don Rogha-Choiste i mbun a fheidhmeanna dhó. 10. Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ó foilsíodh a Chéad Tuarascáil, scrúdaigh an Rogha-Choiste roinnt rialachán a rinne an tAire Cosanta de bhun an Achta Chosanta, 1954. Le linn a scrúduithe, thug sé faoi deara (1) nach raibh na rialacháin sin ar áireamh sa tsreath oifigiúil d’Ionstraimí Reachtúla, ach go bhfuilid roinnte ina n-aicmí éagsúla, a bhfuil uimhir agus litir shuaithnidh le gach ceann acu; (2) mar gheall ar an iomad leasuithe ar ionstraimí áirithe, go mba dealraitheach gur inmhianuithe comhadú a dhéanamh; (3) nár cuireadh ar díol iad, lena gceannach ag an bpobal, in Oifig an tSoláthair; (4) nach bhfuil na luaití cruinn; (5) nach raibh dáta le toiliú Aire nuair ba ghá an toiliú sin; (6) nach raibh sceidil agus fo-scríbhinní fianaithe mar mhol an Rogha-Choiste ina Chéad Tuarascáil. Hiarradh a tuairimí faoi na sé pointí ar an Roinn agus tá a freagra i bhFo-Scríbhinn XVII. Tugann an Rogha-Choiste faoi deara (1) gur amhlaidh do na rialacháin sin, nach bhféadfaí, le tairbhe, iad a chur ar áireamh sa tsreath oifigiúil d’ionstraimí reachtúla ; (2) go bhfuil comhadú na n-ionstraimí ar siúl agus gurb é atá beartaithe Rialacháin Oglaigh na hÉireann go léir d’eagrú faoi mhírchinn oiriúnacha agus a chur amach ina n-imleabhar nó ina n-imleabhair ; (3) gur cuireadh na rialacháin ar díol, i dtús aimsire, in Oifig an tSoláthair; ach gur tarraingíodh siar ón Oifig sin iad i 1926 de ghrá tíobhais agus go ndearnadh socruithe san am go mbeadh cóipeanna a bheadh ag teastáil ón bpobal le fáil le ceannach ón Roinn Cosanta ; (4) gurb é tuairim na Roinne nach féidir, ar chúiseanna a bhaineas do na rialacháin sin amháin agus atá leagtha amach in alt 4 den mheabhrán, an lua ina leith a bheith cruinn ; (5) go dtaispeánfar feasta dáta sínithe Aire a thoileos agus (6) go bhfianófar i gceart feasta sceidil agus fo-scríbhinní. On eolas atá ag an Rogha-Choiste measann sé go dtiocfaidh de na bearta atá an Roinn a dhéanamh anois go mbeidh na rialacháin chomh mór ar aon-réim le gnáth-ionstraimí reachtúla agus is féidir sna cúinsí atá ann. Beidh an Rogha-Choiste ag súil leis na hionstraimí comhadaithe a theacht amach i bhfoirm imleabhar i dtráth chuí. 11. Dátaí Ionstraimí. Tá sé ráite cheana féin*ag an Rogha-Choiste gurb é dáta ionstraime, nuair a bhíos baint ag beirt Aire nó níos mó le síniú na hionstraime, dáta an tsínithe deiridh chomh fada is bhaineas le am. Daingníodh an tuairim sin aige ó fhianaise sa chéill sin a thug an Comhairleoir Dlí don Roinn Rialtais Aitiúil os a chomhair. (Ceisteanna 10 go 15 de Mhiontuairiscí na Fianaise ; an Chéad Tuarascáil). Tháinig an pointe i gceist arís maidir leis an Ordú um Páigh an Gharda Shíochána, 1955 (I.R. Uimh. 272 de 1955), a shínigh an tAire Dlí agus Cirt an 9 Nollaig, 1955, agus a chontrashínigh an tAire Airgeadais 11 Eanair, 1956. Tar éis comhfhreagrais leis an Roinn Dlí agus Cirt (léigh Fo-Scríbhinn XIV (i) go (iv)) agus fianaise (léigh Miontuairiscí na Fianaise) a ghlacadh ó ionadaí don Roinn sin, cuireadh in iúl don Rogha-Choiste gur chomhairligh an tArd-Aighne go mba é dáta déanta an orduithe an 9 Nollaig, 1955, is é sin, dáta an chéad-tsínithe. Mar gheall ar gur dealraitheach dhá thuairim a bheith ann i dtaobh dáta déanta ionstraimí ar gá níos mó ná síniú amháin a bheith leo agus go mbeidh sin i gceist ó am go ham sna Ranna uile, ba é tuairim an Rogha-Choiste go mba cheart dlús a chur go leanfaí comhghnás. Cinneadh an ní a chur faoi bhráid na Roinne Airgeadais agus na deacrachtaí a bhaineas leis a lua. Dúirt an Roinn sin mar fhreagra go mba mhaith leis an Aire Airgeadais na deacrachtaí sin a mhúchadh agus gur chinn sé gur comh-dháta sínithe (léigh Fo-Scríbhinn XIV (v) go (vi)) ba cheart a chur feasta ar na hionstraimí iomchuí. Dúirt sí, freisin, gur cuireadh cearcalán sa chéill sin go dtí na Ranna iomaí. 12. M oill maidir le leagadh. D’ainneoin an mholta i Mír 13 dá Chéad Tuarascáil maidir leis an tréimhse ar laistigh di a leagfaí Ionstraimí faoi bhráid an Tí, is tromaí leis an Rogha-Choiste a thabhairt faoi deara go bhfuil air aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú arìs ar a thuairim gur bhain moill neamhchóir le seacht nIonstraimí déag a leagadh. Bheir sé faoi deara, ámh, go bhfuil gealltanas tugtha i mbunáite na bhfreagraí ó na Ranna iomaí go bhfuil dlús curtha go ndéanfar feasta mar is mian leis an Rogha-Choiste. Is deimhin leis nach mbeidh gá arís, ach go rí-annamh, aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar mhoill neamhchóir a bheith ag baint le leagadh ionstraimí. (Sínithe) GEORGE O’BRIEN, Cathaoirleach. 21 Samhain, 1956. * P.R. 3001 Tíolacadh 11 Bealtaine, 1955. * An Chéad Tuarascáil (P.R. 3001) ; mír 7, leathanach 12. * An Chéad Tuarascáil (P.R. 3001) ; mír 8. * An Chéad Tuarascáil (P.R. 3001) ; mír 9. * An Chéad Tuarascáil (P.R. 3001) ; mír 12. |
||||||||||||